Matthew Webb

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Matthew Webb; Léiriúchán ón irisleabhar Vanity Fair, 1875

Ba é an Captain Matthew Webb (19 Eanáir 184824 Iúil 1883) an chéad duine a d'éirigh leis an Muir nIocht a snámh, gan cúnamh. Ar an 25 Lúnasa 1875 shnámh sé ó Dover, Shasana go Calais san Fhrainc, taobh istigh de 22 uair a chloig.

Luath-óige agus gairmréim[athraigh | edit source]

Rugadh Webb i nDawley, Shropshire. Bhí 12 páistí ag a athair, a bhí ina dhochtúir ó Coalbrookdale. Liostáil leis an Cabhlach Ríoga agus chuir sé isteach trí bliana mar phrintíseach le Rathbone Brothers ó Learpholl,Shasana.

Curiarracht Snámha Mhuir nIocht[athraigh | edit source]

Ar an 12 Lúnasa 1875 rinne Webb a chéad iarracht an Muir nÍocht a threasnú, ach theip air toisc go raibh gaoth ró-láidir agus an fharraige ró-gharbh dó.

Ar an 24 Lúnasa 1875 thosnaigh sé ar a dara iarracht, ó Admiralty Pier i nDover. Ar dtús báire , roimh dul isteach dó, d'ith sé bricfeasta mór bagúin agus uibheacha agus chaith sé siar gloine cláiréid leis! Bhí a chorp smeartha le hola muice mara roimh dul isteach san uisce dó. D'úsáid sé an bhéim bhrollaigh agus é ag snamh. Chuir sruth láidir taoide, maille le cealgaí ó smugairlí róin coiteann, isteach go mór air, agus é amuigh ó Chap Gris Nez. D'éirigh leis áfach cladach Chalais a bhaint amach, tar éis 21 uair and 45 noiméad san fharraige.

Léitheoireacht sa bhreis[athraigh | edit source]

  • Elderwick, David (1987). Captain Webb - Channel Swimmer. ISBN 0-947731-23-7.
  • Sprawson, Charles (1992). Haunts of the Black Masseur - The Swimmer as Hero. ISBN 0-8166-3539-0.
  • Watson, Kathy (2000). The Crossing - The Curious Story of the First Man to Swim the English Channel. ISBN 0-7472-2341-6.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]