Úrscéal stairiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is úrscéal stairiúil ann ná úrscéal a bhfuil a imeachtaí suite i dtréimhse áirithe staire, agus an scríbhneoir ag iarraidh saol agus meon na tréimhse sin a athchruthú ar leathanaigh an leabhair. Is féidir don úrscéal stairiúil fíorcharachtair na tréimhse seo a lua nó carachtair fhicseanúla a chur ag caidreamh le fíorcharachtair na tréimhse.

Cúlra[athraigh | edit source]

Walter Scott, athair an úrscéil stairiúil

Walter Scott[athraigh | edit source]

Is minic a deirtear gurbh é Walter Scott a chuir tús leis an seánra seo, ach scríobhadh leabhair ar féidir úrscéalta stairiúla a thabhairt orthu i gcultúir eile seachas an cultúr Iartharach i bhfad roimh lá Scott. Sampla de seo is ea "Rómáns na dTrí Ríochtaí", le Luo Guanzhong, a bhreac síos an scéal sa cheathrú haois déag. Áirítear an "Rómáns" seo ar ceann de "Cheithre Úrscéalta Clasaiceacha na Síne".

Cé nárbh é Scott a chéadcheap an t-úrscéal stairiúil, is léir gur chuir sé an-chor i bhforbairt an tseánra. Dúirt an léirmheastóir Georg Lukács gurbh é Scott an chéad duine a thuig nach maisíocht amháin a bhí i gceist leis an suíomh stairiúil, ach gur chóir don scríbhneoir taighde agus aithris a dhéanamh ar atmaisféar iomlán na tréimhse.

Ba é Waverley, or 'tis Sixty Years Since (1814) an chéad úrscéal sa stíl seo a tháinig i gcló ó Scott, agus d'éirigh sé coitianta Waverley novels a thabhairt ar a chuid úrscéalta stairiúla. I saothair ar nós WaverleyRob Roy roghnaigh Scott lárcharachtar a tháinig go nádúrtha i dteagmháil le daoine ó aicmí agus grúpaí sóisialta éagsúla, rud a chuir ar chumas an scríbhneora cur síos cuimsitheach a thabhairt ar atmaisféar na tréimhse. Nuair a d'fhoilsigh sé Ivanhoe, chuir na daoine suim nua i stair na Meánaoise faoi thionchar an úrscéil.

Úrscéal Stairiúil i dTíortha Éagsúla[athraigh | edit source]

Война и миръ Leathanach ón chéad eagrán (1869)

Tháinig scríbhneoirí eile sna sálaí ag Scott. Scríobh Aleksandr Pushkin, file náisiúnta na Rúise, a úrscéal stairiúil féin, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), mar iarracht mheabhrach aithris a dhéanamh ar stíl úrscéalaíochta Scott, ach ansin d'éirigh le Lev Tolstoy máistreacht an tseánra a bhaint amach leis an mórúrscéal eipiceach Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh agus Síocháin").

San Fhionlainn, bhreac Zachris Topelius síos Fältskärns berättelser ("Scéalta an Mháinlia Airm"), úrscéal i bhfoirm sraithe a thug cur síos ar chora cinniúna mhuintir Bertelsköld in imeachtaí staire na Sualainne thar na glúnta. As Sualainnis a scríobh Topelius an t-úrscéal, ach bhí an-bhaint ag na scéalta leis an bhFionlainn. San fhichiú haois, bhain Fionlannach eile, Mika Waltari, amach clú domhanda lena chuid úrscéalta faoin Éigipteach Sinuhe (Sinuhe egyptiläinen - "Sinuhe, an tÉigipteach"), faoi fhear óg ón bhFionlainn sa Mheánaois agus é ag taisteal ar fud ríochtaí móra na linne (Mikael Karvajalka agus Mikael Hakim), faoi thús na Críostaíochta sa tsean-Róimh (Valtakunnan salaisuus - "Rún na Ríochta" - agus Ihmiskunnan viholliset - "Naimhde an Chine Dhaonna"), faoi theagmháil na Críostaíochta agus an Ioslaim (Johannes Angelos) agus faoi na hÉatrúscaigh (Turms kuolematon - "Turms Neamhbhásmhar").

