Giovanni Falcone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGiovanni Falcone

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Giovanni Salvatore Augusto Falcone
18 Bealtaine 1939
Palermo, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Bealtaine 1992
53 bliana d'aois
Capaci, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Carrbhuamáil)
Áit adhlacthaPalermo Cuir in eagar ar Wikidata
Breitheamh
1964 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Palermo Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Palermo
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgiúistís, breitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Teaghlach
CéileFrancesca Morvillo Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínMaria Falcone
Croineolaíocht
23 Bealtaine 1992Capaci massacre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Breitheamh Iodálach ab ea Giovanni Falcone (18 Bealtaine 1939 - 23 Bealtaine 1992) agus é ina ionchúisitheoir faoi choireanna de chuid an Mhaifia. Feallmharaíodh é sa bhliain 1992.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sicileach ab ea Falcone féin, cosúil leis na fir a bhí á n-ionchúisiú aige, agus d'fhás sé suas i gceantar dearóil i bPalermo.

Eisean a d'eagraigh na mórthrialacha - "na trialacha maxi" - thiar sna hochtóidí, inar baineadh admhálacha a gcuid coireanna as na céadta drongadóirí de chuid an Mhafia.

Cuimhneachán, Piazza Magione, Palermo

Ba é an t-ollbhrathadóir Tommaso Buscetta a chuir ar chumas Falcone an t-éacht seo a chur i gcrích. Bhí Buscetta sásta a chuid eolais a nochtadh do Falcone, toisc go raibh luiteamas aige leis an mbreitheamh mar dhuine. Bhí sé den tuairim gurbh é Falcone an t-aon duine amháin de lucht an dlí a bhí sásta labhairt leis mar dhuine cothrom ar aon dínit leis féin.

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buama bobghaiste a mharaigh Falcone. Shéid an Cosa Nostra buama mór faoin mhótarbhealach agus Falcone ag tiomáint a chairr go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Palermo.[2] Fuair a bhean chéile Francesca Morvillo bás chomh maith. Agus maraíodh triúr póilíní (Antonio Montinaro, Vito Schifani agus Rocco Dicillo) sa phléasc chéanna; bhí siad i ngluaisteán eile. Ba é Giovanni Brusca a mhaidhm an t-ábhar pléasctha, agus fuair sé an t-ordú ó Salvatore "Toto" Riina.

"Níor mharaigh sibh iad. Tá a gcuid smaointí ag siúl ar ár gcosa." Mórshiúl i ndilchuimhne ar Giovanni Falcone agus Paolo Borsellino.

Bhí aithne mhaith phearsanta ag Giovanni Falcone ar Paolo Borsellino, an breitheamh Iodálach eile a fuair bás ó lámh an Mhafia faoin am céanna. Inniu, tugtar Aerfort Falcone-Borsellino ar aerfort idirnáisiúnta Phalermo i ndilchuimhne ar an mbeirt fhear seo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mícheál Ó hUanacháin. (2010. Comhar 70 (10), 5-7.). "Lámha Salacha". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Capaci bombing" (as en) (2021-05-16). Wikipedia.