Silvio Berlusconi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Silvio Berlusconi
Silvio Berlusconi (2010)-modif.png

In oifig
8 Bealtaine 200816 Samhain 2011
Réamhtheachtaí: Romano Prodi
Comharba: Mario Monti
In oifig
11 Meitheamh 200117 Bealtaine 2006
Réamhtheachtaí: Giuliano Amato
Comharba: Romano Prodi
In oifig
27 Aibreán 1994 - 11 Nollaig 1994
Réamhtheachtaí: Carlo Azeglio Ciampi
Comharba: Lamberto Dini

Dáta breithe 29 Meán Fómhair 1936
  Milano, An Iodáil
Páirtí Forza Italia
Céile Carla Dall'Oglio (1965)
Veronica Lario (1985)

Iar-Phríomh-Aire na hIodáile is ea Silvio Berlusconi Fuaim éist (rugadh 29 Meán Fómhair 1936). Bhí sé ina phríomh-aire cheana ón mbliain 2008 go dtí 2011, ón mbliain 2001 go dtí 2006, agus ar feadh seala sa bhliain 1994. Bhunaigh sé an páirtí Forza Italia. Is ceannaire an pháirtí Popolo della Liberta (PDL) é Berlusconi. Bhunaigh sé an páirtí seo le Gianfranco Fini sa bhliain 2008.

Dar leis an iris Forbes, is é Berlusconi an duine is saibhre san Iodáil agus é ar an 30ú duine is saibhre ar domhan. Rugadh i Milano é agus is é Berlusconi úinéir chlub sacair A.C. Milan.

Tá conspóid ag baint leis mar gheall ar a chaidrimh le mná, a luaitear striapaigh eatarthu, agus an nós a bhí aige cóisir a reachtáil le mná nochta ar ar thug sé 'Bunga-Bunga' orthu. Is léir ó phobalbhreitheanna agus an bualadh a fuair sé i reifreann na bliana 2011 go bhfuil muinín an phobail caillte aige.