Eoghan Rua Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eoghan Rua Ó Néill

Saighdiúir agus ceannaire mór de chuid na nGael sa 17ú haois ab ea Eoghan Rua Ó Néill agus duine de ríshliocht na Niallach (Béarla: Owen Roe O'Neill; t.1590–1649).

Tógáil[athraigh | edit source]

Mac le hArt mac an Bharúin Ó Néill ab ea Eoghan, nó "Mac Airt" mar a tugadh go coitianta air, nó Owen Roe O'Neill i mBéarla. Deartháir ab ea Art le hAodh Ó Néill Iarla Thír Eoghain. Bhí tailte aige thart timpeall ar Loch gCál i gContae Ard Mhacha, agus throid sé ar thaobh a dhearthár i gCogadh na Naoi mBliana in aghaidh Shasana. Cuireadh Eoghan chun na Mór-Roinne i mblianta deireanacha na 16ú haoise le liostáil sa reisimint Éireannach in arm na Spáinne san Ísiltír.

I seirbhís an Impire[athraigh | edit source]

Chaith Eoghan os cionn 40 bliain i seirbhís an Impire san Ísiltír. Throid sé in aghaidh na nDúitseach agus na bhFrancach i bhFlandras, agus bhain cáil nach beag amach as a cheannasaíocht ar gharastún an Impire ag léigear Arras. Tar éis d'Énrí mac Uí Néill bás a fháil tugadh ceannas na reisiminte, nó an "tercio", d'Eoghan Rua. Thart ar an mbliain 1614 phós sé Rós Ní Dhochartaigh, baintreach Uí Dhónaill, agus saolaíodh aon mhac amháin dóibh, Einrí Rua. Ó na fichidí amach, i gcomhar le Flaithrí Ó Maolchonaire agus le hoifigigh Ghaelacha sa reisimint, bhí sé an-ghníomhach ag stocaireacht leis na Spáinnigh le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn. Thairg Eoghan Rua poblacht a dhéanamh d'Éirinn faoi choróin na Spáinne, ach ba bheag toradh a bhí air sin. Theip ar roinnt iarrachtaí ionradh rúnda a dhéanamh ar Éirinn agus, ar deireadh, tar éis éirí amach 1641 d'éirigh le hEoghan Rua 300 fear agus armlóin a thabhairt leis ar bord loinge go hÉirinn. Tháinig siad i dtír i gCaisleán na dTuath i dTír Chonaill i mí Iúil 1642.

Filleadh ar Éirinn[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig Eoghan i dtír i 1642 bhí na Gaeil faoi bhrú ag arm na hAlban, agus iad i ndroch-chaoi ar fud an Chúige. Ba é Féilim Ó Néill a bhí i gceannas ar Ghaeil Chúige Uladh, ach mar gheall ar a thaithí saighdiúireachta, ghéill sé ceannas an airm d'Eoghan Rua. Cúis díomá a bhí ann d'Eoghan chomh mí-eagraithe a bhí cúrsaí sa Chúige, agus chomh deighilte is a bhí na Gaeil eatarthu féin.

Níor réitigh Eoghan Rua go maith leis na ceannairí Éireannacha eile, rud a bhí an-soiléir nuair a cruinníodh Comhdháil Chill Chainnigh i nDeireadh Fómhair 1642. Cé gur mhaígh Eoghan Rua dílseacht do Rí Shasana, ba mhian leis go gcuirfí Plandáil Chúige Uladh ar neamhní (go dtabharfaí a gcuid tailte ar ais do na Niallaigh agus do na Gaeil eile a díshealbhaíodh) agus go gcuirfí an tír faoi rialtas neamhspleách Caitliceach. Ba léir go raibh fabhar níos mó i gCill Chainnigh ag ceannaire na Laighneach, Thomas Preston, fear a bhi ag obair ar son leas na n-úinéirí talúna Caitliceacha. Cé gur iarshaighdiúir de chuid na Spáinne a bhí i bPreston freisin, níor réitigh an bheirt le chéile.

Instear roinnt scéalta faoi chumas Eoghain Rua mar shaighdiúir. Deirtear gurb é féin a thóg amas leis an ngunna mór a bhain an cloigeann den Tiarna Moore i 1643. Cé gur ceannaire maith a bhí in Eoghan Rua, ní raibh a chuid saighdiúirí inchurtha le reisimintí eagraithe na nAlbanach a tháinig go Cúige Uladh i 1642. Tar éis ruaigeadh a airm i gCluain Eois b'éigean d'Eoghan Rua a mbunáiteanna i dTír Eoghain a thréigean agus cúlú go dtí an Bhréifne agus go tuaisceart Chúige Chonnacht agus Chúige Laighean. Tar éis an chliseadh sin chuir sé roimhe an t-arm a atheagrú agus a oiliúint.

I 1646 O'Neill, le cabhair airgid agus armlóin ó Nuncio an Phápa, Giovanni Battista Rinuccini, thug sé an t-arm in aghaidh arm Albanach a bhí ag gluaiseacht ó dheas faoin Maor-Ghinearál Robert Monroe. Ar an 5 Meitheamh 1646 bhris Eoghan Rua ar arm Mhonroe ar an mBinn Bhorb ar bhruach na hAbhann Móire, agus gabhadh no maraíodh suas le 3000 Albanach. Cuireadh bratacha na nAlbanach chun na Róimhe, agus chuir an Pápa claíomh Aodha Uí Néill ag triall ar Eoghain Rua. Ach ceal gunnaí móra agus trealamh léigir, chinn ar Eoghan Rua an deis a thapú, agus fágadh na hAlbanaigh i gceannas ar bhailte an tuaiscirt.

Feall agus Faicsin[athraigh | edit source]

I mí Márta 1646 síníodh conradh idir Séamas de Buitléar, Iarla Urmhumhan agus an Chomhdháil inar gheall na caitlicigh saighdiúirí a chur ar fáil le troid ar son an Rí i Sasana. Níor ghlac formhór na gCaitliceach ná Rinuccini, leis an gConradh. Rinne Eoghan Rua agus Preston iarracht Baile Átha Cliath a thógáil ó Urmhumhan, agus chinn orthu. An bhliain dár gcionn bhuaigh arm na Parlaiminte ar arm na Comhdhála ag Cnoc an Línsigh agus i Cnoc na nOs, agus b'éigean do n Chomhdháil síocháin a dhéanamh leis na Ríogaithe. Ba é Eoghan Rua amháin a sheas in aghaidh na síochána, rud a d'fhág lina aonar é nuair a d'fhág Rinucini an tír i 1649. Dhiúltagh Eoghan Rua dul i gcomhar le comhghuaillíocht Chaitliceach/Ríogaí Urmhumhan agus go deimhin i 1648 b'éigean dó troid in aghaidh airm Chaitliceacha eile i 1648. Rinne sé iarracht teacht ar réiteach le George Monck agus arm na Parlaiminte chun armlón a aimsiú dá chuid saighdiúirí, ach chinn ar an iarracht sin, agus nuair a tháinig arm Chromail i dtír i 1649 b'éigean dó dul i gcomhar le hUrhumhan agus na Caitlicigh.

Bás[athraigh | edit source]

Sular éirigh leis cur in aghaidh arm Chromail, cailleadh Eoghan Rua ar an 6 Samhain 1649 i gcaisleán Chloch Uachtair i gContae an Chabháin. De réir traidisiúin, creideadh gur thug na Sasanaigh nimh dó, ach is é is dóichí gur tholg sé tinneas. Cuireadh é i reilig na bProinsiasach sa Chabhán.

Chruinnigh ceannairí Ghaeil Chúige Uladh chun ceannaire nua a thoghadh. In áit a rogha féin, Aodh Dubh Ó Néill, thogha siad Éibhear Mac Mathúna, Easpag an Chlochair. Throid na hUltaigh le dúthracht faoi Aodh Dubh i gCliuain Meala agus arís i Luimneach, ach i 1650 de bharr mhíéifeacht eibhir Mhic Mhathúna mar cheannaire, briseadh arm an tuaiscirt i Scairbh Sholais. I 1652 ghéill Féilim Ó Néill Dún Chnoc Searlais, agus géilleadh Cloch Uachtair an bhliain dár gcionn. Iad siúd a tháinig slán d'fhilleadar ar arm na Spáinne ar an Mór-Roinn. cailleadh Rós Ní Dhochartaigh sa Bhruiséil i 1670.

Sa 19ú haois, bhí ainm Eoghain Rua in airde i measc náisiúntóirí réabhlóideacha in Éirinn, na hÉireannaigh Óga ach go háirithe. Chum Thomas Davis amhrán cáiliúil faoi Éoghan Rua "The Lament for Owen Roe". a foilsíodh ina nuachtán, The Nation.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Jerrold I. Casway, Owen Roe O'Neill and the Struggle for Catholic Ireland, 1984, University of Pennsylvania Press
  • Padraig Lenihan, Confederate Catholics at War
  • Deana Rankin, Between Spenser and Swift - English Writing in seventeenth century Ireland
  • James Scott Wheeler, Cromwell in Ireland
  • Tadhg Ó Hanrachain, the catholic reformation in Ireland.