An tSicil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Regione Sicilia
— Réigiún Féinrialaithe na hIodáile —
Bratach Sicile
Bratach
Suíomh Sicile
Tír An Iodáil
Príomhbhaile Palermo
Cúigí Agrigento
Caltanissetta
Catania
Enna
Messina
Palermo Ragusa
Siracusa
Trapani
Bardasachtaí 390
Rialtas
 • Uachtarán

Raffaele Lombardo
Achar
 • San iomlán
 
25,700 km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 
5,100,000 (2008)
198/km²
Láithreán Suíomh gréasáin

Is í an tSicil an t-oileán is mó sa Mheánmhuir. Ceann de réigiúin Phoblacht na hIodála atá ann, agus 4,968,991 duine ina gcónaí ansin. Tá an tSicil 25,700km2 ar achar. Is í Palermo príomhchathair an réigiúin. Is iad Catania, Messina, Siracusa, Trapani, Enna, Caltanissetta, Agrigento, agus Ragusa príomhchathracha na gcúigí eile sa tSicil.

Tíreolaíocht na Sicile[athraigh | edit source]

Sliabh Etna

Tá an bolcán cáiliúil úd Etna suite in oirthear na Sicile, cóngarach do chathair Catania. Tá Etna trí chiliméadar agus trí chéad méadar is fiche ar airde, agus í ar an mbolcán is airde san Eoraip. Bolcán gníomhach atá ann, agus brúchtadh laibhe ar siúl beagnach leanúnach.

Tá roinnt mhaith oileán beag suite timpeall na Sicile, agus rialtas áitiúil an oileáin mhóir ag tabhairt aire dóibh: Oileáin Eolie, Oileáin Egadi, Oileán Pantellaria agus Oileán Ustica.

Is réigiún talmhaíochta í an tSicil thar aon rud eile. Is iad an t-arbhar, na hológa agus an fíon an trí chineál táirgí is tábhachtaí dá dtagann as an oileán. Sa naoú haois déag, bhí na poill mhianaigh i gcúige Caltanissetta tábhachtach ag táirgeadh sulfair, ach ní fhanann mórán den tábhacht sin inniu a thuilleadh.

Stair na Sicile[athraigh | edit source]

Príomhalt: Stair na Sicile

Fuair an tSicil a hainm ó cheann de na treibheacha bundúchasacha - treibh na Siculi - a bhí ina gcónaí ansin roimh theacht na bhforghabhálaithe coimhthíocha, ar nós mhuintir na Cartaige agus na Gréige. Bhí teanga Iodálda - gaolmhar leis an Laidin - ag na Siculi agus ag na treibheacha réamhstairiúla eile, ach d'éirigh leis na Gréagaigh a dteanga agus a gcultúr féin a chur i bhfeidhm go láidir ón ochtú haois roimh bhreith Chríost anuas. Sa tseanársaíocht Chlasaiceach, ba nós leis na daoine sa Róimh glacadh leis an tSicil mar chuid de dhomhan na Gréigise, Magna Graecia. Bhí cultúr na Gréige á shaothrú go bláfar san oileán. Sicileach ab ea é athair na hinnealtóireachta féin, Airciméidéas.

Na Cogaí Púnacha[athraigh | edit source]

Príomhalt: Cogaí Púnacha

Ba í an tSicil ba chúis leis an chéad chogadh idir an Róimh agus an Chartaig - an chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartagaigh san oileán, agus na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. Ba iad na coilínithe ón gCartaig a bhunaigh cathair Palermo, mar shampla. Sa tríú haois roimh bhreith Chríost, d'éirigh ina chogadh idir an dá mhórchumhacht, agus shealbhaigh na Rómhánaigh an t-oileán iomlán sa bhliain 242 r. Chr.

Sa dara cogadh Púnach, bhí ag éirí leis na Cartagaigh ar dtús. Fuair comhghuaillithe áitiúla na Cartaige sa tSicil misneach as seo agus chuaigh siad chun ceannairce ar na Rómhánaigh. Chloígh an Róimh an t-éirí amach seo le lámh láidir, áfach, agus ruaigeadh na Púnaigh as an oileán scun scan. Sa bhliain 210 r. Chr., dúirt Consal na Róimhe san oileán, Marcus Valerianus, le Seanad na Róimhe nach raibh oiread is aon Phúnach amháin fanta sa tSicil.

