Giorgio Perlasca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh Perlasca i mBúdaipeist.

Fear gnó ón Iodáil ab ea é Giorgio Perlasca (rugadh é i gComo, an Iodáil, 31 Eanáir 1910, fuair sé bás i bPadova ar an 15 Lúnasa 1992) a shábháil na mílte Giúdaigh i mBudapest, san Ungáir, i mblianta deiridh an Dara Cogadh Domhanda, cé gur Faisisteach a bhí ann féin ó thús. Is minic a cuireadh i gcomparáid le hOskar Schindler é.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Nuair a bhí Perlasca óg, bhí sé go mór faoi thionchar an fhile Iodálaigh Gabriele d'Annunzio. Náisiúnaí rómánsach ab ea é d'Annunzio, agus páirt nach beag aige agus ag a chuid filíochta i bhforbairt an Fhaisisteachais san Iodáil. Nuair a chuaigh an Iodáil chun cogaidh in aghaidh na hAbaisíne, ghlac Perlasca páirt sna cathanna, agus ansin, nuair a chabhraigh an Iodáil le Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne, liostáil Perlasca sna saighdiúirí arís eile.

De réir a chéile, áfach, d'éirigh Perlasca drochamhrasach i leith an Fhaisisteachais. Go háirithe, bhí sé míshásta leis na dlíthe frith-Ghiúdacha a reachtaíodh sa bhliain 1939 agus leis an dóigh a raibh an Iodáil ag comhoibriú leis na Gearmánaigh sa chogadh.

An Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, bhí Perlasca ag obair do chomhlacht Iodálach a bhí ag cur mairteola i gcannaí stáin. Mar cheannaí feola don ghnó cannála sna Balcáin, chaith sé an chéad chupla bliain cogaidh san Iúgslaiv, ach sa bhliain 1942, chuaigh sé go Budapest san Ungáir. Thaitin an áit go mór leis, agus d'éirigh sé mór le go leor daoine ansin.

Nuair a shocraigh Pietro Badoglio, Marascal Cogaidh na hIodáile, sos cogaidh leis na Comhghuaillithe, thacaigh ambasadóir oifigiúil na hIodáile i mBudapest le Mussolini agus leis an gcogadh i gcónaí, agus mar sin, ní raibh fáilte roimh Perlasca in ambasáid na hIodáile a thuilleadh. Bhí eagla air go ngabhfadh na Naitsithe é, agus chuaigh sé ar lorg cuidiú go hambasáid na Spáinne. I ndiaidh na gcathanna a chuir sé ar son Franco, bhí caipéis aige ón Spáinn a rinne cineál saoránach oinigh sa tír sin de. Nuair a chuir sé an chaipéis seo faoi bhráid an ambasadóra Spáinnigh Ángel Sanz Briz, fuair sé tearmann i vile a bhí ar cíos ag rialtas na Spáinne, agus stádas eistíre ag baint leis an áit. Ó nach raibh seans ar bith aige deisceart na hIodáile - an chuid den tír a bhí gafa ag na Comhghuaillithe - a bhaint amach, ghéill sé é féin do na húdaráis Ungáracha agus lig sé dóibh é a imtheorannú. Bhí eagla air, áfach, go gcaithfí leis ar an dóigh chéanna agus a gcaití leis na hIodálaigh a bhí imtheorannaithe ag na Gearmánaigh. Le caoinchead ó na húdaráis Ungáracha, thréig sé an campa imtheorannaithe ar an tríú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair 1944 agus d'fhill sé go Budapest, áit a ndeachaigh sé ar a sheachnadh.

Bhí reachtaíocht fhrith-Ghiúdach i bhfeidhm san Ungáir ón mbliain 1938, ach ní raibh sí leath chomh dona le péindlíthe na Gearmáine. I Mí na Márta 1944, d'fhorghabh na Gearmánaigh an Ungáir le féachaint chuige nach bhféadfadh Miklos Horthy, deachtóir na tíre, sos cogaidh a shocrú leis na Comhghuaillithe. Ina dhiaidh sin féin, bhí Budapest i bhfad níos sábháilte do na Giúdaigh ná aon phríomhchathair eile sa chuid den Eoraip a bhí gafa ag na Naitsithe. San am céanna, áfach, bhí an t-Einsatzkommando faoi cheannas Adolf Eichmann ag rith damhsa ar fud an chuid eile den tír, agus mharaigh siad beagnach leathmhilliún de Ghiúdaigh san Ungáir, go dtí gur chuir Horthy stop leis an díothú seo, agus é ag éirí buartha faoin dóigh a rachadh siad i gcion ar na Comhghuaillithe.

