Hedd Wyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh i dTrawsfynydd

B'é Hedd Wyn an t-ainm fileata a bhí ar an bhfile Breatnach Humphrey Ellis Evans (13 Eanáir 188731 Iúil 1917). Dhealródh sé gur "Síocháin Bhán" an t-aistriúchán Gaeilge is gaire don ainm.

Saol agus saothar[athraigh | edit source]

B'as Trawsfynydd/Sír Feirionydd i dTuaisceart na Breataine Bige ó dhúchas do Hedd Wyn. Rugadh é i 1887, mac le Máire agus Evan Evans. Tar éis freastal ar an scoil áitiúil, d'oibrigh sé sa bhaile lena athair, a bhí ina fheirmeoir. Ghlac Hedd Wyn páirt sa Chéad Chogadh Domhanda agus maraíodh sa chogaíocht é ar an 31 Iúil 1917. Bhuaigh sé Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige i mBirkenhead i 1917 d'Óid a scríobh sé, cé gur maraíodh sé mhí roimhe sin in Ypres é.

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Scríobh an file Roibeard Williams sraith ar leith i gcuimhne do Hedd Wyn, ag tosú leis an líne "Y bardd trwm dan bridd tramor" ("an file faoi ithir eachtrannach trom"). Cuireadh suas cuimhneachán dó, a nocht a mháthair, i lár Trawsfynydd i 1923. Dealbh práis atá sa séadchomhartha.

An scannán Hedd Wyn[athraigh | edit source]

Rinne an stiúrthóir Paul Turner scannán faoi Hedd Wyn den teideal céanna i 1992 agus ainmníodh é le haghaidh Oscar don chatagóir "Scannán Eachtrannach is Fearr". Is ag an aisteoir Huw Garmon a bhí an príomh-ról sa scannán sin. Taispeánadh an scannán ar TG4 roinnt blianta ó shin.