5 Eanáir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| << Eanáir >> | ||||||
| Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
| 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | |
| 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 |
| 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 |
| 21 | 22 | 23 | 24 | 25 | 26 | 27 |
| 28 | 29 | 30 | 31 | |||
| 2013 | ||||||
| Laethanta na bliana go léir | ||||||
Is é an 5 Eanáir an cúigiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 360 lá fágtha sa bhliain nó 361 i mbliain bhisigh.
Clár ábhair |
Féilte [athraigh]
Daoine a rugadh ar an lá seo [athraigh]
- 1930 - Buzz Aldrin, spásaire Meiriceánach
- 1932 - Umberto Eco, scríbhneoir Iodálach
- 1938 - Juan Carlos, rí na Spáinne
- 1956 - Frank-Walter Steinmeier, polaiteoir Gearmánach
Daoine a fuair bás ar an lá seo [athraigh]
- 1922 - Ernest Shackleton, taiscéalaí (r.1874)
- 1933 - Calvin Coolidge, 30ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1872)
- 1976 - John A. Costello, 2ú Taoiseach na hÉireann (r.1891)
Imeachtaí Eile [athraigh]
- 1839 - Oíche na Gaoithe Móire
- 1907 - d'oscail Club Gluaisteánaíochta na hÉireann (Irish Automobile Club) an chéad taispeántas gluaisteán riamh in Éirinn.
- 1911 - tháinig agóideoirí Protastúnacha le chéile i Halla Tionóil Bhéal Feirste le cur in aghaidh Ne Temere, acht an Phápa a choisc ar na Caitlicigh Protastúnach a phósadh mura bhfaigheadh an chlann tabhairt suas Chaitliceach.
- 1936 - mhol an polaiteoir náisiúnaíoch Seosamh Ó Doibhlin dá mhuintir féin páirt a ghlacadh i saol polaitiúil Thuaisceart Éireann agus ionadaithe dá gcuid féin a vótáil isteach ar Stormont.
- 1953 - thit eitleán de chuid na haerlíne British European Airways in aice le haerfort Choirnéal Nutt, agus fuair seachtar daoine fichead bás sa timpiste. Tháinig ochtar eile slán. Ba í seo an aerthaisme ba mheasa riamh i stair Thuaisceart Éireann.
- 1976 - mharaigh Fórsa Gníomhaíochta Poblachtach Ard Mhacha Theas deichniúr Protastúnach i Muileann an Rí, Ard Mhacha.
- 1981 - in ainneoin na n-agóidí, d'fhógair Aontas Rugbaí na hÉireann go raibh siad le dul go dtí an Afraic Theas le cluiche a imirt in aghaidh na foirne náisiúnta ansin, na Springboks, cé go raibh an apairtéid i réim sa tír sin i gcónaí.