Sa Pholainn, ba é Henryk Sienkiewicz máistir an tseánra, nó bhain sé amach Duais Nobel sa litríocht leis an úrscéal Quo Vadis, a chaitheann súil ar chruachás na gCríostaithe i ré na ngéarleanúintí sa tsean-Róimh.

San Iodáil, glactar leis gurbh é I Promessi Sposi, úrscéal stairiúil le hAlessandro Manzoni, a chuir tús leis an úrscéalaíocht nua-aimseartha ar fad sa tír sin.

Úrscéal stairiúil i nGaeilge[athraigh | edit source]

"Niamh" leis an Athair Peadar[athraigh | edit source]

An tAthair Peadar Ua Laoghaire, a chuir bun le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge

Glactar leis gurbh é Niamh leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal stairiúil sa teanga. Bhí an leabhar ina chnámh spairne idir an Athair Peadar agus Conradh na Gaeilge, nó nuair a d'fhéach sé le bloghanna as an úrscéal nó sceitsí a raibh baint acu leis an úrscéal a fhoilsiú ar An Claidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge, ní raibh sé sásta leis an sceanairt a rinne na heagarthóirí ar a chuid scríbhinní. Sa deireadh chuaigh sé i muinín The Irish Book Company leis an úrscéal a fhoilsiú. Bhí Norma Borthwick agus Maighréad Ní Raghallaigh, bunaitheoirí an tí foilsitheoireachta seo, fonnmhar chun Niamh a chur i gcló ar choinníollacha an scríbhneora, agus sa deireadh tháinig an t-úrscéal i bprionta sa bhliain 1907.

Is é is ábhar don úrscéal ná cath Chluain Tairbh agus tréimhse na hargana agus na foghla a bhíodh na Lochlannaigh ag déanamh ar Éirinn. Tharraing an tAthair Peadar ar Chogadh Gaedhel re Gallaibh agus ar an aistriúchán Béarla a rinne George Webbe Dasent ar Njáls Saga le haghaidh an chúlra stairiúil, ach mar a d'iompaigh an scéal amach, cé go ndearna an tAthair Peadar a dhicheall leis an stair seo a insint i "gcaint na ndaoine", ní raibh sé in ann é féin a shaoradh ó bhráca na bhfoinsí, agus chuaigh an t-úrscéal chun leadráin. Ag tabhairt óráidí tura teagascúla uathu a bhíonn na carachtair, agus níor éirigh leis an scríbhneoir carachtair bheo bhíogúla a chruthú ná a bhforbairt a léiriú.

"Cormac Ua Conaill" leis an Duinníneach[athraigh | edit source]

Ba é an tAthair Pádraig Ua Duinnín, fear eagair an fhoclóra, a scríobh Cormac Ua Conaill, úrscéal gairid stairiúil agus é suite in Éirinn faoi dheireadh na séú haoise déag. Ach oiread leis an Athair Peadar ní chuireann an Duinníneach an bhéim is cuí ar charachtracht na laochra, agus is cuma nó vaits leis faoi chuspóirí na naimhde, Laochra gan on gan cháim iad na laochra, agus bithiúnaigh chruthanta gan mhaith iad lucht leanúna na Banríona. Téann an scríbhneoir i muinín comhtharlúintí agus deus ex machina le haghaidh plotála is nach bhfágann sé craiceann inchreidte ar bith ar an scéal. Ní raibh teanga an Duinnínigh chomh líofa foirfe leis an gcanúint Mhuimhneach lenar tógadh an tAthair Peadar, nó cé nach raibh caill ar a stór focal, níor thuig sé chomh tábhachtach is a bhí an chomhréir, is é sin, dul ceart nádúrtha na bhfocal.

"Brian Óg" le Sean-Phádraig Ó Conaire[athraigh | edit source]

Bhain Sean-Phádraig Ó Conaire triail as an seánra seo freisin, nó d'fhoilsigh sé an sraithscéal úd Brian Óg sna blianta 1922-1923, agus tháinig an scéal i bprionta faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1926. Úrscéal beag eachtránaíochta atá ann, agus is é Brian Óg ainm an laoich: fear óg cróga agus é chomh maith ag beartú an chlaímh ar son na hÉireann agus ag tógáil léinn i gColáiste na nGael i Liospóin. Scéal sceitimíniúil luathghluaiste é Brian Óg, ach is é an breithiúnas a thug Breandán Delap air ina leabhar faoi úrscéalta stairiúla na Gaeilge go bhfuil aithne na drochphlotála ar an leabhar seo freisin, agus na himeachtaí is na comhtharlúintí ag fabhrú don laoch go héadóchúil in áiteanna.

"Buaidh na Treise" le Mícheál Ó Gríobhtha[athraigh | edit source]

Is deacair a rá an úrscéal stairiúil i gciall chúng an téarma é an t-úrscéal seo a tháinig i gcló sa bhliain 1928. Tá na himeachtaí suite i dtréimhse anallód nach furasta a shocrú in aon áit ar leith ar amlíne na staire. Is féidir gurbh iad na 1830idí nó na 1840idí atá i gceist. Go bunúsach, coimhlint idir beirt deartháracha atá ann, fear atá ina thiarna talún agus é ag seasamh do na Gaill, an duine eile ina thionónta, agus é ag seasamh do na Gaeil. Is é an breithiúnas a thugann Delap ar an leabhar[1] go gcuireann na "babhtaí iomrascála" leadrán ar an léitheoir, agus go bhfuil críoch an scéil dochreidte. Deir Alan Titley gur úrscéal siombalach é ach go bhfuil an siombalachas sin róshoiléir.[2]

Deir Delap fosta go raibh an Gúm ag iarraidh san am ábhar léitheoireachta Gaeilge a sholáthar faoi dheifir agus go ndeachaigh a lán cainteoirí dúchais i mbun pinn nach raibh mórán céille acu do cheird an scríbhneora. Ba toradh nádúrtha don driopás seo Buaidh na Treise.[3]

"Eoghan Ruadh Ó Néill" le Seosamh Mac Grianna[athraigh | edit source]

Áirítear leabhair inbhreathnaitheacha Sheosaimh Mhic Grianna ar chlasaicigh nua-aimseartha na Gaeilge, ach ní bhíonn an meas céanna ag na léitheoirí ná ag na léirmheastóirí ar a úrscéal stairiúil Eoghan Ruadh Ó Néill. Iarracht cheannródaíoch a bhí ann spléachadh liteartha a thabhairt do shaol Eoghain Rua, ach mar a éiríonn do na ceannródaithe uaireanta, theip ar Sheosamh go dona. Rinne an scríbhneoir taighde agus staidéar cuimsitheach ar imeachtaí agus ar chultúr na linne a bhí faoi chaibidil aige, ach ní raibh sé in ann litríocht chruthaitheach a fháscadh as an mianach seo. A mhalair ar fad fuair an t-amhábhar an ceann is fearr air. Mar sin, is éard atá sa leabhar ná "athinsint lom ar fhíricí na staire".[4]

Tháinig an leabhar i gcló an chéad uair sa bhliain 1932. Dealraíonn sé go ndearna an Gúm cinsireacht ar an leabhar, nó ar a laghad bhí Seosamh ag gearán ina dhiaidh sin nach raibh an Gúm sásta tiomnú an úrscéil a chlóchur mar a bhí sé scríofa aige.

