Robert Falcon Scott

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Taiscéalaí an Antartaigh, a rugadh gar do Devonport Shasana ab ea Robert Falcon Scott (1868-1912). I 1910 bhí sé i gceannas ar aistear don Mhol Theas, a shroich an Mol ar 17 Eanáir 1912 ach a fuair amach go raibh an t-aistear Ioruach faoi Amundsen tar éis an Mol a bhaint amach mí roimhe sin. Fuair gach duine d'fhoireann Scott bás ar an aistear.