Syd Barrett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceoltóir, giotáraí agus cumadóir Sasanach ab ea é Syd Barrett, a rugadh leis an ainm Roger Keith Barrett (6 Eanáir, 1946 - 7 Iúil, 2006). B'eisean a bhunaigh an banna Sasanach Pink Floyd i 1965, agus bhí sé ina phríomhchumadóir sa bhanna i rith an ré sin. Scríobh Barrett an chuid is mó den albam rathúil The Piper at the Gates of Dawn, an píosa ceoil ab fhearr a bhí acu sa tréimhse seo.

Portráid Syd Barrett

Thosaigh staid meabhrach Barrett ag éirí go dona ag deireadh na 1960idí. Bhí sé ag úsáid an druga LSD go minic, agus ar feadh tamaill bhí fadhbanna intinne troime aige. Cuireadh as an mbanna é i 1968, agus tháinig David Gilmour isteach ina áit. Rinne Barrett cúpla albam ina aonar, ach ansin d'éirigh sé as.

Chaith Barrett an chuid eile dá shaol ar ais abhaile i gCambridge, i dteach a mháthar. Cailleadh i mí Iúil 2006 é.

Rinne Pink Floyd cúpla amhrán mar ómós do Bharrett, mar shampla Shine On You Crazy Diamond agus Wish You Were Here.

Albaim[athraigh | edit source]

Le Pink Floyd[athraigh | edit source]

Ina aonar[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]