Mika Waltari

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mika Waltari
Mika Waltari.jpg
Dáta breithe 19 Meán Fómhair, 1908
  Heilsincí
Dáta báis 26 Lúnasa, 1979
  Heilsincí
Náisiúntacht Fionlannach
Gairm Úrscéalaí, aistritheoir
Síniú
Mika Waltari signature.svg

Scríbhneoir Fionlannach a rugadh i Heilsincí ab ea Mika Toimi Waltari (19 Meán Fómhair 190826 Lúnasa 1979). Ba iad na húrscéalta móra stairiúla ba mhó a thabhaigh a chlú dó taobh amuigh dá thír dhúchais, ach le fírinne bhí sé as cuimse bisiúil, agus scríobh sé drámaí raidió, gearrscéalta, nóibhillí, scéalta bleachtaireachta, agus (le linn an Dara Cogadh Domhanda) bolscaireacht chogaidh.

Saol[athraigh | edit source]

Ministir Protastúnach ab ea athair Mika, Toimi Waltari ("Gníomh" is brí leis an ainm sin "Toimi"), agus scríobh sé cúpla úrscéal idéalach teagascúil don aos óg, chomh maith le leabhar amháin faoi chruachás na bpríosúnach san Fhionlainn. Fuair sé bás nuair nach raibh Mika ach cúig bliana d'aois.[1] Chuaigh Mika óg ar an meánscoil úd Norssi, is é sin, Helsingin Suomalainen Normaalilyseo, agus é ina eagarthóir ar iris ghreannmhar na ndaltaí. I ndiaidh dó a ardteastas a bhaint amach ó Norssi sa bhliain 1926 thosaigh sé ag staidéar diagachta in Ollscoil Heilsincí, ach ansin, i ndiaidh dó dul trí ghéarchéim phearsanta agus a shaoldearcadh a athrú go radacach thréig sé an diagacht agus chuaigh sé le fealsúnacht in áit an reiligiúin. Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1929, agus scríobh sé a thráchtas céime san fhealsúnacht phraiticiúil ag trácht ar bhaint na collaíochta leis an reiligiún.

An chéad úrscéal a scríobh Mika Waltari ba scéal cráifeach teagascúil é cosúil leis na leabhair a bhí scríofa ag a athair, agus b'ionann é an teach foilsitheoireachta freisin - Merimieslähetys, is é sin, Misinéirí na Mairnéalach - eagraíocht Chríostaí a bhí ag iarraidh freastal ar riachtanaisí spioradálta na mairnéalach Fionlannach ar an gcoigríoch. Jumalaa paossa an teideal a bhí ar an úrscéal - "Ar a Theitheadh ó Dhia". Ní raibh Waltari ach seacht mbliana déag d'aois nuair a scríobh sé an scéal seo.

"Iompróirí na Tine"[athraigh | edit source]

Waltari timpeall 1928

Bhí Waltari ina bhall de ghrúpa na scríbhneoirí óga Tulenkantajat ("Iompróirí na Tine"), agus d'éirigh an briseadh mór leis sa bhliain 1928, nuair a tháinig an t-úrscéal úd Suuri illusioni i gcló (tabhair faoi deara gur seanfhoirm é "illusioni"; "illuusio" a bheadh ann de réir Fhionlainnis an lae inniu, ach is é is brí le teideal an leabhair ná "An Seachmall Mór"). Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar shaol is ar mheon na scríbhneoirí óga san am, agus cuireadh i gcomparáid é le saothar F. Scott Fitzgerald agus Ernest Hemingway. Fuair Waltari inspioráid don leabhar seo ón gcaidreamh a bhí aige leis na daoine a thagadh le chéile i dteach Minna Craucher. Fánaí mná. gadaí agus iarstriapach a bhí i Minna Craucher ar éirigh léi í féin a chur chun tosaigh mar bhean neamhghnách rúndiamhair i measc na n-ógintleachtóirí macánta. An caidreamh a bhí ag Waltari leis an mbean seo d'fhág sé náire air, agus sa bhliain 1930 chuaigh Waltari ag taisteal na Fraince le dearmad a dhéanamh de Craucher.

