Alexander Pushkin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aleksandr Pushkin)
Alexandr Sergeyevich Pushkin
AleksandrPushkin.jpg
Portráid le Vasily Tropinin
Dáta breithe 6 Meitheamh, 1799
  Moscó, An Rúis
Dáta báis 10 Feabhra, 1837
  Cathair Pheadair, Impireacht na Rúise
Gairm File, úrscéalaí, drámadóir
Síniú
Pushkin Signature.svg

Scríbhneoir Rúiseach a bhí in Aleksandr Sergeyevich Pushkin (Rúisis: Алекса́ндр Сергéевич Пу́шкин). Rugadh Pushkin i Moscó sa bhliain 1799 agus fuair sé bás sa bhliain 1837. Is eisean file náisiúnta na Rúise. [1][2][3] Chruthaigh sé stíl éasca nádúrtha atá cosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh é Pushkin, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach ba iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis, áfach. Chríochnaigh sé úrscéal stairiúil amháin i stíl Walter Scott, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt gearrscéalta.[4]

Tagairtí[athraigh | edit source]