Torino
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair i dtuaisceart na hIodáile í Torino, príomhchathair réigiúin Piemonte Tá ceanncheathrú FIAT lonnaithe ann agus tá cáil uirthi mar chathair thionsclaíoch.
Stair [athraigh]
Tagann an t-ainm Torino ó Tau, focal Ceiltise a chiallaíonn sléibhte. Is féidir ainm na cathrach a aistriú ón Iodáilis mar "tarbh beag", as a dtagann an t-armas agus siombal na cathrach. Chuir na Taurini fúthu ann roimh aimsir na Rómhánach.