Sna saighdiúirí[athraigh | edit source]

Sa bhliain chéanna chuaigh Waltari sna saighdiúirí ina choinscríofach, ach bhain timpiste ghluaisteáin dó sula raibh an téarma istigh aige. Nuair a bhí sé ina othar san ospidéal míleata, scríobh sé úrscéal moltach faoi shaol an airm, Siellä missä miehiä tehdään ("Áit a nDéantar Fir"). Dealraíonn sé, áfach, nár thaitin saol an tsaighdiúra leis ar aon nós, cé go raibh sé ag áitiú a mhalairte ar na léitheoirí. Bhí lámh is focal idir é agus Marjatta Luukkonen, agus ós ginearál a bhí in athair na mná óige seo, fuair Waltari ciallmhar leabhar a bhreacadh síos a chuirfeadh athair Mharjatta i ndea-ghiúmar.

An Scríbhneoir Proifisiúnta[athraigh | edit source]

Phós Waltari agus Marjatta Luukkonen sa bhliain 1931, agus rugadh Satu Waltari, a n-iníon, sa chéad bhliain eile. Chuaigh Satu Waltari féin le scríbhneoireacht nuair a d'fhás sí aníos. D'éirigh Waltari an-bhisiúil mar scríbhneoir le bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach. Bhí sé ag obair ina iriseoir don tseachtaineán Suomen Kuvalehti go dtí an bhliain 1938, agus ina dhiaidh sin shaothraíodh sé a chuid ina shaorscríbhneoir. Sna tríochaidí scríobh sé úrscéalta, gearrscéalta, finscéalta, dánta agus drámaí - sé dhráma fichead ar fad.

An Bolscaire Cogaidh[athraigh | edit source]

I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí Waltari ag obair d'údarás cinsireachta agus bolscaireachta na Fionlainne - Valtion tiedoituslaitos. Chomh luath leis an mbliain 1933 d'aistrigh sé go Fionlainnis an bheathaisnéis a scríobh Hanns Heinz Ewers faoi Horst Wessel, laoch náisiúnta an Naitsíochais. Le linn an chogaidh, scríobh sé úrscéalta bolscaireachta ar nós Antero ei enää palaa ("Ní fhillfidh Antero choíche") agus Rakkaus vainoaikaan ("An Grá i Ré na Contúirte"). Bhí sé sásta páirt a ghlacadh i gcruinniú a chóirigh Joseph Goebbels, aire bolscaireachta na Gearmáine Naitsíche, do scríbhneoirí na dtíortha a bhí ag comhoibriú leis an nGearmáin.

Na hÚrscéalta Móra[athraigh | edit source]

I ndiaidh an chogaidh a scríobh Waltari a chuid úrscéalta móra stairiúla a thabhaigh a chlú domhanda dó: Sinuhe egyptiläinen ("Sinuhe, an tÉigipteach") sa bhliain 1945, Mikael Karvajalka sa bhliain 1948, Mikael Hakim sa bhliain 1949, Valtakunnan salaisuus ("Rún na Ríochta") sa bhliain 1959 agus Ihmiskunnan viholliset ("Naimhde an Chine Dhaonna") sa bhliain 1964. Ina dhiaidh sin, áfach, bhí a inspioráid spíonta. Bhain sé triail as úrscéal stairiúil eile, faoi Ord na Ridirí Máltacha, ach níor éírigh leis an t-úrscéal sin a chríochnú.

Deireadh a Shaoil[athraigh | edit source]

Fuair Waltari bás sa bhliain 1979.[2] Bhí sé trom ar an tobac, agus é ag éileamh le hailse na scamhóg. Bhí claonadh ann chun alcólachais freisin, agus uaireanta bhí an dúlagar intinne (an lionn dubh) ag luí air chomh tromchúiseach agus go gcaithfeadh sé seal a chaitheamh in ospidéal síciatrach.

Saothair[athraigh | edit source]

Is iad na húrscéalta móra stairiúla le Waltari is mó a léitear taobh amuigh den Fhionlainn:

Tagairtí[athraigh | edit source]