Sacar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

(Athsheolta ó Sacair)

Is cineál spóirt é sacar, agus deirtear gurb é an spórt is coitianta ar domhan. Go bunúsach, imríonn dá fhoireann in aghaidh a chéile, agus bíonn an bua ag an bhfoireann a bhíonn in ann an méid is mó cúil a fháil. Déantar cúl nuair a cuirtear an liathróid isteach i líon an fhoireann eile. Tá aon imreoir déag ar fhoireann, agus níl cead acu a lámh a leagan ar an liathróid ar chor ar bith, seachas an cúl báire. Spórt an-choitianta atá ann, agus imríonn dhá chéad milliún duine sacar i ndá chéad tír, de réir FIFA.

Ag imirt sacar.
Ag imirt sacar.

Clár ábhair

[athraigh] Stair

Cé gur sean-spórt é an sacar, ba iad na Sasanaigh a bhunaigh an cluiche nua-aimseartha. Bailíodh le chéile na rialacha éagsúla a bhí le fáil sna scoileanna sa tír, agus cruthaíodh comhrialacha nua. Cuireadh na céad rialacha nua le chéile ag Coláiste na Trionóide, Cambridge i 1848. Bunaíodh an Cumann Peile (Football Association) ar 26 Deireadh Fómhair 1863, é atá ag stiúradh an cluiche fós sa Sasana. Nuair a bhunaíodh FIFA i bPáras i 1904, d'aontaigh siad na rialacha Sasanach a úsáid as seo amach. Cuireadh an céad Corn Domhanda ar siúl i 1930 san Uragua, agus is é seo an comórtas is mó ar dhomhan fós inniu.

[athraigh] FIFA

Is é FIFA (Fédération Internationale de Football Association) comhaltas cheannas an sacair. Is é Corn Sacair an Domhain an comórtas is tábhachtach ná agus imrítear é gach ceithre bliana. Bhuaigh an Iodáil Corn an Domhain sa Ghearmáin i 2006, agus béidh an chéad chomórtas eile san Afraic Theas i samhradh na bliana 2010.

[athraigh] UEFA

Reachtálann Cumann Peile na hAontas Eorpa (nó UEFA) comórtas bliantúil do na clubanna is rathúla san Eoraip. 'Sé ceann do na coirn is clúití é gur féidir a bhaint amach le lucht féachanna domhanda do thart ar aon bhilliún duine. Bunaíodh an comórtas sa séasúr 1955/56 mar chomórtas do bhuaiteoirí Sraitheanna Peile na hEorpa faoin teideal Corn na hEorpa, ach ó shéasúr 1992/93, athainmníodh an comórtas go Sraith Peile na hEorpa agus glacann na foirne is fearr san Eorap páirt ann gach bliain.

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



Do chuid uirlisí