Phil Lynott

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Phil Lynott
Thin lizzy 22041980 01 400.jpg
Phil Lynott, Osló, 1980 (Grianghraf le H. Øverås)
Tír Éire
Gníomhach 1960idí1980idí
Seánra(í) ceoil Rac-cheol

Ceoltóir Éireannach ab ea é Philip Parris Lynott, (20 Lúnasa, 19494 Eanáir, 1986). B'é Lynott an príomh-amhránaí agus dord-ghiotáraí leis an mbanna rac-cheoil Thin Lizzy, a bhí cáiliúil i rith na 1970í agus na 1980í. Tar éis Thin Lizzy, rinne Lynott cúpla albam ina aonar. Chomh maith leis an ceol, file a bhí ann freisin, agus rinne sé beagán aisteoireacht chomh maith.

B'Éireannach bródúil é Lynott, agus bhí tionchar mór aige ar dhaoine in Éirinn agus thar na tonnta leis a dhearcadh cuideachtúil agus a phaisean don cheol.

Clár ábhair

[athraigh] Saol

Cé go raibh aithint ar Lynott mar Éireannach, rugadh é i West Bromwich, Sasana, mac le Philomena Lynott as Baile Átha Cliath agus a athair Parris as an Bhrasaíl. D'fhág Parris Philomena agus an leanbh nua nuair a bhí Lynott ach trí sheachtaine d'aois. Thóg Philomena an leanbh ar ais go hÉireann, agus d’fhás Philip suas i gCromlinn, Baile Átha Cliath leis a sheanmháthair Sarah. Saol deacair a bhí aige uaireanta, buachaill gorm ag éirí aníos i gCromlinn, ach thóg Philip inspioráid óna laoch Jimi Hendrix. Ó Hendrix, chonaic Philip gurb fhéidir a bheith ina príomh-amhránaí gorm i mbanna bán.

Ach ar an taobh eile, bhí Philip beagán difriúl, agus mar sin fuair sé níos mó aire ná a chairde. Is cinnte go raibh a fhios ag Philip faoi seo, agus nuair a thosaigh sé a chéad banna, roghnaigh sé an t-ainm The Black Eagles. Leis a chara Brian Downey ar na drumaí, thosaigh siad ag seinm ar fud na cathrach. D’athraigh siad an t-ainm go Thin Lizzy sa bhliain 1969.

I rith na blianta, chruthaigh Thin Lizzy amhráin agus albaim iontach. Seinnteoir iontach ab ea é Lynott, agus thuill sé a lán meas mar ceoltóir agus scríbhneoir. Scéil beaga a bhí ann i ngach amhrán, le blas Gaelach go minic.

Ach leis an cháil agus an t-airgead, tháinig fadhbanna freisin. D’úsáid Lynott drugaí go minic, agus bhí an banna as smacht uaireanta. Tháinig agus d’fhág giotáraithe, agus bhí trioblóid i gcónaí.

Ar 14 Feabhra, 1980, phós Lynott le Caroline Crowther, iníon leis an bhfuirseoir Sasanach Leslie Crowther. Bhí beirt iníon acu, Sarah agus Cathleen.

Sa bhliain 1983, cuireadh deireadh le Thin Lizzy. Ag an am sin, bhí Lynott i dtrioblóid le hearóin agus d’fhág a bhean chéile é. Lean sé ar aghaidh ag seinm, ach d’éirigh Lynott níos measa. Ar Lá Nollaig 1985, thit Lynott gan mheabhair ina theach i Londain. Tógadh é go dtí an ospidéal, ach fuair sé bás ar 4 Eanáir, 1986. Ní raibh ródháileog a bhí i gceist, ach theip a chorp tar éis úsáid fadtréimhseach hearóin.

Dealbh chuimhneacháin do Phil Lynott i mBÁC

Tá uaigh Phil Lynott i mBinn Éadair, Baile Átha Cliath. Ar a leac uaighe, tá na focail “Go dtuga Dia suaimhneas dá anam”.

[athraigh] Albaim

[athraigh] Thin Lizzy

  • 1971 - Thin Lizzy
  • 1972 - Shades of a Blue Orphanage
  • 1973 - Vagabonds of the Western World
  • 1974 - Night Life
  • 1975 - Fighting
  • 1976 - Jailbreak
  • 1976 - Remembering
  • 1976 - Johnny the Fox
  • 1977 - Bad Reputation
  • 1978 - Live and Dangerous
  • 1979 - Black Rose: A Rock Legend
  • 1979 - Continuing Saga of Ageing Orphans
  • 1980 - Chinatown
  • 1981 - The Adventures of Thin Lizzy
  • 1981 - Renegade
  • 1983 - Thunder and Lightning
  • 1983 - Life
  • 1987 - The Collection
  • 1991 - Dedication: The Very Best of Thin Lizzy
  • 1999 - Boys Are Back in Town: Live in Australia
  • 2000 - One Night Only [live]
  • 2004 - Thin Lizzy Greatest Hits

[athraigh] Phil Lynott

  • 1980 - Solo in Soho
  • 1982 - The Phil Lynott Album
Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile