Ernest Shackleton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ernest Henry Shackleton sa bhliain 1908

Taiscéalaí Gall-Ghaelach ab ea Sir Ernest Henry Shackleton, Kt., CVO, OBE (15 Feabhra 18745 Eanáir 1922).

Idir na blianta 1901 agus 1922, thug Shackleton, a rugadh i gContae Chill Dara in Éirinn, faoi cheithre thuras taiscéalaíochta san Antartach. Le linn an aistir a thug sé faoi ar bord an Nimrod, thaistil sé níos faide ó dheas ná aon duine de lucht a chomhaimsire. Mar aitheantas ar an éacht seo a bronnadh ridireacht air. Sheas sé i dtoghchán i 1906 ar son Pharlaimint Shasana, gan toradh. Bhí baint aige le fiontair ghnó, a raibh mar chuspóir acu airgead a ghnóthú ar son taiscéalaíochta sa Mhol Theas.

Is mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé, ina cheannaire ar an Turas Impiriúil Taiscéalaíochta Treas-Antartach ó 1914-1916 is mó atá clú agus cáil ar Shackleton sa lá atá inniu ann.

A chúlra[athraigh | edit source]

Is i gContae Chill Dara, in Éirinn a rugadh Ernest Shackleton, de shinsearacht Ghall-Ghaelach. Ernest an mac ba shine as deichniúr clainne a bhí ag Henry Shackleton agus Henrietta Sophia Graven, a bhean chéile. Tógadh i gCill Dara é go dtí go raibh sé sé bliana d’aois, nuair a bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, d’fhágadar Éirinn ar fad, agus chuireadar fúthu i Londain.

Fuair sé post mar phrintíseach ar long trádála agus é sé bliana déag d’aois, le cabhair óna athair. Faoi 1898, bhí sé cáilithe mar Mháistir-Mhairnéalach, a chuir ar a chumas a bheith i gceannas loinge.

An tAntartach[athraigh | edit source]

Thart ar an am sin, bhí turas taiscéalaíochta Antartach arna eagrú ag Robert Falcon Scott agus fuair Shackleton post leis mar oifigeach sóisearach ar an long Discovery. Seo an rud a chuir tús lena chuid aistear go dtí an tAntartach. I 1902, roghnaigh Scott beirt, Shackleton agus Edward Wilson, le teacht leis chun iarracht a dhéanamh an Mol Theas a aimsiú. D’éirigh leo dul níos mó ná 412 ciliméadar níos cóngaraí don Mhol ná a d’éirigh le duine ar bith rompu, ach b’éigean dóibh iompú ar ais. Bhuail drochaimsir, easpa bia agus tinneas iad. Cuireadh Shackleton abhaile go luath ós rud é go raibh sé breoite leis an scorbach agus cuireadh fáilte mhór roimhe nuair a shroich sé Londain arís.

Idir 1903 agus 1907, d’iompaigh Shakleton ar chúrsaí gnó, le hairgead a ghnóthú ar son turais eile chun an Antartaigh. Le tacaíocht ó fhir gnó agus ón gCumann Ríoga Geografach, sheol long Shackleton, an Nimrod, ón Nua-Shéalainn i dtreo an Antartaigh. Is ar an turas seo a tugadh an leasainm, “Boss” ar Shackleton, de bharr a chumais mar cheannaire, a bhí bunaithe go mór ar chairdeas agus ar ómós. Chuireadar fúthu i gcampa bunaidh in Oileán Ross agus thugadar aghaidh ar an Mol Theas uaidh sin. I 1909, shroich Shackleton pointe nach raibh ach 97 míle ón Mol Theas, sular éigean dó iompú ar ais. Bheartaigh Shackleton iompú ar ais. Chinn sé ar chomhairle nach bhféadfadh an fhoireann uile filleadh slán dá leanfaidís ar aghaidh. Cé go raibh bia gann, dhreap an fhoireann Mount Erebus, d’aimsigh siad suíomh an Phol Maighnéadach Theas. Ba iad an chéad ghrúpa a trasnaigh an sliabhraon Treas-Antartach agus a leag cos ar Ardchlár an Antartaigh Theas. Nuair a tháinig an grúpa ar ais chuig an gcampa bunaidh i mí Feabhra 1909, fuaireadar litir ón Nimrod ag rá gur fhág sí dhá lá roimhe sin. Chuir Shackleton agus a fhoireann an campa trí thine chun go bhfeicfeadh criú na loinge iad. D’éirigh leo agus bhí an fhoireann go léir ar bord loinge ar an mbealach abhaile laistigh de chúpla lá.

Shackleton sa bhliain 1916

Taiscéalaíocht an Endurance[athraigh | edit source]

Cé gur shroich Amundsen an Mol Theas i 1911, thosaigh Shackleton ag pleanáil turais eile – an Turas Impiriúil Taiscéalaíochta Treas-Antartach. Ar an turas seo, a nglaotar “Aistear Shackleton” nó “Taiscéalaíocht an Endurance” air go minic, bhí sé de sprioc ag Shackleton siúl trasna na hIlchríche Antartaí agus an Mol Theas a aimsiú ar an mbealach.

Cé nár éirigh le Shackleton san iarracht seo, léirigh sé ceannasaíocht den scoth i rith an aistir. D'fhág Endurance Plymouth i ndeisceart Shasana i 1915 ag triall ar an gCiorcal Antartach. Bhuail tubaiste iad i Muir Weddell. Chuaigh an Endurance i bhfostú sa leac oighir agus chuaigh sí go tóin poill. Threoraigh Shackelton a fhoireann chun tearmainn ar Oileán an Eilifint. Uaidh sin, le cúigear fear, an Ciarraíoch Tom Crean ina measc, sheol sé trasna 1,287 ciliméadar d’fharraige oscailte an Aigéin Antartaigh i mbád beag go hOileán Georgia Theas. B’éigean dóibh limistéar garbh sléibhtiúil a chur díobh, chun stáisiún seilg míolta móra ar an taobh eile den oileán iargúlta a bhaint amach. Is ansin, i bhfad na haimsire, a bhí Shackleton in ann long a thionól agus a fhoireann a thabhairt ar ais slán ó Oileán an Eilifint ar an gceathrú hiarracht. Tar éis 22 mí a chaitheamh san Antartach, tháinig gach aon fear slán ón Endurance.

A bhás[athraigh | edit source]

In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí aige ar thuras taiscéalaíochta an Endurance, d’eagraigh Shackleton turas eile i 1922. Bhuail taom croí é in Rio de Janeiro, ar an mbealadh ó dheas. Fuair sé bás go luath ina dhiaidh sin ar bord loinge amach ó chósta Oileán Georgia Theas. Tá sé curtha in Grytviken ar an oileán.[1]

Tagairtí[athraigh | edit source]