Harper Lee
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Harper Lee | |
| Harper Lee sa bhliain 2007 | |
| Dáta breithe | 28 Aibreán, 1926 |
| Monroeville, Alabama, SAM | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Seánra | Úrscéil |
| Duaiseanna | Pulitzer (1961) |
| Síniú |
|
Scríbhneoir Meiriceánach í Harper Lee (fíorainm: Nelle Harper Lee) a rugadh i Monroeville, Alabama ar an 28 Aibreán 1926. Níl ach aon leabhar amháin foilsithe aici, is é sin, an t-úrscéal To Kill a Mockingbird, a thabhaigh Duais Pulitzer di sa bhliain 1961. Ciníochas i nDeisceart na Stát Aontaithe is ábhar don scéal. Chuidigh Lee lena seanchara Truman Capote agus é ag bailiú eolais le haghaidh a úrscéil fhíricbhunaithe In Cold Blood.