Brendan Maher

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iománaí Éireannach is ea Brendan Maher (Breandán Ó Meachair i nGaeilge), a rugadh ar an 5 Eanáir 1989. As Buiríos Ó Luigheach i gContae Thiobraid Árann dó. Imríonn sé leis an club iomána áitiúil agus le foireann an chontae. Bhi sé mar chaptaen ar fhoireann na mionúr nuair a bhaineadar craobh na hÉireann sa bhliain 2007. I 2010 bhuaigh sé craobh faoi-21 na hÉireann mar aon le craobh na sinsear. De ghnáth imríonn sé mar leathchúlaí nó i lár na páirce.