Airciméidéas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Airciméidéas
Domenico-Fetti Archimedes 1620.jpg
Airciméidéas le Domenico Fetti, 1620
Dáta breithe t.287 RC
  Sioracús, an tSicil
Dáta báis t.212 RC
  Sioracús, an tSicil
Réimsí Fisic
Innealtóireacht
Matamaitic
Réalteolaíocht
Srl.
Iomráiteach do Luamháin
Hidreastatachas
Srl.

Matamaiticeoir, fisicí, innealtóir, airegóir, agus réalteolaí Gréigeach ab ea é Airciméidéas Shioracús (Gréigis: Ἀρχιμήδης) (t. 287 RC – t. 212 RC). Cé nach bhfuil sonraí a shaoil an-shoiléir, meastar go bhfuil sé ar dhuine de na h-eolaithe is mó sa tseaniarsma clasaiceach riamh. I measc na forbairtí a rinne sé i bhfisic ná bunú an hidreastatachas agus prionsabal an luamháin a mhíniú.

An scéilín is cáiliúla a insítear faoi Airciméidéas ná an lá a chum sé modh nua chun rud le cruth neamhrialta a thomais. Léim sé amach as an bhfolcadh ina raibh sé suite, agus rith sé amach lomnocht ar an sráid ag scairteadh "Iúiríce!" (Gréigis: "εύρηκα!"), "Tá sé faighte agam!").