An tSairdín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Regione Autonoma della Sardegna
Regione Autonoma de sa Sardigna
— Réigiún Féinrialaithe na hIodáile —
Bratach na Sairdíne Armas na Sairdíne
Bratach Armas
Suíomh na Sairdíne
Tír An Iodáil
Príomhbhaile Cagliari
Cúigí Cagliari
Nuoro
Oristano
Sassari
Ogliastra
Medio

Campidano
Olbia-Tempio
Carbonia-Iglesias

Bardasachtaí 377
Rialtas
 • Uachtarán

Renato Soru
Achar
 • San iomlán
 
24,090 km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 
1,637,193
68/km2/km²
Láithreán Suíomh gréasáin

Is réigiún den Iodáil í An tSairdín, (Iodáilis: Sardegna; Sairdínis: SardignaSardinnya) agus í ar an dara oileán is mó sa Mheánmhuir. Tagann ainm an oileáin ón Laidin Sardinia agus tugtar SardignaSardinnia ar an oileán as Sairdis. Tá daonra timpeall 1.6 milliún aici. Is í Cagliari, lonnaithe ar an gcósta theas, príomhchathair an oileáin agus an baile is mó. Tá an t-oileán roinnte i 8 gcúige (4 cinn roimh 2005 - Cagliari, Nuoro, Oristano agus Sassari).

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá an tSairdín i lár na Meánmhuire, suite idir an Chorsaic ó thuaidh agus an Túinéis i dtuaisceart na hAfraice ó dheas. Tá cruth dronuilleogach ar an oileán, le cúpla oileán móra timpeall an phríomh-oileáin - l'Asinara, La Maddalena, Caprera, San Pietro agus Sant'Antioco. Tá an chuid is mó den oileán déanta as eibhear is carraig dhríodair. Tá trí ghrúpa sléibhte móra ann - Limbara, Gennargentu agus Sarrabus. Tá dambanna ar beagnah gach ceann de na h-abhainneacha móra - Flumendosa, Coghinas, Tirso, Flumini Mannu, Cedrino agus Cixerri. Úsáidtear an t-usice chun leitreachas a ghiniúint agus na tailte thart timpeall a uisciú. Tá clú agus cáil bainte amach ag an tSairdín, go h-áirithe i measc na nIodálach, mar cheantar turasóireachta. Tá cóstaí is tránna iontacha ar fud an oileáin, ar nós an Costa Smeralda san oirthuaisceart.

Teanga[athraigh | edit source]

Is í an Iodáilis teanga oifigiúil na Sairdíne cosúil leis an gcuid eile den Iodáil, ach úsáideann muintir dhúchasach an oileáin canúintí atá níos gaire don tseanLaidin féin ná don Iodáilis. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil a leithéid de theanga ann agus an tSairdínis, nó Sardu. Tá an teanga roinnte ina dhá príomhchanúint, mar atá, an Logudóiris agus an Champadáinis, agus iad chomh difriúil le chéile is go bhfuil sé beagnach dodhéanta aon teanga liteartha amháin a chaighdeánú don bheirt acu. Leis an scéal a dhéanamh níos casta fós, labhraítear dhá chanúint eile sa tSairdín nach ndearcann lucht a labhartha orthu mar Shairdínis, is é sin, an tSasáiris agus an Ghalúiris. Le fírinne, is fearr a rá gur canúintí Corsaicise iad seo, más fíor nach canúintí Iodáilise iad. Thairis sin, is í an Chatalóinis teanga Chathair Alghero.

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]

Tá eacnamaíocht traidisiúnta an oileáin bunaithe ar thalmaíocht agus mianadóireacht, an ceann deireanach ag dul i léig, ach tá an turasóireacht ag dul i dtreise. Ó thaobh na h-earrai talmhaíochta a sholáthraítear ar an oileán, tá cáil bhainte amach ag fíona na Sairdíne ar nós Cannonau. Is cuid thábhachtach den eacnamaíocht an lámhcheardaíocht freisin.