Cúlriasca na Róimhe[athraigh | edit source]

Nuair a bhí an tSicil ina cúige Gréagach, bhí sí an-tábhachtach mar chuid de shibhialtacht na Gréigise. I ndiaidh an ghabháltais Rómhánaigh, áfach, fágadh ina cúige cúil í. Níor tharraing ach scannal Verres sa bhliain 70 r. Chr. súil na Rómhánach ar an oileán. Ón taobh eile de, mhair an teanga Ghréigise ansin i bhfad i ndiaidh an ghabháltais, ó nár bhac na Rómhánaigh leis an Laidin a thabhairt isteach ansin.

Vandail agus Biosántaigh[athraigh | edit source]

Nuair a thosaigh Imirce Mhór na Náisiún ag stróiceadh Impireacht na Róimhe as a chéile, d'ionsaigh na treibheacha Teotanacha an tSicil freisin. Ba é Geiseric, Rí na Vandal, ba túisce acu a tháinig i seilbh an oileáin, thiar sa bhliain 440. Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhorghabh na hOstragotaigh é. Sa bhliain 535, bhris an ginearál Biosántach, Belisarius, an cath ar na hOstragotaigh, agus siúd is gur ionsaigh rí nua na nOstragotach, Totila, an t-oileán cúig bliana déag ina dhiaidh sin, níor éirigh leis gabháltas na mBiosántach ar an tSicil a chur ar ceal. Nó rug Narses, ginearál Biosántach eile, bua ar Totila dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ó sin i leith, mhair na Biosántaigh i seilbh na Sicile go dtí gur thosaigh na hArabaigh ag cúngú orthu sa naoú haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Arabaigh agus Normannaigh[athraigh | edit source]

Thóg sé níos mó ná céad bliain ar na hArabaigh (827-965) an tSicil iomlán a fhorghabháil, agus ina dhiaidh sin féin, níor fhan an t-oileán acu ach céad bliain. Ansin, ghlac na Normannaigh suim sa tSicil, san am céanna a raibh siad ag déanamh a ngabháltais ar go leor oileán Eorpach eile - an Bhreatain Mhór san áireamh. Bhí siad sásta, áfach, cead a gcultúir a fhágáil ag na hArabaigh áitiúla, i dtús báire ar a laghad, agus chuaigh an tArabachas go mór i bhfeidhm ar an tSicil. Maireann cuid mhór iasachtaí Araibise i gcanúint an oileáin inniu féin - an focal mícháiliúil sin maifia ina measc.

Feascar na Sicile[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1194, thit an t-oileán le rítheaghlach Gearmánach Hohenstaufen, agus ba iad muintir Hohenstaufen a rinne príomhchathair de Phalermo. Sa chéad aois eile, áfach, d'éirigh ina achrann idir an Pápa agus rítheaghlach Hohenstaufen, agus bhain an Pápa a bheannacht den rítheaghlach. Le caoinchead an Phápa, ghabh Séarlas a hAon, Diúc Anjou, an tSicil ó mhuintir Hohenstaufen sa bhliain 1266.

Ní raibh na Siciligh sásta leis na Francaigh mar lucht ceannais, áfach. Bhí siad den bharúil nach raibh i rialtas an Diúic ach ansmacht agus anlathas. Mar sin, d'éirigh siad amach in aghaidh na bhFrancach. Thosaigh an cheannairc i bPalermo ar an 30ú lá den Mhárta, 1282, le linn an fheascair ar Luan na Cásca. D'éirigh ina achrann idir na Francaigh agus muintir na háite, agus i ndeireadh báire, chuaigh eirleach agus sluamharú ar na Francaigh ar fud na Sicile. Ós rud é gur mar sin a cuireadh an lasair sa bharrach, is gnách "Feascar na Sicile" a thabhairt ar an éirí amach go léir.

Tháinig Peadar a Trí, Rí na hAragóine, chun tarrthála do na ceannairceoirí ansin, agus shealbhaigh sé an t-oileán dá ríocht féin. Ba mar sin a thit an tSicil leis an Aragóin, agus nuair a chuaigh an tír sin sa Spáinn i ndeireadh na cúigiú haoise déag, rinneadh cúige Spáinneach den oileán freisin.

Ríocht an Dá Shicil[athraigh | edit source]

San ochtú haois déag, thit an tSicil le Diúc Savoy ar dtús, agus ansin le rítheaghlach Hapsburg, is é sin, ríthe agus impirí na hOstaire. Ansin, áfach, rinne réabhlóid na Fraince agus cogaí Napoleon spior spear de mhapa na hEorpa. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hilchríche le chéile i gComhdháil Vín sa bhliain 1815, rinne siad an-athroinnt ar na tailte, an tSicil ina measc. Is mar sin a bunaíodh Ríocht an Dá Shicil, sa bhliain 1816.

Ba iad rítheaghlach Bourbon a bhí ag rialú na ríochta seo, agus ba í Napoli an phríomhchathair. Amach ón tSicil féin, bhain an leath dheisceartach de leithinis na nAipíníní leis an Dá Shicil. Ríocht choimeádach, fhrithghníomhach a bhí ann, agus an rí á rialú ina anlaith. Bhí na seirbhísí rúnda ag coinneáil diansúile ar na daoine, agus an tír lofa le lucht glactha breibe. Sna blianta 1820 agus 1848, d'éirigh an mhuintir amach i gcoinne an rí le tuilleadh saoirse a éileamh air, agus b'éigean don rí bunreacht liobrálach a thabhairt isteach ar feadh tamaill. Ansin, áfach, tháinig a chuid comhghuaillithe san Ostair chun tarrthála air, agus cuireadh an bunreacht ar ceal arís.

Tríd is tríd, is féidir a rá nach ndeachaigh blianta an Dá Shicil chun leasa an oileáin. Sa naoú haois déag a tháinig an drongchoirpeoireacht eagraithe - Maifia - chun tosaigh ar fud na Sicile. Ón taobh eile de, níor bhac muintir Bourbon le heacnamaíocht na tíre ar aon nós. Tá a shliocht sin le haithint ar Dheisceart na hIodáile go léir i gcónaí, mar dhífhostaíocht, mar thearcfhorbairt eacnamaíochta agus tionsclaíochta, agus mar choirpeoireacht.

An tSicil agus an Risorgimento[athraigh | edit source]

Ar an chéad lá déag den Bhealtaine 1860, chuaigh Giuseppe Garibaldi, laoch an Risorgimento - is é sin, aontú na hIodáile - i dtír ag Marsala in éineacht le lucht a leanúna agus d'fhadaigh sé tine na ceannairce sa tSicil. Na hóglaigh a tháinig go dtí an tSicil - i Mille, nó an Mhíle Fear, mar a thugtaí orthu - fuair siad cuidiú ó mhuintir an oileáin, agus roimh i bhfad, bhí Garibaldi i gceannas ar na sluaite móra d'fhir armtha. I ndiaidh cath a ghnóthú ag Calatafimi ar an tríú lá déag den Bhealtaine, thug Garibaldi aghaidh ar Phalermo. I ndiaidh an phríomhchathair a shealbhú, níor thóg sé mórán ama air fórsaí armtha rí Napoli a ghlanadh as an oileán. Ba é an gabháltas ar an tSicil an chéad bhua mór a d'éirigh le Garibaldi, agus é ag cur catha ar mhionríthe na hIodáile leis an tír a aontú.

Deamhan athrú - ach amháin chun donais?[athraigh | edit source]

Níor chuir an Risorgimento an t-oileán i dtreo bisigh, áfach. Bhí Mafia ag dul chun cinn, agus an bochtanas ag goilliúint ar mhuintir an oileáin mar a bhí riamh. Bhí radacachas sóisialta á fhódú sa tSicil freisin, i bhfianaise éadóchas na ndaoine. Sa bhliain 1894, d'éirigh bolscaireacht na heagraíochta radacaí úd Fasci dei lavoratori i measc an lucht oibre chomh bagrach i súile an lucht rialtais is gur chuir siad an dlí míleata i bhfeidhm ar an tSicil.

