Bologna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bologna
Comune di Bologna
Bologna
Suíomh

44°30′ Thuaidh 11°21′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Italy.svg An Iodáil
Réigiún: Emilia-Romagna
Méara: Sergio Cofferati
Déimeagrafaic
Achar: 140.73 km²
Daonra: 373,170 (2007)
Dlús daonra: 2,652/km²
Airde: 54 m
www.comune.bologna.it

Is cathair san Iodáil í Bologna. Tá 370,000 ina gcónaí inti. Tá an t-ainm bunaithe ar Bononia na Laidne. Príomhchathair Emilia-Romagna í. Bhunaigh na hEatroscaigh an chathair timpeall na bliana 534 RC, agus ón treabh Gallach na Boii a d'ainmnigh na Rómhánaigh an chathair nuair a ghabh siadsan seilbh uirthi, timpeall 189 RC. Le tógáil an Via Aemilia i 197 RC bhí an-tábhacht leis an chathair mar ionad cumarsáide agus tráchtála. Timpeall 10,000 duine a bhí inti i aimsir Impireacht na Róimhe agus áiríodh Bononia ar cheann de na cúig chathracha ba shaibhre san Iodáil ag an am. Tar éis do Impireacht na Róimhe dul i léag rinneadh athnuachan ar an chathair faoin easpag Petronios sa chúigiú haois.

Ghabh rí na Lombard, Liutprand, seilbh ar an régiún i 728. Bhain Bologna neamhspleáchas amach arís san aonú haois déag, agus bhí sí páirteach i gConradh na Lombard in éadan an Impire Barbarossa. Cuireadh an Studio ar bun in 1088, agus is as a d'fhás Ollscoil Bhologna, an ollscoil is sine san Eoraip.

Ritheadh dlí darbh ainm Legge del Paradiso (Dlí Pharrthas) i 1256, dlí a chuir deireadh leis an daoirse d'oibrithe. Tógadh an-chuid túr, clochar, eaglaisí agus pálás sa tréimhse sin, agus faoi dheireadh an 13ú haois bhí Bologna ar cheann de na cathracha ba mhó san Eoraip.

Túir Bologna

Bhí rialtaisí Poblachtacha sa chathair ó am go ham ach bhí sí ina cuid de shealúchas an Phápa chomh maith uaireanta, agus teaghlaigh ceannasacha na cathrach de shíor ag troid eatarthu féin. Chuaigh teaghlach Bentivoglio i gceannnas i lár an 15ú haois, agus bhí an-rath ar Bologna lena linn. Ghabh saighdiúirí an Phápa Julius II seilbh ar Bologna i 1506 agus creachadh an pálás. Bhí Bologna faoi smacht an phápa as sin i leith go dtí an 18ú haois, ach bhí rath ar an gcathair ina ainneoin sin.

Bunaíodh an phoblacht Repubblica Cispadana le linn réimeas Napoleon agus Bologna ina príomhchathair uirthi. Ghabh an Pápa seilbh uirthi arís nuair a thit Napoleon ach bhí éirí amach sa chathair i 1831 agus arís i 1849. Tar éis chuairt an Phápa Pius IX in 1857 vótáil muintir na cathrach ar son dul isteach i Ríocht na Sairdíne, agus ina dhiaidh sin aontaíodh an Iodáil.

Mhéadaigh tábhacht Bhologna mar ionad cultúrtha agus mar lárionad tráchtála, tionclaíochta agus cumarsáide. Thosaigh an daonra ag fás arís agus leagadh seanbhallaí na cathrach ar mhaithe le tithe nua a thógáil don phobal.

Rinneadh damáiste do Bhologna le linn an Dara Cogadh Domhanda ach tháinig sí chuici féin go mear agus tá sí anois ar cheann de na cathracha is saibhre agus is deaphleanáilte san Iodáil.

Tá leasainmneacha éagsúla ag Bologna: Bologna la dotta (Bologna léannta) mar gheall ar an ollscoil cháiliúil, Bologna la grassa (Bologna ramhar) mar gheall ar an mbia saibhir, Bologna la rossa (Bologna dhearg) mar go bhfuil an oiread sin dá foirgneamh déanta de bhrící dearga.

Tá an-spéis ag muintir na cathrach sa chispheil, rud annamh i dtír ina bhfuil dúil as cuimse ag daoine sa sacar.

Tá stáisiún traenach Bologna an-mhór agus an-tábhachtach, agus ba ann a tharla an pléascán mór i mí Lúnasa 1980 inar maraíodh 85 duine in ionsaí nuafhaisisteach.

Tá an-cháil ar chomhlachtaí innealtóireachta Bhologna, go háirithe gluaisrothair Ducati, agus carranna Lamborghini.