Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath
Royal Dublin Society
Saghas Comhlachta Cumann léannta, fondúireacht
Bunaithe 25 Meitheamh, 1731
Suíomh Bóthar Inis Móin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4
Daoine Lárnacha Owen Lewis (cathaoirleach an bhoird), Fonsie Mealy (uachtarán), Matthew Dempsey (leasuachtarán)
Méid fostaithe
Tionscail Imeachtaí, taispeántais, talmhaíocht, na healaíona, srl.
Láithreán Gréasáin RDS.ie

Is cumann léannta é Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar bhunaíodh é sa bhliain 1731, a chaitear le talmhaíocht, tionscal, eolaíocht agus ealaín. Tháinig a lán institiúidí cultúrtha móra uaidh; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Garraithe Náisiúnta na Lus, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is iad áitribh an chumainn, i nDroichead na Dothra, an coimpléasc imeachtaí is mó in Éirinn, a mbíonn spórt, ceolchoirmeacha agus taispeántais ar siúl ann, comh maith le phríomh-ócáid bhliantúil an chumann, Seó Capall Bhaile Átha Cliath.

Stair[athraigh | edit source]

Bhunaigh ceathrar déag an cumann ar an 25 Meitheamh, 1731, i seomraí Chumainn Fealsúnach Bhaile Átha Cliath i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Thug siad an t-ainm Cumann Bhaile Átha Cliath chun Riar, Déantúsaíocht agus Ealaíona Úsáideacha Eile a Spreagadh ar an gcumann. Cuireadh "agus Eolaíochtaí" tar éis "Ealaíona" ar an 8 Iúil. Ba é an duine is mó a stiúir an cumann ná Thomas Prior, dlíodóir agus úinéir talún a bhí baint aige le bhunú an Chumann Fisic-Stairiúil agus Ospidéal an Rotunda. Bhí William Maple tábhachtach don bhunú freisin.

Bhí 300 ball ann faoi na 1740í. Bhronn an cumann deontais um áthgabháil talún, síolrú beostoic, iascach agus teicstílí. Bhronnadh cairt ar an gcumann sa bhliain 1750. Roimh na 1760í, mhair an cumann ar airgead príobháideach. Ó thús na 1760í, thosaigh an pharlaimint ag tabhairt airgead dó chun a bheith ina oide teicniciúil agus forbaitheoir eacnamaíochta. D’úsáid an cumann an airgead seo chun chur le scoil ealaín sna 1740í, músaem ón mbliain 1793 agus garraithe lus ón mbliain 1795.

D’éirigh an cumann as an bhfeirmeoireacht mar imeacht sa bhliain 1800 mar gheall ar bhunú an Chumann Fheirmeoireacht a bhí i réim san imeacht sin. Tháinig an cumann le chéile in áiteanna éagsúla thar na blianta, .i. Tithe na Parlaiminte agus teach ar Shráid Grafton a raibh Acadamh Ríoga na hÉireann sa teach in aice leis san áireamh. Sa bhliain 1815, cheannaigh an cumann Teach Laighean ón 3ú Diúic Laighean, le haigheadh £10,000 agus £600 mar cíos talún. Sa bhliain 1820, ceapadh Seoirse IV mar phatrún an chumainn, agus tugadh Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar an gcumann uaidh sin.

Sna 1830í, bhí stráitéis tearma fhada ag an rialtas maidir le hÉirinn; .i. athraithe i sealbhaíocht talún agus an eaglais bhunaithe agus forbairt chóras náisiúnta oideachais. Bhí an cumann páirteach in oideachas eolaíochta cheana as córas ollamh agus leachtanna poiblí. Sa bhliain 1835, rinne an rialtas athraithe faoi bagairt stopadh na ndeontais. Ní dhéantar aon rud ar feadh deich mbliana, áfach. Ansin, tógadh an scoil ealaín, na garraithe lus an músaem agus an leabharlann don stát. Ní raibh ag an gcumann a thuileadh ach a seoanna talmhaíochta agus a n-imeachtaí eolaíochta.

Bhí an cumann freagrach as oideachas lucht oibre ó thaobh na heolaíochta ón bhliain 1854. Bhunaíodh Músaem Stair an Dúlra sa bhliain 1856 agus an Gailearaí Náisiúnta sa bhliain 1859. Tháinig srianta ar seóanna talmhaíochta ar fhaiche Theach Laighean de thoradh ar fhoirgnimh nua ann, agus bogadh iad chuig pháirc thaispeántais i nDroichead na Dothra, ar úsáid an Cumann Ríoga Talmhaíochta iad cheana, cumann a chumaisc leis an CRBÁC tar éis sin.

Sa bhliain 1861, lorg an cumann deontas ón bparlaimint chun Mhúsaem Stair an Dúlra a chríochnú agus chun talún a cheannach do sheóanna talmhaíochta. Bronnadh cairt nua ar an gcumann sa bhliain 1866 agus rinneadh deighilt idir cistí poiblí agus príobháideacha.

Mhol an 3ú Iarla Harrowby sa bhliain 1875 go ndéanfaí cumann talmhaíochta as an gcumann agus cumann eolaíochta agus liteartha as Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí deacrachtaí ann, áfach, leas poiblí agus príobháideach sa dá chumainn a fháil amach, agus bhí easaontuithe ar feadh na blianta mar thoradh air sin. Faoi dheireadh, rinneadh an Leabharlann Náisiúnta ó leabharlann an chumainn, chuaigh scoil ealaíne agus gairdíní lusanna an chumainn isteach in úinéireacht poiblí agus rinneadh Músaem Eolaíochta agus Éalaíne Bhaile Átha Cliath, ar thugadh an Ard-Mhúsaem air níos déanaí, de cnuasaigh an chumainn agus Acadamh Ríoga na hÉireann, agus bhí ról ag an dá chumainn sna hinstitiúidí seo go léir. Bhain riarthóirí de thátal go raibh an cumann marbh sa bhliain 1877. Glacadh le mná mar chomhtiomsáin an chumainn den chéad uair sa bhliain sin ach níor ligeadh dóibh guth nó freastail ar chruinnithe ginearálta.

Tógadh foirgnimh i nDroichead na Dothra ón bhliain 1880 amach. Tháinig feabhas ar fheidhm talmhaíochta an chumainn nuair ar chumaisc sé leis an gCumann Ríoga Talmhaíochta, a bhí beagnach éagtha. Tógadh an Leabharlann Náisiúnta agus an tArd-Mhúsaem in aice le Teach Laighean sa bhliain 1883. Bronnadh cairt breise ar an gcumann ar an 20 Bealtaine, 1888.

Chuir an cumann halla léachtaí le Teach Laighean sa bhliain 1897, is seomra Dáil Éireann anois é. Ní bhfuair an cumann cúnamh ón stát ón bhliain 1900.

Foréiligh an rialtas Teach Laighean do tithe pharlaiminte sa bhliain 1924, agus bhog an cumann chuig a áitreabh ag Droichead na Dothra. Ligeadh do mná guth agus freastail ar chruinnithe ginearálta sa bhliain 1921, agus toghadh an chéad bhean, Mary Hutton, do chomhairle an chumainn sa bhliain 1929. Ba í Dervilla Donnelly an chéad bhean ba uachtarán an chumainn í sa bhliain 1989.

Leabharliosta[athraigh | edit source]

  • S.J. Connolly, The Oxford Companion to Irish History, Oxford University Press (Oxford, 1998), ISBN 0-19-866240-8
  • Brian Lalor, The Encyclopaedia of Ireland, Gill & Macmillan (Baile Átha Cliath, 2003), ISBN 0-7171-3000-2