Is beag athrú a tháinig ar na cúrsaí roimh dheachtóireacht Bhenito Mussolini. Deachtóir faisisteach a bhí ann gan amhras, ach is dealraitheach go raibh sé ionraic ag iarraidh Mafia a chloí sa tSicil. An fear a chuir sé i gceannas ar phóilíní na Sicile, duine idéalach a bhí ann, agus é ag cur catha ar Mhafia go tréan. Mar sin, d'éirigh leis maolú éigin a dhéanamh ar mhursantacht na gcoirpeoirí. Ar an drochuair, bhí an locht céanna ar an bhfeachtas seo agus a bhí ar an Maifia féin - is é sin, an mhídhlíthiúlacht. B'iomaí duine gan cham gan chiontacht a bhí thíos leis an gcogadh a bhí Mussolini a chur ar an Maifia, agus mar sin, ní raibh na torthaí buan.

Nuair a d'ionsaigh fórsaí na Stát Aontaithe agus na Breataine Móire an tSicil ar an deichiú lá de Mhí Iúil 1943, bhí na coirpeoirí sásta comhoibriú leis na hionsaitheoirí, agus mar sin, bhain an Maifia amach an-tionchar ar chúrsaí na Sicile arís.

I ndiaidh an chogaidh, bronnadh rialtas cuimsitheach áitiúil ar an tSicil mar réigiún ar leith. Ar an drochuair, áfach, níor bhain an rialtas dúchais d'fhadhb na coirpeoireachta san oileán. Is iomaí sin duine cróga a chuir cath ar Mhafia sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus fanann a n-ainmneacha i mbéal an phobail i gcónaí - cosúil leis an nGinearál Carlo Alberto Dalla Chiesa agus leis na breithiúna Paolo Borsellino agus Giovanni Falcone. Tá an triúr acu ag iompar na bhfód leis na blianta anuas, áfach, ó mharaigh an Maifia le buamaí ama iad.

Cultúr na Sicile[athraigh | edit source]

Palermo

Is as an tSicil do na healaíontóirí cáiliúla seo:

Teangacha[athraigh | edit source]

Canúint na Sicile[athraigh | edit source]

Príomhalt: An tSicilis

Tá canúint dá gcuid féin ag muintir na Sicile agus í chomh difriúil leis an Iodáilis chaighdeánaithe is gur féidir glacadh léi mar theanga ar leith. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin Puglia agus Calabria ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an Bhéarla, na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.

Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón nGréigis, ón Araibis, ón tsean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den Laidin thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an tSairdínis, ach mar sin féin, maireann cúpla focal sa teanga a bhfuil an-seanchuma orthu. Más fíor nár tháinig an Laidin thruaillithe, as ar fáisceadh an tSicilis, - más fíor nár tháinig sí go dtí an tSicil ach i ndiaidh imeacht na nArabach, ba as Cúige Campania ba mhó a tháinig sí, agus blas na gcríoch sin uirthi.

Ní úsáidtear mórán Sicilise i litríocht inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas - le spíosra réigiúnach a chur leis an Iodáilis chaighdeánach. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil filíochta ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.

Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an Máltais. Canúint Araibise a bhí san Mháltais ar dtús, ach ghlac sí leis na mílte iasachtaí ón tSicilis, i gcruth is nach bhfuil ann inniu ach focail Sicilise agus iad fáiscthe isteach i bhfráma na gramadaí Araibise. Fiú na focail a fuair an Mháltais ón Iodáilis chaighdeánaithe, is dual don Mháltach iad a fhuaimniú mar a d'fhuaimneodh an Sicileach iad, agus a chuma sin ar an litriú Máltaise. Mar shampla, teatru is ea é an focal Máltaise ar an "amharclann", agus ní teatro.

Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é an Maifia an chosaint is fearr atá ag an teanga, íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.

Teangacha Eile na Sicile[athraigh | edit source]

Níl an tSicilis ó dhúchas ag gach Sicileach. Tá canúint Lombardach á labhairt i bpobail áirithe - teanga atá níos cosúla le gnáthurlabhra Thuaisceart na hIodáile ná leis an tSicilis, agus í níos gaolmhaire leis an bhFraincis ná leis an Iodáilis féin. Thairis sin, tá canúint Albáinise á labhairt i gcuid mhaith sráidbhailte sa tSicil.

Réigiúin na hIodáile
Flag of Italy.svg

Abruzzo | Apulia | Basilicata | Calabria | Campania | Emilia-Romagna | Friuli-Venezia Giulia | Lazio | Liguria | an Lombaird | Marche | Molise | Piedmont | an tSairdín | an tSicil | Trentino-Tirol Theas | an Tuscáin | Umbria | Valle d'Aosta | Veneto |