The Beatles

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Beatles
Beatlessullivansinging.jpg
Tír Learpholl, Sasana
Gníomhach 1960 – 1970
Seánra(í) ceoil Pop-cheol, Rac-cheol, Rac-cheol sícideileach
Lipéad/lipéid Parlophone, Capitol Records, Apple, Vee-Jay, Polydor
Iar-bhaill John Lennon
Paul McCartney
George Harrison
Ringo Starr
Pete Best
Stuart Sutcliffe
Gaolta le The Quarrymen, Billy Preston, Plastic Ono Band
Suíomh gréasáin Beatles.com (suíomh oifigiúil)

Banna phopcheoil clúiteach ó Learpholl, Sasana ab ea iad The Beatles. Tá siad i measc na ngrúpaí is mó agus is rathúla i stair an rac-cheoil.

Tá níos mó ceirníní díolta ag The Beatles ná aon bhanna eile riamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, dar leis an Recording Industry Association of America. Sa Ríocht Aontaithe, scaoil siad níos mó ná 40 singil, albaim agus EP a chuaigh go dtí barr na gcairteacha. Bhí an rath céanna acu i dtíortha eile, agus measann an comhlacht ceoil EMI go raibh níos mó ná aon bhilliún cheirnín díolta acu timpeall na cruinne ag an bhliain 1985. Sa bhliain 2004, roghnaigh an iris Rolling Stone iad ag uimhir a haon ar an liosta den 100 Ealaíontóir Ceoil is Fearr Riamh. De réir na hirise chéanna, bhí baint lárnach ag ceol an bhanna le cultúr na 1960idí, agus tá an tionchar a bhí acu ar an gcultúr pop, le feiceáil fós sa lá atá inniu ann.

Bunú an bhanna[athraigh | edit source]

I mí Márta na bliana 1957 agus é ag freastal ar Scoil Ghramadaí Quarry Bank i Learpholl, bhunaigh John Lennon banna "skiffle" darbh ainm The Quarrymen. Bhuail Lennon agus na Quarrymen le giotáraí Paul McCartney ag an Woolton Garden Fête ag Eaglais Naomh Pheadair ar an 6 Iúil 1957, agus ghlac sé áit sa bhanna cúpla lá níos déanaí. Ar an 6 Feabhra 1958, tugadh cuireadh don ghiotáraí óg George Harrison chun féachaint ar na Quarrymen i Halla Wilson, i nGarston. Bhí aithne ag McCartney ar Harrison cheana féin, mar b'as Speke an beirt acu agus thaistil siad le chéile ar an mbus céanna go dtí Institiúid Learphoill. Tháinig Harrison isteach mar phríomhghiotáraí an bhanna tar éis cleachtaidh i mí Márta 1958. Is cosúil go raibh Lennon beagán drogallach faoi seo ag an tús mar go raibh Harrison beagán ró-óg, dar leis. Tháinig agus d'fhág baill éagsúla le linn na tréimhse seo, ach i mí Eanáir 1960 d'aimsigh siad dord-ghiotáraí nua - Stuart Sutcliffe, cara le Lennon ón scoil ealaíne. Sheinn Lennon agus McCartney giotáir rithime, agus bhí a lán drumadóirí fós ag teacht isteach agus imeacht ón mbanna i rith na tréimhse seo.

Bhain na Quarrymen triail as roinnt ainmneacha - "Johnny and the Moondogs", "Long John and the Beatles", "the Silver Beetles" sular shocraigh siad ar "The Beatles" i mí Lúnasa 1960. Tá go leor tuairimí faoi bhunú an ainm agus an litriú aisteach a roghnaigh siad. Creidtear gurb é Lennon a chruthaigh an t-ainm, ag súgradh leis an bhfocail "beetles", nó ciaróga (mar thagairt ar bhanna Buddy Holly, The Crickets) agus an focal "beat", nó "buille".

