Craoltóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Craoltóireacht

Soláthar cláir is fógraí teilifíse is/nó raidió do phobal i gcoitinne, agus tarchur teicniúil na gcomharthaí raidió is teilifíse. Sna 1920idí bunaíodh raidió seirbhíse poiblí agus raidió trádálach ar leibhéil áitiúla, réigiúnda, náisiúnta is idirnáisiúnta, mar fhoinse an-choitianta siamsa, eolais is oideachais. Faoina bheag nó a mhór de rialúcháin, ag brath ar chóras is cultúr polaitíochta na tíre. Le blianta anuas tugadh caolchraoltóireacht isteach chun seirbhísí a sholáthar do ghrúpaí le suimeanna ar leith. Ón tús bhí an chraoltóireacht an-tábhachtach is ceannródaíoch sna Stáit Aontaithe, leis an iliomad stáisiún craoltóireachta: bhí 2,000 milliún raidió is 1,500 milliún teilifíséan sa tír i 2000.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Craoltóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 178.