"Bun an Dá Abhann" le Seán Ó Ciarghusa[athraigh | edit source]

Is éard atá in Bun an Dá Abhann ná úrscéal pobail agus é suite i dtréimhse stairiúil - mar a deir Delap, tá an leabhar cosúil le Peig, ach amháin gur Peig le plota úrscéil é.[5] Cinnte déanann an leabhar trácht ar Chogadh na Talún, díreach cosúil le Peig féin. Chuir Titley an t-úrscéal seo i gcomparáid le Knocknagow le Charles J. Kickham.[6]

Is ionann laige Pheig agus laige Bhun an Dá Abhann, is é sin, bíonn an scríbhneoir ag déanamh an iomarca plé ar chúrsaí feirmeoireachta agus curadóireachta agus fiú ag cíoradh chúrsaí grá na ndaoine óga nuair nach ndéanann sé ach moilliú ar imeachtaí an phríomhphlota.[7] Ón taobh eile de, tá súil ghéar ag an údar ar struchtúr sóisialta an tsráidbhaile agus é in ann anailis chiallmhar a dhéanamh ar bhaint na n-aicmí éagsúla leis an scéal.[8]

"Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire" le Seán Ó Ruadháin[athraigh | edit source]

Úrscéal pobail eile a bhfuil beagáinín staire measctha tríd é Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire le Seán Ó Ruadháin. Aistritheoir cumasach a bhí sa Ruadhánach a chuir Gaeilge ar David Copperfield le Charles Dickens agus ar chúpla clasaiceach Béarla eile. Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo a bhí ó dhúchas ag an scríbhneoir seo. Tá imeachtaí an scéil suite in Iorras, Maigh Eo.

Tugann an t-úrscéal léargas cuimsitheach ar imeachtaí na staire ó Chogadh na Talún go Cogadh na Saoirse, agus is léir gur bhain an t-údar an-leas as an eolas a bhí aige ar stair an cheantair, go háirithe ar an dóigh ar tháinig cúrsaí polaitíochta agus náisiúnachais isteach agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais. I ndiaidh an iomláin, áfach, níl sna mionsonraí staire ach cúlra don scéal agus don phlota.

Foilsíodh Pádhraic Mháire Bhán an chéad uair sa bhliain 1932. Chuir an Gúm eagrán nua ar fáil sa bhliain 1994.

"Iolar agus Sionnach" le Seán Mac Maoláin[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1938 tháinig an t-úrscéal stairiúil Iolar agus Sionnach ó pheann Sheáin Mhic Mhaoláin. Ba de shliocht cainteoirí dúchais ó Ghleannta Aontroma an scríbhneoir, ach ba le Béarla a tógadh é, cé gur éirigh leis Gaeilge Uladh a fhoghlaim go paiteanta - le fírinne rinne sé staidéar ar an gcanúint in Ó Méith, agus bhí blas chanúintí Oirthear Uladh ar a chuid Gaeilge. Rinne sé cion fir ag cur na teanga chun cinn in eagraíochtaí Gaeilge, ina mhúinteoir agus ina eagarthóir liteartha. Ba é Iolar agus Sionnach an t-aon úrscéal staire a scríobh sé, agus is dócha go bhfuair sé inspioráid ó na haistriúcháin a rinne sé, nó nuair a chuaigh sé i mbun pinn bhí Scéal fá Dhá Chathair le Charles Dickens agus Imeacht an Iolair (The Flight of the Eagle) le Standish O'Grady[9].