Bhí a fhios ag Perlasca na rudaí uafásacha a bhí i ndán do na Giúdaigh, nó nuair a bhí sé ag ceannaíocht mairteola i mBéalgrád, chonaic sé céard a bhí idir lámhaibh ag an SS. Ar an 16ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair 1944, chuir na Naitsithe d'fhiachaibh ar Miklós Horthy an deachtóireacht a fhágáil uaidh. An fear a chuaigh i gcomharbas air, mar atá, Ferenc Szálasi, bhí sé ina bhall de pháirtí Fhaisisteach na hUngáire, Páirtí na Saigheadchroise, agus é, cosúil leis an bpáirtí ar fad, ag tacú leis an Naitsíochas agus le cinedhíothú na nGiúdach gan mórán cuntair. Anois, ní raibh aon bhac fágtha leis an Uileloscadh san Ungáir a thuilleadh.

Maidir le Perlasca, d'éirigh leis lámh thapa na Naitsithe a sheachaint, ó fuair sé pas taidhleora ó Ambasadóir na Spáinne. Jorge Perlasca a bhí air anois - an leagan Spáinnise dá ainm - agus é i gcúram na dtithe sábháilte a bhí an Spáinn a chur ar fáil do na Giúdaigh i mBudapest. Bhí Spáinnis líofa ag mo dhuine, ar ndóigh, nó d'fhoghlaim sé an teanga go paiteanta nuair a bhí sé ag cogaíocht sa Spáinn.

Plaic cuimhneacháin - Iarúsailéim

Ní hamháin go raibh Perlasca ag riar do na Giúdaigh sna tithe sábháilte, nó thairis sin, bhí sé ag cur ladair sna cúrsaí go pearsanta leis na Giúdaigh a chosaint ar ionsaithe mídhleathacha. Théadh sé, fiú, go dtí stáisiún na traenach le tarrtháil a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí le dul go dtí na campaí gáis.

I Mí na Samhna 1944, theip an misneach ar Sanz Briz, nach raibh siúráilte go mbeadh rialtas na Spáinne sásta é a chosaint ar an SS a bhí ag éirí bagrach ar na tithe sábháilte. D'éalaigh sé go dtí an Eilvéis, agus é ag áitiú ar Perlasca a shampla a leanúint.

Ní mar sin a rinne Perlasca, áfach. D'fhan sé thiar i mBudapest. Is é an chiall a bhain na húdaráis Ungáracha go raibh an Spáinn tar éis an caidreamh dioplómatúil a bhriseadh, ó bhí an tAmbasadóir féin imithe. Mar sin, d'ullmhaigh siad na tithe sábháilte a shealbhú agus na Giúdaigh a cheapadh. Ansin, áfach, d'inis Perlasca bréag dóibh: dúirt sé go raibh Sanz Briz tar éis cumhachtaí sealadacha an Ambasadóra a dhílsiú dó féin. Chreid na hUngáraigh é, agus creidiúnaíodh é mar Ambasadóir nua. Bhí siad dóchasach as mar idirghabhálaí idir iad féin agus na Comhghuaillithe le comhchainteanna síochána a thosú roimh theacht an Airm Dheirg. Thairis sin, bhí sé tuigthe ag na Faisistithe Ungáracha go raibh an cogadh caillte, agus go raibh tearmann ag teastáil uathu leis an díoltas Sóivéadach a sheachaint. Ós rud é gur deachtóireacht ab ea í an Spáinn a raibh blas an Fhaisisteachais uirthi, shíl siad go mbeadh fáilte rompu ansin.

Faoi na himthoscaí seo, bhí Perlasca ábalta na mílte Giúdaigh a shábháil ón Uileloscadh. Ba mhinic a rachadh sé idir lucht na Saighdeadchroise agus na Giúdaigh agus é á chur féin i ndainséar an bháis leis na daoine faoina choimirce a chosaint.

I nDiaidh an Chogaidh[athraigh | edit source]

I ndiaidh an chogaidh, thug Perlasca tuairisc chuimsitheach ar a raibh déanta aige. Scríobh sé doiciméad chuig rialtas na Spáinne inar chardáil sé na himeachtaí san Ambasáid i ndiaidh éalú Sanz Briz go dtí an Eilvéis. Bhain na húdaráis Spáinneacha úsáid as éacht Perlasca le hiad féin a chosaint ar líomhaintí faoi fhrith-Ghiúdachas, ach níor thagair siad d'ainm Perlasca ar aon nós. San Iodáil féin, níor chuir na polaiteoirí ná na hiriseoirí suim ar bith ina raibh déanta aige. Bhí saol crua aige agus an t-airgead gann, agus ní bhfuair sé a cheart sular chuir na Giúdaigh féin, iad siúd a shábháil sé, an scéal os comhair an tsaoil mhóir. Go gairid roimh a bhás, sa bhliain 1989, fuair sé a chrann féin agus a leac chuimhneacháin féin i Yad Vashem, an choill atá tiomnaithe do chuimhne na bhFíréan i measc na Náisiún, is é sin, na daoine nár Ghiúdaigh iad a tháinig chun tarrthála do na Giúdaigh i mblianta an Uilelosctha.

Sa bhliain 2002, rinne teilifís na hIodáile scannán faoi éacht Perlasca, Perlasca, un eroe italiano ("Perlasca, laoch Iodálach").