Joan Baez

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Joan Baez sa bhliain 1963
Joan Baez sa bhliain 1963
Joan Baez sa bhliain 2003
Joan Baez sa bhliain 2003

Is amhránaí, ceoltóir agus cumadóir amhrán í Joan Chandos Baez. Rugadh ar an 9 Eanáir 1941 í, in Oileán Staten, Nua Eabhrac. Is soprano í, le réimse gutha trí ochtach, agus stíl ghuthach shainiúil aici.

Bhain sí cáil amach ag tús na seascaidí mar amhránaí tíre. Cé gur chum sí roinnt amhrán (mar shampla Blessed Are, Diamonds & Rust) tá níos mó cáil aici ó bheith ag canadh amhrán cumtha ag daoine eile, Bob Dylan ach go háirithe, ach chan sí amhráin cumtha ag The Beatles, The Rolling Stones, Paul Simon agus cumadóirí nach iad freisin.

Ba gníomhaí soisialta í i rith a saol. Bhí sí gníomhach ar son chearta daonna (sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile), i gcoinne Chogadh Vitneam, i gcoinne an dá Chogadh Iarácach, ar son na timpeallachta, ar son chearta don lucht leispiach agus aerach agus in aghaidh phíonós an bháis. Chaith sí tamall i bpríosún sa bhliain 1967 tar éis léirsithe i gcoinne Chogadh Vitneaim.

Rugadh a máthair in Albain agus a h-athair i Meicsiceo. Ba bhaill de Chumann na gCarad é teaghlach Baez. Ba fisiceoir é athair Joan ach dhiúltaigh sé bheith páirteach i dtionscal na n-armadóireachta.

Phós sí David Harris, gníomhaí frith-choinscríobh, sa bhliain 1968. Bhí mac amháin acu, Gabriel. Cuireadh deireadh cáirdiúil leis an bpósadh sa bhliain 1973.

[athraigh] Naisc sheachtracha

  • [1] - leathanach gréasáin Joan Baez
  • [2] = Joan Baez ag canadh "It ain't me, babe" ón mbliain 1965
Do chuid uirlisí