Theastaigh ón nGúm go bhfoghlaimeodh na scríbhneoirí scileanna a gceirde ag aistriú leabhar ó Bhéarla go Gaeilge, ach is é tuairim Delap ná gur fhoghlaim Mac Maoláin drochnósanna scríbhneoireachta ó na saothair ar chuir sé Gaeilge orthu, cé gur éirigh leis cuid de laigí suntasacha shaothar an Ghrádaigh a sheachaint ina úrscéal féin[10]. Cuireann rómánsúlacht sheanaimseartha na stíle isteach ar léitheoir an lae inniu, chomh maith leis an seoibhineachas fireann i leith na mban agus an fíor-Chaitliceachas ba dual don tréimhse, ach tríd is tríd is iad laigí an leabhair laigí na linne[11], agus is féidir a lán a mholadh sa leabhar freisin, go háirithe stíl nádúrtha sholéite an scríbhneora, plota simplí sothuigthe an leabhair agus na himeachtaí gasta. Lón léitheoireachta maith a bhí ann do na cainteoirí dúchais féin nuair a foilsíodh é[12], agus é níos cosúla le saothar Scott ná aon leabhar eile a scríobhadh as Gaeilge[13].

Bhí léirmheastóirí eile ní ba bhoirbe ina gcuid focal ag tabhairt breithiúnais ar leabhar seo Mhic Mhaoláin. Tagraíonn Titley do thuairim Mháirtín Uí Chadhain, a bhí barúlach nár chóir Iolar agus Sionnach a léamh ach mar rabhadh faoin dóigh mhícheart le húrscéal a scríobh, agus Titley admhálach gur dheacair gan géilleadh don méid sin, "tamall den chosán" ar a laghad[14]. D'aithin Titley an chosúlacht le saothar Scott freisin, agus é ag tabhairt le fios gur chóra Iolar agus Sionnach a léamh mar úrscéal rómánsach stairiúil, seachas mar úrscéal stairiúil sa chiall chúng[15].

"An Bealach chun an Bhearnais" le Tarlach Ó hUid[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1949 foilsíodh úrscéal stairiúil le Tarlach Ó hUid faoin teideal An Bealach chun an Bhearnais. Is féidir a lán imeachtaí stairiúla a aithint sa leabhar, ach i ndiaidh an iomláin níl iontu den chuid is mó ach cúlra nó maisiú don scéal. Fear gorm é an laoch, sliocht sleachta na nÉireannach a ruaigeadh go dtí Iamáice in aimsir Chromail, agus é ag dréim le filleadh go fód dúchais a shinsear. Iarracht uaillmhianach a bhí ann mar sin, ach níor éirigh le hÓ hUid ach go lagmheasartha, ó bhí an iomarca téamaí agus tarlúintí stairiúla mar amhábhar aige, agus iad á gcur os comhair an léitheora ar bhealach rótheagascach [16]. Scéal eile ar fad áfach go raibh teachtaireacht láidir in aghaidh an chiníochais á reic ag an scríbhneoir, nó theastaigh uaidh, mar Éireannach, a dhlúthpháirtíocht leis an gcine gorm a chur in iúl[17].

"Tairngreacht Mhiseoige" le Séamus "Máire" Ó Grianna[athraigh | edit source]

D'fhoilsigh Séamus "Máire" Ó Grianna an t-úrscéal Tairngreacht Mhiseoige sa bhliain 1958, agus is é an breithiúnas a thug Breandán Delap ar an leabhar gurbh é an ceann ab fhearr de na húrscéalta stairiúla Gaeilge dár tháinig i gcló sna caogaidí. Is é an t-ábhar molta is mó a d'aithin Delap ar an leabhar ná go raibh Máire in ann an mianach stairiúil agus an mianach béaloideasúil - "Tairngreacht Mhiseoige" arbh ionann í go bunúsach agus tairngreacht Choilm Chille - a cheangal dá chéile go sciliúil agus úrscéal iomlán a fháscadh astu.

Ní raibh mórán measa ag Máire riamh ar an tsochaí a d'fhorbair in Éirinn i ndiaidh do na Saorstátairí bua a bhreith i gCogadh na gCarad, agus mar sin ba nós leis carachtair a chruthú lena chuid idéal Poblachtánach a ionchollú agus a phearsanú, agus is féidir a leithéidí sin a aithint sa leabhar seo freisin. Is é Cogadh na Saoirse an eachtra staire atá i gcroílár an úrscéil seo, agus tugann an scríbhneoir le fios nach dtiocfadh sárú ná cómhaith laochra an chogaidh sin chun saoil choíche.

Saothar Eoghain Uí Thuairisc[athraigh | edit source]

Glactar leis go coitianta gurbh é Eoghan Ó Tuairisc máistir an úrscéil stairiúil i litríocht na Gaeilge, nó is clasaicigh inniu iad an dá leabhar sa seánra seo a tháinig óna pheann: L'Attaque a chaitheann súil ar Bhliain na bhFrancach 1798 i Maigh Eo, agus Dé Luain, a chardálann Éirí Amach na Cásca.

"L'Attaque"[athraigh | edit source]

Scríobh Eoghan Ó Tuairisc an t-úrscéal seo i rith cheithre mhí sa bhliain 1961, agus nuair a tháinig an leabhar i gcló, thabhaigh sí clú, ardmholadh agus duaiseanna - Duais an Chlub Leabhar chomh maith le Gradam an Oireachtais - don scríbhneoir. Ón taobh eile de, bhí cúpla léirmheastóir míshásta le gnéithe áirithe de stíl an úrscéil. Chuir siad i leith an scríbhneora nach raibh sé in ann Béarlachas míchuí a sheachaint ná comhrá nádúrtha Gaeilge a scríobh, agus lochtaigh siad róshaibhreas na meafar freisin. Ina dhiaidh sin is uile is beag duine a bhí in ann a shéanadh gur saothar tábhachtach a bhí ann[18]

Chaith Ó Tuairisc tréimhse fhada ag déanamh staidéir ar litríocht mhiotasúil na Gaeilge, agus is féidir tionchar na litríochta sin a aithint ar struchtúr an tsaothair[19]. Cinnte tá atmaisféar an mhiotais ar chuid mhór den leabhar, agus is féidir a rá go bhfágann laochra an úrscéil slán ag an ngnáthshaol le bás a fháil ar son an mhiotais. Cosúil leis na laochra ag Séamus Ó Grianna, caithfidh Máirtín Dubh Caomhánach, príomhcharachtar L'Attaque, rogha a dhéanamh idir an dá Róisín, nó - mar a deirtear i leabhar Uí Thuairisc - idir an dá Shadhbh: a bhean chéile atá díreach ag iompar clainne, agus spéirbhean mhiotasúil na hÉireann[20]. Chuir Ó Tuairisc féin béim ar dhiminsiún miotasúil an úrscéil stairiúil i gcomhfhreagras príobháideach a bhain leis an leabhar[21]. Maidir le tionchar na mórshaothar idirnáisiúnta litríochta ar L'Attaque, bhí Ó Tuairisc go mór faoi dhraíocht ag réalachas an chanbháis leathain i Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh agus Síocháin"), mórúrscéal Leo Tolstoy faoin gcogadh a chuir Napoléon Bonaparte ar an Rúis. Mar a dúirt Titley: Is é bua faoi leith L'Attaque [...] go gcloisimid trup agus trustal na saighdiúirí, go mbraithimid fliuchras na hoíche is an tsléibhe, go scuabtar chun siúil san eachtraíocht sinn, ach go dtugann fileatacht agus macallaí na hinste le fios i gcónaí dúinn go bhfuil níos mó ar siúl ná mar is féidir leis na focail loma a iompar ná a chur in iúl[22]. Is é an cineál seo réalachais a dhéanann saothar éifeachtach de L'Attaque, agus is dócha gurbh ó Tolstoy a d'fhoghlaim Ó Tuairisc é thar aon údar eile.

