Nicolas Sarkozy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nicolas Sarkozy
Msc 2009-Saturday, 11.00 - 13.00 Uhr-Zwez 008 Sarkosy new.jpg

23ú Uachtarán na Fraince
6ú Uachtarán na 5ú Poblachta
In oifig
16 Bealtaine 2007 -
Réamhtheachtaí: Jacques Chirac

Dáta breithe 28 Eanáir 1955
  Páras An Fhrainc
Páirtí UDR (1974)
RPR (1976)
UMP (2004)
Céile (1) Marie-Dominique Culioli (1982-1996 colscartha)
(2) Cécilia Ciganer-Albeniz (1996-2007 colscartha)
(3) Carla Bruni Tedeschi (2008-)
Síniú
Nicolas Sarkozy signature.svg

Is é Nicolas Sarkozy 23ú uachtarán na Fraince (rugadh Nicolas Paul Stéphane Sarközy de Nagy-Bocsa ar an 28 Eanáir 1955, 17ú arrondissement, Páras, An Fhrainc). Fuair sé an ceann is fearr ar Ségolène Royal sa dara babhta den toghchán uachtaránachta ar an 6 Bealtaine 2007. Tháinig sé i gcomharbacht ar Jacques Chirac ar an 16 Bealtaine 2007. Is comhPhrionsa na hAndóra é ex officio freisin.

Roimh a uachtaránacht, ba é ceannaire an UMP (Aontacht chun Gluaiseachta Coitianta) é. Ceapadh mar Aire Gnóthaí Baile é sa chéad dá rialtas de chuid Jean-Pierre Raffarin ó Bealtaine 2002 go Márta 2004 agus ansin ceapadh mar Aire Airgeadais é i rialtas deireanach Raffarin ó Márta 2004 go Bealtaine 2005. Ceapadh arís mar Aire Gnóthaí Baile é i rialtas Dominique de Villepin (2005-2007).

Ba Uachtarán Chomhairle Ginearálta départment (contae) Hauts-de-Seine é ó 2004 go 2007 agus ba mhéara é ar Neuilly-sur-Seine, ceann de na communes (bailte) is saibhre sa Fhrainc ó 1983 go 2002. Ceapadh é mar Aire Cáinaisnéise é i rialtas Édouard Balladur (RPR, réamhtheachtaí an UMP) i rith téarma deireanach Francois Mitterand.

Tá Sarkozy go mór i bhfábhar dlí agus oird agus ba mhaith leis geilleagar na Fraince a athbheochan. Gheall sé go neartófar an entente cordiale leis an Ríocht Aontaithe agus go mbeadh níos mó comhoibrithe leis na Stáit Aontaithe.

Tugtar an leasainm Sarko air go forleathan.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile