Mario Monti

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mario Monti
Mario Monti cropped.jpg

In oifig
16 Samhain 2011 - inniu
Réamhtheachtaí: Silvio Berlusconi

Aire Geilleagair agus Airgeadais
In oifig
16 Samhain 2011 - inniu
Réamhtheachtaí: Giulio Tremonti

Dáta breithe 9 Lúnasa, 1939
  Varese, An Iodáil
Páirtí Neamhspleách

Príomh-Aire reatha na hIodáile agus Aire Geilleagair agus Airgeadais is ea Mario Monti. Tá sé ina eacnamaí agus ina fhear léinn. D'fhreastal sé mar Choimisinéir Eorpach ó 1995 go dtí 2004, agus freagracht aige ar an Mhargadh Inmheánach, Sheirbhísí, Chustaim agus Chánachas 1995-1999, agus ansin le haghaidh na hIomaíochta 1999-2004. Bhí sé ina Uachtarán agus ina Reachtaire den Università Commerciale Luigi Bocconi (Gaeilge: Ollscoil Thráchtála Luigi Bocconi). Ceapadh é mar Sheanadóir Saoil den tSeanad Iodálach ar an 9 Samhain 2011, agus thug an tUachtarán Giorgio Napolitano cuireadh dó go luath ina dhiaidh sin bheith i gceannas ar rialtas nua teicnealathaíteach san Iodáil tar éis Silvio Berlusconi bheith éirithe as oifig. Tá sé ina chomhairleoir sinsearach ag Goldman Sachs.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile