Pavia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cathair san Iodáil í Pavia (Lombairdis: Pavia; Laidin: Ticinum), atá suite ar an Abhainn Ticino. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, 35 ciliméadar ó Milano. Is í Pavia príomhchathair Cúige Pavia agus cónaíonn timpeall 71,000 daoine sa chathair, a lán mic léinn ina measc. Tá clú agus cáil ar an gcathair, mar gheall ar an ollscoil den scoth atá inti, Ollscoil Pavia. Anuas ar sin, tarlaíonn mórán talmhaíocht sa cheantar, agus déantar rudaí mar fíon, rís agus toradh déiríochta.