Píodmant

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Regione Piemonte
— Réigiún na hIodáile —
Bratach Piemonte Armas Piemonte
Bratach Armas
Suíomh Piemonte
Tír An Iodáil
Príomhbhaile Torino
Cúigí Alessandria
Asti
Biella
Cuneo
Novara
Torino
Verbano-Cusio-Ossola
Vercelli
Bardasachtaí 1,206
Rialtas
 • Uachtarán

Roberto Cota
Achar
 • San iomlán
 
25,399 km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 
4,646,251
180/km2/km²
Láithreán Suíomh gréasáin

Is réigiún san Iodáil é Píodmant,[1] atá suite i dtuaisceart na tíre. Piemonte an t-ainm Iodáilise. Piemont an leagan a úsáidtear sa teanga áitiúil. Is í Torino príomhchathair an réigiúin.

"Chois na sléibhte" is brí leis an ainm sin Píodmant (ad pedem montium as Laidin), agus na hAlpa ag timpeallú an réigiúin ó thrí thaobh. Tá an réigiún ag críochantacht leis an bhFrainc, an Eilvéis agus roinnt réigiún eile san Iodáil, mar atá, Liguria, Gleann Aosta, an Lombaird, agus Emilia-Romagna.

Stair[athraigh | edit source]

Ar dtús, ba iad na treibheanna Ceilteacha, cosúil leis na Taurini agus na Salassi, a bhí ina gcónaí sa réigiún. Timpeall ar 220 RC, chuir na Rómhánaigh faoi chois iad. Coilíneachtaí Rómhánacha iad ó thús Torino (Augusta Taurinorum) agus Ivrea (Eporedia), mar shampla. I ndiaidh d'Impireacht Rómhánach an Iarthair dul de dhroim an tsaoil, rinne idir chomharsana agus eachtrannaigh is bharbaraigh éagsúla léirscrios timpeall an réigiúin.

Sa bhliain 1046, rinne Ódó (nó Ottó), Cúnta Shaváí, a chuid féin de Phíodmant. Sa bhliain 1416, rinneadh Diúcacht de Shaváí, agus sa bhliain 1563, d'athraigh an Diúc Emanuele Filiberto a chúirt go Torino. Sa bhliain 1762, bhain Diúc Phíodmant amach ríghe na Sairdíne, agus tháinig Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne ar an bhfód.

Sa bhliain 1796, d'fhorghabh trúpaí réabhlóideacha na Fraince an réigiún, agus ghair na réabhlóidithe áitiúla poblacht de - Poblacht Alba, nó repubblica di Alba. Cathair bheag i bPíodmant é Alba, i gceantar a bhfuil clú agus cáil ar a chuid fíonta. Níor mhair an phoblacht - ná an dara poblacht a bunaíodh ina dhiaidh sa réigiún, mar atá, an Phoblacht Fho-Alpach nó Repubblica Subalpina - i bhfad, agus le fírinne ní raibh iontu riamh ach stáit shoip a bhí i dtuilleamaí na Fraince le haghaidh tacaíochta. Nuair a tháinig Comhdháil Vín le chéile, cuireadh Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne ar bun arís, agus bhronn an Chomhdháil ríocht Genova ar rí Phíodmant agus na Sairdíne le go mbeadh an tír ní ba láidre dá n-ionsódh na Francaigh arís í.

Ba í Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne túsphointe an Risorgimento, is é sin, athaontú na hIodáile ón mbliain 1859 ar aghaidh. Go bunúsach, shealbhaigh Rí Phíodmant iomlán na hIodáile de réir a chéile, agus an ríocht Iodálach a tháinig ar an bhfód mar seo, ba í Ríocht Phíodmant í, de jure. Ar dtús, ba í Torino príomhchathair na hIodáile seo, ach ansin, hathraíodh an phríomhchathair go Flórans, agus ina dhiaidh sin go dtí an Róimh.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Píodmant". Focal.ie. Dáta rochtana: 2010-08-21.


Biella, Píodmant



Réigiúin na hIodáile
Flag of Italy.svg

Abruzzo | Apulia | Basilicata | Calabria | Campania | Emilia-Romagna | Friuli-Venezia Giulia | Lazio | Liguria | an Lombaird | Marche | Molise | Piedmont | an tSairdín | an tSicil | Trentino-Tirol Theas | an Tuscáin | Umbria | Valle d'Aosta | Veneto |