Romano Prodi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Romano Prodi
Prodi Heiligendamm G8 2007 001 crop.jpg

In oifig
17 Bealtaine 2006 - 8 Bealtaine 2008
Réamhtheachtaí: Silvio Berlusconi
Comharba: Silvio Berlusconi
In oifig
17 Bealtaine 1996 - 21 D. Fómhair 1998
Réamhtheachtaí: Lamberto Dini
Comharba: Massimo D'Alema

Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa
In oifig
16 M. Fómhair 1999 - 30 D. Fómhair 2004
Réamhtheachtaí: Manuel Marin
Comharba: José Manuel Barroso

Dáta breithe 9 Lúnasa, 1939
  Reggio Emilia, An Iodáil
Páirtí Partito Democratico

Is polaiteoir Iodálach é Romano Prodi (rugadh 9 Lúnasa, 1939 i Reggio Emilia, An Iodáil). Iar-Phríomh-Aire na hIodáile é Prodi, agus iar-Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa chomh maith. Fuair sé céim sa dlí ón ollscoil Chaitliceach i Milano agus chaith seal ina mhac léinn sa London School of Economics. Ba mar ollamh le heacnamaíocht a thosaigh sé a ghairm, agus chaith sé sealanna gearra in ollscoiileanna Stanford agus Harvard. Chaith sé ocht mbliana fichead ina ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Bhologna, áit a gcónaíonn sé go fóill.

Chuaigh sé le polaitíocht i lár na 1970í, agus ceapadh é ina Aire Tionsclaíochta i 1978. Bhí sé ar choimisiúin éagsúla sna 1980í agus go luath sna 1990í. Rinneadh Príomhaire na hIodáile de i 1996, ach thit a rialtas i 1998 nuair a tharraing na Cumannaigh siar a dtacaíocht.

Bhí Romano Prodi ina Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa ó Mheán Fómhair 1999 go Samhain 2004. Ghlac sé páirt arís i bpolaitíocht Iodálacha, agus bhuaigh sé an toghchán i gcoinne Silvio Berlusconi i mí Aibreán, 2006.

Romano Prodi (ar an lámha dheis) le Uachtarán na Stát Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire na Sualainne Göran Persson ar 14 Meitheamh, 2001.