Cosúil le Tolstoy, ba iarshaighdiúir é Ó Tuairisc féin, nó chaith sé téarma ina oifigeach i bhfórsaí armtha na hÉireann i Ré na Práinne. Leis an ngnáthshaighdiúir a bhí a bhá, rud a chuidigh leis a chomhionannú a dhéanamh le meon Mháirtín Dhuibh Chaomhánaigh[23].

Cuid den réalachas sa leabhar é chomh soiléir is atá sé don léitheoir agus don scríbhneoir araon nach bhfuil an ginearál réabhlóideach Francach agus an chosmhuintir Éireannach ar aon tuairim faoi chuspóirí an chogaidh. An chuid is mó de na hÉireannaigh, is é an seicteachas agus an frith-Phrotastúnachas, fiú, atá á spreagadh[24]. Níl mórán measa ag an nGinearál Humbert ar na scológa Éireannacha nach dtuigeann cad is réabhlóid ann ar aon nós:

Chuir siad péasúin[25] La Vendée i gcuimhne dó, an dream dalba a thug cúl le rath na haoise nua agus a mhair ina dtailte iargúlta ar an sean-nós aineolach, dearcadh amach na meán-aoiseanna acu, creideamh Rómhánach na sagart agus piseoga págánacha na seanbhan ina meascán mearaí trína chéile mar pholaitíocht acu ag cothú éirí amach na speal is na sluaistí [...][26] Tagairt é seo don éirí amach i La Vendée i Lár-Iarthar na Fraince[27] sa bhliain 1793. Bhí Humbert ar duine acu siúd a bhí ag cur na ceannairce frithréabhlóidí seo faoi chois, agus is cúis iontais dó an paradacsa go mbeadh seisean ag tacú le leithéidí na gceannairceoirí ó La Vendée in Éirinn anois[28].

"Dé Luain"[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1966 a tháinig an dara húrscéal stairiúil le hEoghan Ó Tuairisc i gcló - Dé Luain. Bhí Éirí Amach na Cásca á cheiliúradh sa bhliain chéanna, ó d'imigh leathchéad bliain i ndiaidh na n-imeachtaí. Bhí Ó Tuairisc meáite ar "leac chuimhneacháin" a thógáil do lucht an Éirí Amach, ach san am chéanna bhí sé ag iarraidh úrscéal uaillmhianach nua-aimseartha a chumadh, agus chuaigh sé i dtuilleamaí na teicníochta insinte is mó a shamhlaítear le James Joyce, is é sin, sruth an chomhfheasa[29]. Bhí a lán réamhthaighde agus mioneolais de dhíth leis an leabhar a ullmhú.

Bhí an t-údar faoi strus trom agus é ag scríobh a shaothair, nó theastaigh uaid é a chríochnú le go bhféadfaí é a fhoilsiú i mbliain cheiliúrtha an leathchéid. Sa bhliain 1965 fuair Úna, bean chéile Uí Thuairisc, bás gan choinne, rud a d'fhág an scríbhneoir faoi mhéala go dona, ionas nach raibh sé in ann breith ar an bpeann ar feadh i bhfad. Ghlac sé scíth fhada ón scríbhneoireacht, agus ansin chríochnaigh sé an leabhar faoi dheifir. Mar sin, níor éirigh leis caoi cheart a chur ar a shaothar, agus fágadh fabhtach go leor é[30].

Go bunúsach, is pearsana stairiúla iad na carachtair go léir san úrscéal. D'fhéadfá a rá gur scéalaíocht fíricbhunaithe, nó fíricsean (Béarla: faction), a bhí ann. Sna seascaidí, bhí an fíricsean ag éirí faiseanta i dtíortha an Bhéarla, agus chuala an saol iomrá ar In Cold Blood ("As Fuil Fhuar") le Truman Capote, leabhar a chaith súil an úrscéalaí ar dhúnmharú an fheirmeora Herbert Cutter agus a theaghlaigh i Holcomb, Kansas, sa bhliain 1959. Saothar ceannródaíoch fíricsin a bhí i gceist le In Cold Blood, agus é bunaithe ar an eolas a bhailigh Capote ó na daoine áitiúla a bhí faoi agallamh aige agus ag a chara Harper Lee. Tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 1966, agus ní fhéadfadh sé tionchar a imirt ar an dóigh ar Dé Luain, áfach[31].

Scéal eile é gur luaigh Ó Tuairisc féin tionchar scríbhneora eile ar féidir ceannródaí fíricsin a thabhairt air, mar atá, Cornelius Ryan. Iriseoir ó Bhaile Átha Cliath a bhí sa Rianach seo a chuaigh ag obair don áisínteacht nuachta cháiliúil úd Reuters agus a bhreac síos trí leabhar fíricsin faoin Dara Cogadh Domhanda: The Longest Day ("An Lá is Faide"), a foilsíodh sa bhliain 1959 agus a thug cur síos ar ionradh na gComhghuaillithe ar an Normainn ("Lá D" nó D-Day) sa bhliain 1944; The Last Battle ("An Cath Deireanach") a tháinig i gcló sa bhliain 1966 agus a rinne trácht ar ghabháil Bheirlín i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda; agus One Bridge Too Far ("Droichead Amháin thar an Riachtanas") ón mbliain 1974, faoin dóigh a ndeachaigh ionradh na gComhghuaillithe i bhfostú san Ísiltír i Meán Fómhair 1944, ionas go raibh na Gearmánaigh in ann an cath a bhriseadh orthu timpeall ar chathair Arnhem. Nuair a bhí Ó Tuairisc ag obair ar Dé Luain, bhí an chéad cheann den trí leabhar seo i gcló cheana, agus áiméar aige é a léamh agus a mheas sular chrom sé ar a shaothar féin a scríobh[32].

Léigh freisin[athraigh | edit source]

  • DELAP, Breandán: Úrscéalta stairiúla na Gaeilge. Leabhair Thaighde, an 75ú hImleabhar. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1993.
  • Ó GRIANNA, Séamus: Tairngreacht Mhiseoige. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995
  • Ó RUADHÁIN, Seán: Pádhraic Mháire Bhán. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994
  • Ó TUAIRISC, Eoghan: Dé Luain. Sairséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1991.
  • Ò TUAIRISC, Eoghan: L'Attaque. Mercier Press, Corcaigh 1998.
  • TITLEY, Alan: An tÚrscéal Gaeilge. Leabhair Thaighde, an 67ú hImleabhar. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1991 (athchló 2002)

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. DELAP lch. 44
  2. TITLEY lch. 358-359
  3. DELAP lch. 44
  4. DELAP lch. 47
  5. DELAP lch. 59
  6. TITLEY lch. 354
  7. TITLEY lch. 356
  8. DELAP lch. 59
  9. DELAP lch. 53-54
  10. DELAP lch. 54
  11. DELAP lch. 55
  12. DELAP lch.55
  13. DELAP lch. 56
  14. TITLEY lch. 348
  15. TITLEY lch. 349
  16. DELAP lch. 69
  17. TITLEY lch. 392-393
  18. DELAP lch. 72
  19. DELAP lch. 73
  20. DELAP lch. 73
  21. DELAP lch. 72
  22. TITLEY lch. 55
  23. DELAP lch. 76
  24. DELAP lch. 77
  25. is é sin, scológa, ó paysan na Fraincise, cf. an focal peasant sa Bhéarla
  26. Ó TUAIRISC 1998 lch. 87
  27. Tá La Vendée suite ar chósta thiar na Fraince, taobh theas den Bhriotáin. Is é La Roche-sur-Yon lárchathair La Vendée, agus go bunúsach is í La Vendée an chuid de sheanchúige Poitou atá chois farraige.
  28. Ó TUAIRISC 1998 lch. 88
  29. DELAP lch. 88
  30. DELAP lch. 88
  31. DELAP lch. 89
  32. DELAP lch. 89-90