Charles J. Kickham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Charles J. Kickham
Charles J Kickham.JPG

Uachtaráin ar Bhráithreachas na Poblachta
In oifig
1873-1882
Réamhtheachtaí: Séamas Proinsias Xavier Ó Briain
Comharba: Seán Ó Conchúir

Dáta breithe 9 Bealtaine 1828
  Muileann na hUamhan, Contae Thiobraid Árann, Éire
Dáta báis 22 Lúnasa 1882
  Baile Átha Cliath
Síniú
Kickham Signature.jpg

Náisiúnaí Éireannach agus scríbhneoir Béarla a bhí i Charles Joseph Kickham. Rugadh i Muileann na hUamhan, Contae Thiobraid Árann é ar an 9 Bealtaine 1828 agus fuair sé bás ar an gCarraig Dhubh in aice le Baile Átha Cliath ar an 22 Lúnasa 1882. Ghlac sé páirt in éirí amach na bliana 1848 in Éirinn agus bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Sa bhliain 1865, rug na Sasanaigh air, agus gearradh daorbhroid ceithre bliana déag dó. Níor chaith sé ach ceithre bliana sa phríosún, ach ina dhiaidh sin, bhí a shláinte curtha ó mhaith ar fad, cé go raibh sé páirteach i saol polaitiúil na náisiúnaithe go deireadh a shaoil.

Scríobh sé trí úrscéal faoi shaol na ndaoine bochta faoin tuath, mar atá, Knocknagow, Sally Kavanagh, agus For the Old Land. Chuir Máirtín Ó Cadhain Gaeilge ar an dara ceann acu.