Stair[athraigh | edit source]

Réanna stair an oileáin:

  • Réamhstair -> 1000 R.Ch.
  • Seanstair 1000 R.Ch. -> 456 AD
  • Stair mheánaoiseach 456 AD -> 1500
  • Stair nua-aoiseach 1500 -> inniu

Ré na nuraghe[athraigh | edit source]

Téann stair an oileáin siar go dtí an ré Neoiliteach. Tá iarsmaí ó chultúr ar leith a bhfuil lorg de le fáil sa tSairdín amháin, cultúr na nuraghe. Tá sé sin le feiceáil inniu i bhfoirm na dtúr cloiche arda atá ar fáil ar fud an oileáin. Níl mórán eolais cruinn againn faoi chultúr na nuraghe mar níor fhág siad aon taifead scríofa ina ndiaidh agus tá teoiricí difriúla ag na seandálaithe faoi na daoine a mhair ann. Ba 'thír an óir' í le linn 4000 bliain an ré Neoilitigh an tSairdín. Ba chrosbhóthar i lár na Meánmhara í an t-oileán go dtí ré na Rómhánach. Thagadh na chéad gaibhne go dtí an oileán agus iad ar a mbealach go dtí na mianaigh stáin Francacha. Tháinig na chéad Féinicigh go dtí an tSairdín timpeall na bliana 1000 R.Ch. Ba mháistrí loingseoireachta iad, ó chathracha sa Liobáin an lae inniu. Labhair siad Féinicis, teanga Seimiteach ar nós na hEabhraise, agus chruthaigh siad an chéad aibítir. Thóg siad ionaid ar na cóstaí agus chuaigh siad i mbun trádála leis na treibheanna áitiúla sna nuraghi.

Ghlac cathair Chartaige seilbh ar an Sairdín i 509 R.Ch. agus lean a smacht ar an oileán ar feadh beagnach trí chéad bliain go teacht na Rómhánach.

Ré na Rómhánach[athraigh | edit source]

Ghlac na Rómhánaigh seilbh ar an Sairdín i 238 R.Ch. agus bhí siad i gceannas ann ar feadh 700 bliain. Níor chuir siad an t-oileán go léir faoi chois riamh áfach agus d'fhan áiteanna sléibhtiúla ar nós an Gennargentu sna Barbagie saor ó thionchar na Róimhe.

Stair mheánaoiseach[athraigh | edit source]

Ar a slí ar ais ó ruathar ar Lazio ar leithinis na hIodáile i 456 AD ghlac na Vandail seilbh ar Caralis (Cagliari an lae inniu) agus cathracha eile ar chóstaí na Sairdíne. Faoin am sin bhí Impireacht na Róimhe ar an dé deiridh. Beagnach céad bliain ina dhiaidh sin, i 534, bhuaigh trúpaí Impire an Oirthir, Giustiniano, ar na Vandail i Tricamari, 30 km ó Chartaig i dtuaisceart na hAfraice, agus rinneadh cúige Biosántach den tSairdín. Roinneadh an t-oileán i gcúigí darb ainm merèie, le ceannaire faoin ainm judex a bhí i Caralis, le arm a bhí lonnaithe i Forum Traiani (Fordongianus an lae innu, suite in oirthear an oileáin) faoi cheannas dux. Chuaigh an Chríostaíocht agus tionchar an mhanachúlachais i bhfeidhm faoi na Biosántaigh, seachas sna Barbagie, áit ina raibh ríocht neamhspleách ag deireadh an séú haois lena traidisiúin reiligiúnacha agus tuata féin.

Idir 640 agus 732 ghlac na hÁrabaigh seilbh ar thuaisceart na hAfraice, [[an Spáinn]] agus ar chuid den bhFrainc. I 827 thosaigh siad ag ionsaí na [[An tSicil|Sicile]]. Fágadh an tSairdín ina h-aonar agus bhí uirthi í féin a chosaint. Mar sin, d'éirigh an judex provinciae ina cheannaire aonair le cumhachtaí míleata agus tuata. Mar gheall ar na ruathair leanúnacha ó na Beirbeirigh Ioslamacha ar an cóstaí, a thosaigh i 710 agus a d'éirigh ní ba mhinicí le himeacht aimsire, thréig an pobal na bailte cois mara.

Faoi Choróin na hAragóine[athraigh | edit source]

Ghlac arm Pheadar III na Catalóine (Pere el Cerimoniós as Catalóinis) seilbh ar L'Alguer i Lúnasa 1353. D'éirigh muintir na cathrach amach i gcoinne na gCatalónach ar an 22 Meitheamh 1354 is chuir arm Pheadair léig ar an gcathair. Ar deireadh na dála shínigh Peadar conradh le Maria d'Arborea, a bhí ag tabhairt cúnamh do chosantóirí na cathrach, agus ghlac Peadar seilbh ar an gcathair arís. Thosaigh stair Chatalónach na cathrach ansin agus tá canúint na Catalóinise, alguerésalgherese as Iodáilis, á labhairt fós sa chathair. Ghlan Peadar muintir na cathrach amach is thóg sé lonnaitheoirí Catalónacha isteach ina n-áit. Cruthaíodh Coróin na Spáinne i 1479, 10 mbliain i ndiaidh phósadh Ferdinando II na hAragóine agus Isabel Castilla, na ríthe Caitliceacha. Mar thoradh ar sin, rinneadh cúíge Spáinneach den oileán freisin agus mar sin ba chuid de choróin na Spáinne í an tSairdín ó 1323 - 1720. Tá rian an ré seo le fáil i gcultúr an oileáin fós i bhféilte ar nós paráid san Efisio i Cagliari agus an cavalcata i Sassari.

Ríocht na Sairdíne[athraigh | edit source]

Ghlac na hOstairigh seilbh ar an oileán i 1708, mar thoradh ar Chogadh Chomharbas na Spáinne. Tar éis Chonradh Utrecht i 1714, a chuir deireadh leis an streachailt Eorpach sin, tugadh an tSairdín do dhiúic Savoia nó Savoy as Fraincis, a bhí i gceannas ar réigiún Piemonte agus chruthaigh siadsan rítheaghlach dá guid féin i Ríocht na Sairdíne. As sin amach tháinig tionchar na hIodáile i bhfeidhm ar an gcultúr áitiúil. I 1799 d'fhág an rítheaghlach príomhchathair na ríochta, Torino, mar gheall ar na cogaí Napoléon agus chuir siad fúthu i Cagliari ar feadh cúig bliana déag.

Aontú na hIodáile[athraigh | edit source]

I 1847 d'éirigh na Sairdigh as a guid féinrialtais as a stuaim féin agus tháinig siad faoi rialtas díreach ó Piemonte. An bhliain ina dhiaidh sin chuir an rí, Vittorio Emmanuele, tús le cogaí aontaithe na hIodáile, a lean ar aghaidh ar feadh trí bliana déag agus le deireadh an fheachtais sin i 1861, ba chuid den Iodáíl aontaithe í an tSairdín.

Stair chomhaimseartha[athraigh | edit source]

Learscáil leis na cúigí nua ó 2005

I ndiaidh chliseadh deachtóireacht Mhussolini sa Dara Cogadh Domhanda, agus ruaigeadh an rítheaghlach Savoia tar éis reifreann i 1946, tugadh féinrialtas don tSairdín i 1949 mar réigiún de chuid Phoblacht na hIodáile faoi bhunreacht nua na tíre. Ba chuid de mezzogiorno na hIodáile í an tSairdín, í bocht agus neamhfhobartha i gcomparáid le réigiúin tuaisceart na tíre. Rinne an rialtas náisiúnta iarrachtaí tionscail throm a fhorbairt ar nós an tionscail cheimicigh timpeall ar Porto Torres ar an gcósta thuaidh, chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht. Tháinig forbairt ollmhór ar chóstaí Ghallura, ar a dtugtar an Costa Smeralda, san oirthuaisceart, nuair a cheannaigh an Aga Khan tailte ann tar éis dó an Consorzio Costa Smeralda a bhunadh i 1962. Tá tithe samhraidh ag daoine mór le rá ar nós Silvio Berlusconi ann agus bíonn an fharraige plódaithe le báid mhóra le linn an tseasúir saoire. Ó thaobh an rialtais áitiúla de, cuireadh 4 chúige nua - Ogliastra, Medio Campidano, Olbia-Tempio agus Carbonia-Iglesias - leis an 4 cinn a bhíodh ann roimhe sin - Cagliari, Sassari, Nuoro agus Oristano - i mBealtaine 2005.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Breve Storia della Sardegna, Francesco Floris, Tascabili economici Newton
  • La storia di Sardegna, Francesco Cesare Casula, DUE D - Editrice Mediterranea

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]



Réigiúin na hIodáile
Flag of Italy.svg

Abruzzo | Apulia | Basilicata | Calabria | Campania | Emilia-Romagna | Friuli-Venezia Giulia | Lazio | Liguria | an Lombaird | Marche | Molise | Piedmont | an tSairdín | an tSicil | Trentino-Tirol Theas | an Tuscáin | Umbria | Valle d'Aosta | Veneto |