Béalgrád

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béalgrád
Београд
Suíomh

44°49′ Thuaidh 20°28′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Serbia.svg An tSeirbia
Méara: Dragan Đilas (DS)
Déimeagrafaic
Achar: 360 km²
Daonra: 1,659,440 [1]
Dlús daonra: 488.42/km²
Cód phoist: 11000
www.beograd.rs

Is í Béalgrád príomhchathair na Seirbia agus an chathair is mó sa tír chéanna. Tá sí lonnaithe ar chumar na habhainn Sava agus Danóibe. 'Sé an chiall atá ag a hainm ná Cathair Bán. Tá níos mó ná 1.6 miliúin daoine ann agus tá thart at 3 miliúin sa cheantar iomláin uirbeach. Tá sí mar cheann de na cathracha is mó i lár na hEorpa. Thart ar an 6ú mílaois bhí an cultúr réamhstairiúil is mó san Eoraip, Vinča, ag forbairt san áit. Níos déanaí bhí Thraco-Dacians ina chónaí sa réigiúin agus i ndiaidh 279 RC, thóg na Ceiltigh an chathair agus glao siad Singidūn air. Ghabh na Rómhánaigh an áit i rith réimeas Augustus, agus tugadh cearta cathrach dó i lár an dara haois. Lonnaigh na Slavaigh é sna 520í, athraigh riall na cathrach cúpla huaire idir na Francaigh, Biosántaigh agus Ungáraigh ach sa 13ú haois thóg an Rí Seirbiach, Stephen Dragutin (1282–1316), é mar príomhchathair a ríocht. Sa bhliain 1521 ghabh na hOtamánaigh Béalgrád. Thóg na Habsurgaigh é roinnt uaire i rith na cogaidh leis na hOtamánaigh agus scriosadh chuid mhaith den chathair. Sa bhliain 1841 bhí Béalgrád arís mar phríomhchathair Seirbia. D'fhán tuaisceart Bhéalgrád mar dún faire na Habsburgaigh go dtí an bhliain 1918. Agus í mar suíomh straitéiseach, throideadh ina leith i measc 115 cogaidh agus scroiseadh í 44 huaire. Bhí Béalgrád mar phríomhchathair an Iúgslaiv ón bhliain 1918 go dtí a lánscor deiridh sa bhliain 2006. Tá stadas áirithe riaracháin ag Béalgrád i riarú na tíre. Roinneadh an achar uirbeach suas i 17 bardais, comhairle áitiúil ag gach ceann acu. Tógann sí 3.6% de achar na tíre agus 22.5% de daonra na tíre ina chónaí sa chathair.

Tír Eolas[athraigh | edit source]

Tá Béalgrád lonnaithe 116.75 méadar os cionn leibhéal na farraige agus suíonn sé ar chumar na Danóibe agus Sava. Suíonn craoí stáiriúil na cathrach, Kalemegdan, ar bhruach dheis an dá abhainn. Ón 19ú haois, tá an cathair ag forbairt ó dheas agus soir; i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, tógadh Novi Beograd (Béalgrád Nua) ar bhruach clé na habhainn Sava, ag ceangal Béalgrád le Zemun. Tá an chathair tar eis fás agus comhphobail bheag mar Krnjača agus Borča a áireamh. Tá achar lár na cathrach 360 cileaméadar cearnaithe, ach leis an achar uirbeach tá 3,223 km2 aige. Tríd an stair, bhí Béalgrád ag scaradh an Iarthar ón Oirthear. Ó bhruach dheis na Sava, tá lár na cathrach dronnlach. Isé Cnoc Torlak ag 303 m an point is airde i mBéalgrád. Ó dheas na cathrach tá sliabh Avala (511 m) agus Kosmaj (628 m). Ar taobh eile na haibhneacha tá an talamh plánach don chuid is mó.

Aeráid[athraigh | edit source]

Is í raon na meán-theocht mhíosúil a bhíonn ag Béalgrád ná 0.4 °C i mí Eanáir go 21.8 °C i mí Iúil, leis an meán bliana ag 12.2 °C. Tá 31 laethanta sa bhliain ina mbíonn an teocht os cionn 30 °C, agus 95 laethanta ina mbíonn an teocht os cionn 25 °C. Faigheann Béalgrád 680 miliméadar deascadh sa bhliain. Bíonn 2,025 uaireannta cloig aige ina mbíonn an ngriain ag spalpadh. Go hoifigiúil is é an teocht is airde a bhí acu riamh i mBéalgrád ná +43.6 °C, ar an 24 Iúil 2007, agus an teocht is isle a bhí acu ná −26.2 °C ar an 10 Eanáir 1893.




  1. [1]