I mí Bealtaine na bliana 1960, chuaigh the Silver Beetles amach ar chamchuairt go dtí oirthuaisceart na hAlban, mar bhanna chúltaca don amhránaí Johnny Gentle. Níor bhuail siad le Gentle ach uair amháin roimh na céad ceolchoirme, ach dhearbhaigh McCartney níos déanaí gur sholáthraigh an turas taithí fíor-thábhachtach don bhanna óg. Bhí na Silver Beetles gan drumadóir fós i rith an turais. Fuair siad cabhair ó Tommy Moore an uair seo, leaid a bhí i bhfad níos sine ná iad féin. Níor mhair Moore chomh fada sa bhanna, áfach, agus d'fhill sé ar ais go dtí a phost ag tiomáint trucail ardaithe i monarcha. B'é Norman Chapman an chéad drumadóir eile a d'aimsigh siad ach glaodh chun a Sheirbhís Náisiúnta a dhéanamh cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Ba mhór an fhadhb dóibh í a bheith fágtha gan drumadóir arís go háirithe nuair a bhí socrú déanta ag a mbainisteoir neamhoifigiúil (Allan Williams) go seinnfeadh siad ag cúpla seó i gclubanna ar an Reeperbahn, i Hamburg na Gearmáine.

Tionchair cheoil[athraigh | edit source]

Mar a dúirt John Lennon féin: "B'é Elvis a chuir tús liom ag ceannach ceirníní. Cheap mé go raibh an t-ábhar luath ar fheabhas. Chuaigh ré Bill Haley thairim, ar bhealach. Nuair a tháinig a cheirníní ar an raidió, bheadh mo mháthair ag éisteacht leo ach ní dheachaigh siad i bhfeidhm ormsa. S'é Elvis a mhúscail suim ionam sa rac-cheol. Nuair a chuala mé 'Heartbreak Hotel', dúirt mé liom féin "Sin é!", agus thosaigh mé ag fás "sideburns" agus an chraic seo". Dúirt Lennon freisin: "Ní raibh tionchar ag rud ar bith orm, sular chuala mé Elvis. Gan Elvis, ní bheadh aon Beatles ann".

1960–70: The Beatles[athraigh | edit source]

Hamburg[athraigh | edit source]

I Hamburg na Gearmáine agus a gcéad taispeántas ag druidim leo go tapaidh, bhí na Beatles gan drumadóir arís. An t-aon duine eile a chuir siad glaoch ar ná Pete Best, a tháinig isteach sa ghrúpa ar 12 Lúnasa 1960. Bhí aithne acu ar Best cheana féin, agus é ina bhall den bhanna The Blackjacks a bhíodh ag seinm ag an gClub Casbah. Siléar in Iar-Derby, Learpholl a bhí ann i ndáiríre, faoi úinéireacht a mháthair Mona Best. Chasadh na Beatles san áit chéanna anois agus arís. Sa chlár faisnéise The Compleat Beatles, dúirt Allan Williams an méid seo faoi dhrumadóireacht Best: "níor sheinn Best ró-chliste, ach inghlactha". Ar aon nós, fuair Best an jab agus d'fhág sé lena chomhbhaill nua ar an dturas go Hamburg ceithre lá ina dhiaidh sin. Nuair a shroich siad an chathair, thosaigh an banna ag casadh ag an gClub Indra, sular bhog siad ar aghaidh go dtí an Kaiserkeller ar an 4 Deireadh Fómhair 1960. Obair dheacair a bhí ann don ghrúpa óg, mar bhí orthu seinm ar feadh sé uair an chloig oícheanta, seacht n-oíche na seachtaine. Ar an 21 Samhain 1960, gabhadh Harrison agus díbríodh é as an dtír nuair a bhfuair na húdaráis amach gur inis sé bréag maidir lena aois cheart. Bhí sé ró-óg le bheith sna clubanna ina raibh siad ag casadh. Seachtain níos déanaí, gabhadh McCartney agus Best freisin nuair a chuir siad tine beag síos san óstán. Cúisíodh iad, agus díbríodh an bheirt chomh maith. Lean Lennon na buachaillí eile abhaile i lár mí na Nollag, ach d'fhan Sutcliffe siar i Hamburg lena a chailín Gearmánach nua, an grianghrafadóir Astrid Kirchherr. Ar ais i Learpholl, rinne na Beatles a gcéad taispeántas ag an gClub Casbah ar an 17 Nollaig, le Chas Newby in áit Sutcliffe ar an ndord-ghiotár.

I mí Aibreán san ath-bhliain 1961, d'fhill na Beatles ar ais go Hamburg. Ar an turas seo, thosaigh siad leis an gClub Top Ten ar dtús. Nuair a bhí siad ag casadh anseo, bhí an banna roghnaithe ag an amhránaí Sasanach Tony Sheridan chun a bheith mar chúl-bhanna ar cheirníní a bhí sé ag déanamh don lipéad Gearmánach Polydor Records, léirithe ag Bert Kaempfert. Shínigh Kaempfert conradh leis an ngrúpa ar a lipéad féin, agus chuir siad tús leis an obair ar an gcéad sheisiún taifeadta ar an 22 Meitheamh 1961. Ar an 31 Deireadh Fómhair, sheol Polydor an taifeadadh faoin teideal My Bonnie (Mein Herz ist Bei Dir Nur), a chuaigh isteach sna chairteacha Gearmánacha faoin ainm "Tony Sheridan and the Beat Brothers", ainm a thugtaí ar aon bhanna a bhí ag obair leis. Deireann an finscéal gurbh é an ceirnín seo a bhuaigh na Beatles a gcéad cruinniú leis a mbainisteoir Brian Epstein, agus an chéad uair a bhí an banna luaite sna meáin i Meiriceá.

Thart ar tús na bliana 1962, luaigh an iris Cashbox "My Bonnie" mar cheádligean "foireann rac-cheoil nua, Tony Sheridan and the Beat Brothers". Rinneadh cúpla cóip den albam faoin lipéad Decca agus seoladh iad do dtí ceirneoirí i Meiriceá. Bhí margadh ag American Decca le Polydor agus Deutsche Grammophon, rud atá íorónta mar bhí conradh ceoil diúltaithe ag Decca sa Bhreatain ag an am seo. Nuair a d'fhill an banna ar ais go Learpholl, d'fhan Sutcliffe i Hamburg le Kirchherr arís. Timpeall an ama seo, thosaigh McCartney ag seinm an dord-ghiotár ina áit in aon chor.

Mhair an triú thuras i Hamburg idir 13 Aibreán agus 31 Bealtaine 1962, agus sheinn an banna ag oscailt an Club Star. Bhí droch-nuacht ag fanacht dóibh i Hamburg, faraor. Bhí Stuart Sutcliffe tar éis bás a fháil de bharr fuiliú inchinne ar 10 Aibreán.

Ghlac Brian Epstein leis an bpost mar bhainisteoir an bhanna dó fhéin i mí Eanáir 1962, agus thosaigh siad le chéile ag lorg conradh ceoil. Ag an am seo, bhí Epstein i gceannas ar an roinn cheoil ag an North End Music Store (NEMS), siopa a bhí mar chuid de chomhlacht troscáin a mhuintir. Fear gnó cliste a bhí ann, agus bhain sé úsáid as an stádas a bhí aige le NEMS chun chuir in iúl gurb déileálaí tábhachtach é. Mar thoradh, bhí Epstein ábalta bualadh leis na comhlachtaí móra agus margadh láidir a fháil don bhanna. I díospóireacht amháin atá cáiliúil agus páirt de fhinscéal an bhanna inniu, fuair Epstein diúltú borb ó Dick Rowe, a bhí i gceannas ar an roinn A&R ag Decca Records i Sasana, nuair a dúirt sé: "Tá giotár-bhannaí ar an mbealach amach, Mr. Epstein". Agus é ag déanamh idirbheartaíochta le Decca, bhuail Epstein le oifigeach feidhmiúcháin Ron White, ón gcomhlacht EMI. Ni léiritheoir a bhí i White é féin, ach chuir sé Epstein i dteagmháil le léiritheoirí in EMI - Norrie Paramor, Walter Ridley, agus Norman Newell. Níor raibh suim ag an triúir oibriú leis na Beatles, áfach. Níor chuir White glaoch ar an gceathrú léiritheoir George Martin, toisc go raibh sé amuigh ón oifig ar saoire ag an am.

Conradh ceoil[athraigh | edit source]

Leis an seans dul i gcion ar Decca caillte acu, chuaigh Epstein go dtí an siopa HMV ar Shráid Oxford i Londain chun na ceirníní a rinne an banna le Decca a aistriú go dioscaí. Agus iad ag obair ar na dioscaí, mhol innealtóir Jim Foy do Epstein dul i gcomhairle le Sid Coleman, a bhí i gceannas ar fhoilsíocht EMI. D'éist Coleman leis na téipeanna, agus ansin chuir seisean Epstein i dteagmháil le George Martin, an fear "a dhéanann ceirníní coiméide", mar a dúirt Coleman, agus ceannaire ar an lipéad Parlophone a bhí ag EMI. Sa deireadh, bhuail Epstein agus Martin le chéile, agus bhí suim ag Martin sa cheol a chuala sé. Shínigh Martin conradh leis na Beatles ar feadh bliana amháin. Ag an am céanna, socraíodh an chéad sheisiún thaifeadta a tharla ar an 6 Meitheamh 1962 ag Stiúideonna Abbey Road i dtuaisceart Londan. Ní raibh Martin ró-dhíograiseach leis an gceol ar dtús, áfach, ach bhain sé an-taitneamh as na daoine sa bhanna, nuair a bhuail sé leo. Cheap Martin dó féin go raibh tréith ann, cé chomh ámh agus callánach is a bhí sé. D'admhaigh sé níos déanaí nach raibh sé an-tógtha leis an gceol, ach an géarchúiseacht agus an greann a bhí sa bhanna.

Crosaire ag Stiúideonna Abbey Road.

Tháinig Martin ar fhadhb eile, áfach, le drumadóireacht Pete Best. Dar leis, ceoltóir lag a bhí ann, nach raibh ábalta an buille a choimeád i gceart. Phléigh sé an t-ábhar faoi rún le Epstein, agus d'aontaigh siad drumadóir eile a thabhairt isteach don chéad sheisiún eile. Ní raibh na Beatles eile ró-shásta le Best ach oiread. Fuair Best a lán airde óna leantóirí, níos mó ná na baill eile agus creidtear gur chuir sé seo go mór leis an teannas a bhí eatarthu. Chomh maith leis sin, ní bhfuair Best tacaíocht ón mbainisteoir ach an oiread, de bharr nár thaitin stíl gruaige na mball eile le Best. Tháinig an deacracht dheireanach nuair a d'éirigh Best tinn, agus bhí sé as láthair ó chúpla taispeántas. Thug Lennon, McCartney agus Harrison an jab do Epstein an bóthair a thabhairt dó, rud a rinne sé ar an 16 Lúnasa 1962. An duine a roghnaigh siad ina áit ná Ringo Starr (ainm baiste Richard Starkey), a bhí ina drumadóir i gceann de na grúpaí Merseybeat is mó, Rory Storm and the Hurricanes. Rogha éasca ab ea é, mar bhí aithne acu ar Starr cheana féin, agus sheinn siad le chéile sna laethanta i Hamburg. Rinneadh an chéad taifeadadh leis an gceathrar - Lennon, McCartney, Harrison, agus Starr - ar an 15 Deireadh Fómhair 1960, nuair a sheinn siad le chéile ar shraith ceirníní ag seinm mar banna tacaíochta don amhránaí Lu Walters. B'é Starr a bhí ina shuí taobh thiar den fhoireann drumaí ag an dara seisiún a bhí ag na Beatles ag EMI ar an 4 Deireadh Fómhair, 1962. Chaill Starr an tríú sheisiún ar an 11 Meán Fómhair, áfach, mar roghnaigh Martin an drumadóir seisiúin Andy White ina áit.

Maidir leis an gconradh ceoil a bhí ag an ngrúpa, fuair gach ball pingin amháin ó gach singil a bhí díolta acu. Roinneadh an phingin seo idir an cheathrar, nó feoirling do gach ball. Laghdaíodh an ráta níos mó i gcás na singil a díoladh taobh amuigh den Ríocht Aontaithe, síos do dtí leath-phingin ó gach ceann. D'admhaigh George Martin ina dhiaidh sin gur conradh uafásach a bhí ann.

Níor tháinig aon cheol luachmhar amach ón gcéad sheisiún le Martin ar an 6 Meitheamh 1962, ach ag an seisiún i mí Meán Fómhair, thaifead na Beatles a gcéad "hit" sa Ríocht Aontaithe, an singil Love Me Do. Shroich sé uimhir a 17 sna cairteacha (shroich sé barr na gcairteacha i Meiriceá bliain go leith níos déanaí i mí Bealtaine 1964). Ar an 26 Samhain 1962, thaifead siad an dara shingil Please Please Me, a chuaigh go dtí an dara háit sna cairteacha oifigiúla, agus an chéad áit sna cairteacha NME. Trí mhí ina dhiaidh sin, seoladh a gcéad albam, leis an dteideal céanna Please Please Me. Rinne na Beatles a gcéad taispeántas ar an teilifís ar an gclár People and Places, a craoladh beo ó Mhanchain ar an 17 Deireadh Fómhair 1962. Thosaigh clú agus cáil an bhanna ag fás go tapaidh, agus glaoitear Beatlemania ar an bhfreagairt mhór a fhuair siad óna lucht leanúna, déagóirí den chuid is mó agus cailíní óga ach go háirithe.

Ag am an céanna, thosaigh na fíor-chriticí ag tabhairt na Beatles faoi deara chomh maith. Ar an 23 Nollaig 1963, d'fhoilsigh The Times aiste ón scríbhneoir William Mann ag moladh saothar an bhanna, mar shampla - na giotáir "úr agus dea-fhoghrasach" san amhrán Till There Was You, na "haistrithe fo-mheánacha idir C major agus A flat major", agus an "t-éirí octacha" san amhrán I Want to Hold Your Hand. Bhí mearbhall fiú ar an mbanna féin faoi na rudaí seo.

Meiriceá[athraigh | edit source]

Cé go raibh cáil an-mhór bainte amach ag na Beatles sa Bhreatain ag tús na bliana 1963, dhiúltaigh craobh Mheiriceánach de EMI, Capitol na singlí Please Please Me agus From Me to You (an chéad uimhir a haon oifigiúil a bhí acu sa Ríocht Aontaithe) a eisiúint. D'eisigh Vee-Jay Records, comhlacht beag i Chicago na singlí mar pháirt de mhargadh a bhí acu. Thosaigh Art Roberts, DJ ag an stáisiún raidió WLS i Chicago, ag casadh an amhráin úd Please Please Me ag deireadh mí Feabhra 1963. B'é seo an chéad uair a chloiseadh an grúpa ar raidió Meiriceánach. Tar éis tamaill, áfach, chaill siad ceart na gceirníní a úsáid, nuair a tháinig sé chun solais nach raibh siad ag íoc a gcuid dleachtanna.

I mí Lúnasa sa bhliain 1963, d'eisigh Swan Records a bhí lonnaithe i Philadelphia an singil She Loves You, ach níor seinneadh an t-amhrán ró-mhinic ar an aer. Nuair a sheinn siad an singil ar an gclár teilifíse Dick Clark's American Bandstand, bhris na déagóirí a bhí ann amach sna tríthí ag gáire nuair a chonaic siad an stíl gruaige áirithe a bhí ag an Beatles. I mí na Samhna 1963, áfach, ghnóthaigh Brian Epstein seans mór don bhanna. Chuir sé in a luí ar Ed Sullivan na Beatles a úsáid ar thrí chlár teilifíse i mí Feabhra leis an aidhm go mbeadh siad in ann conradh a fháil le Capitol Records. D'aontaigh Capitol an singil I Want to Hold Your Hand a scaoileadh i mí Lúnasa. Ar an 7 Nollaig 1963, taispeánadh físeán beag den bhanna ar an CBS Evening News (bhí CBS in ann an scéal a thaispeáint níos luaithe ar maidin den 22 Samhain ach cuireadh é seo ar ceal mar gheall ar dhúnmharú John F. Kennedy.) Tar éis an fhíseáin a fheiceáil, d'iarr cailín óg ar an stáisiún raidió áitiúil i Washington, D.C. amhrán ón mbanna a chasadh. D'éirigh leis an stáisiún greim a fháil ar chóip iompórtála den amhrán I Want to Hold Your Hand, rud a chuir brú ar Capitol Records an singil a scaoileadh níos luaithe ná mar a bhí ar intinn acu ar an 26 Nollaig 1963.

Thosaigh roinnt stáisiúin raidió i Nua Eabhrac (WMCA ar dtús agus ansin WINS agus WABC) ag casadh an singil I Want to Hold Your Hand ar an lá a scaoileadh é. Leath an Beatlemania a tosaíodh i Washington go dtí Nua Eabhrac, agus cathracha eile tar éis tamaill. Díoladh aon mhilliún cóip den singil taobh istigh de deich lá, agus ar 16 Eanáir 1964 d'fhógair an iris Cashbox gur shroich sé uimhir a haon sna cairteacha. Ar an 3 Eanáir 1964, craoladh físeán den bhanna ag seinm an amhráin She Loves You ar an Jack Paar Show.

Trasnaíonn Beatlemania an tAtlantach[athraigh | edit source]

Ar an 7 Feabhra 1964, bhailigh ceithre mhíle leantóir ag Aerfort Heathrow chun slán a fhágáil leis na Beatles agus iad ag dul ar a gcéad turas go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thaistil slua mór in éineacht leo - grianghrafadóirí, iriseoirí (Maureen Cleave ina measc), agus an léiritheoir Phil Spector, a cheannaigh suíochán ar an eitilt céanna. Nuair a bhí siad ag tuirlingt i Nua Eabhrac, d'fhógair an píolóta thar an raidió, "Abair leis na buachaillí go bhfuil slua mór ag fanacht leo.". Ní fhaca Aerfort JFK (a bhí ath-ainmnithe le déanaí) a leithéid riamh ó thaobh na sluaite de, agus measadh go raibh timpeall is trí mhíle leantóir ann. Tar éis preasagallamh (ina bhuail siad le Murray the K don chéad uair) cuireadh isteach i limisíní iad, agus tiomáineadh iad go dtí Cathair Nua Eabhraic. Ar an mbóthar isteach, chuir McCartney an raidió ar siúl, agus d'éist siad le tráchtaireacht bheo ar an aer: "Tá siad (na Beatles) díreach tar éis an aerfort a fhágáil, agus tá siad ag teacht go Cathair Nua Eabhriac". Nuair a bhain siad Óstán an Plaza amach, cuireadh faoi léigear iad ag na sluaite tacaithe agus na tuairisceoirí. Bhí fiabhras 102 °F ag Harrison an lá ina dhiaidh, agus dúradh leis fanacht sa leaba. Mar sin, ghlac Neil Aspinall a áit i rith an chéad chleachtas teilifíse.

Craoladh an chéad taispeántas beo a rinne na Beatles i Meiriceá ar The Ed Sullivan Show ar an 9 Feabhra 1964. An mhaidin ina dhiaidh sin, bhí píosa i mbeagnach gach nuachtán ag rá nach raibh ann ach faisean na huaire, agus nárbh fhéidir leo "fonn a iompair trasna an Atlantaigh". Sheinn siad ina gcéad cheolchoirm ag an Washington Coliseum i Washington, D.C. ar an 11 Feabra 1964.

Tar éis na cáile móire a bhain na Beatles amach sa bhliain 1964, thosaigh Vee-Jay Records agus Swan Records ag baint an-úsáid as na cairteacha a bhí acu leis na luath-taifeadtaí a ath-eisiúint. Shroich beagnach gach ceann acu an 'deich is fearr sna cairteacha. Fuair MGM agus Atco na cearta do na hamhráin a thaifead siad i Hamburg i rith na tréimhse le Tony Sheridan, agus d'éirigh sách maith leis na singlí My Bonnie agus Ain't She Sweet (le John Lennon mar phríomhamhránaí). D'eisigh VEE-Jay Introducing... The Beatles, albam a bhí comhdhéanta go príomha den chéad albam a eisíodh sa Bhreatain le cúpla mion-athruithe. Chomh maith leis sin, d'eisigh siad albam aisteach The Beatles Vs The Four Seasons. Ar an albam seo, cuireadh Introducing... The Beatles agus The Golden Hits Of The Four Seasons, albam ó ghrúpa rathúil eile a bhí faoi chonradh ag Vee-Jay, i "gcomórtas" le chéile (bhí "scórchárta" ar an gclúdach, fiú).

Albam fánach eile a rinneadh ag an am ná Hear The Beatles Tell All, a chlúdaigh dhá agallamh fada le ceirneoirí as Los Angeles (an teideal a bhí ar taobh a haon ná "Dave Hull interviews John Lennon", agus ar thaobh a dó "Jim Steck interviews John, Paul, George, Ringo"). Ní raibh ceol ar bith ón mbanna le fáil air. Tar éis tamaill, chuaigh na ceirníní a bhí eisithe ag Vee-Jay/Swan faoi úinéaracht Capitol, a d'atheisigh an chuid is mó den cheol ar an albam a eisíodh i Meiriceá amháin, The Early Beatles.

I lár na bliana 1964, d'fhág na Beatles ar a gcéad camchuairt taobh amuigh den Eoraip nó Meiriceá, nuair a thaistil siad ar fud na hAstráile. Fágadh Ringo Starr sa bhaile i Learpholl ag fulaingt le céislíníteas, agus tógadh Jimmy Nicol isteach ina áit. In Adelaide, tháinig níos mó ná 300,000 duine amach don banna, a tháinig amach chun iad a fheiceáil ag Halla Baile Adelaide. Bhuail Ringo leo arís sa Nua-Shéalainn ar an 21 Meitheamh 1964.

I mí Meithimh 1965, bhronn Banríon Eilís II na Ríochta Aontaithe Ord Impireacht na Breataine, nó MBE ar an gceathrar. B'é an príomhaire Harold Wilson (a bhí ina theachta ón gceantar Huyton, i Learpholl) a mhol na hainmniúcháin. Ba mhór an onóir é don bhanna, ach chuir an eachtra tús le conspóid mhór i measc daoine eile ar a bronnadh an MBE orthu cheana. Bronnadh MBE don chuid is mó ar sheanfhundúirí míleata agus ceannairí cathartha, agus mar thoradh bhí fearg ar dhaoine coimeádacha nuair a bhfuair ceoltóirí an onóir chéanna. Thosaigh roinnt daoine ag tabhairt na boinn ar ais chun agóide a dhéanamh - dhá cheann ar an 14 Meitheamh, sula bhfuair na Beatles a mboinn féin ar an 26 Deireadh Fómhair.

Ar an 15 Lúnasa 1965, chas the Beatles an chéad cheolchoirm i stair an rac-cheoil a cuireadh ar siúl i staid mhór, nuair a sheinn siad ag Staid Shea i Nua Eabhrac, os comhair lucht féachana de 55,600 duine. Seoladh an séú albam, Rubber Soul, ag tús mí na Nollag 1965. Mhol na criticí go mór é mar chéim mhór ar aghaidh in aibíocht agus coimpléacsacht i gceol an bhanna.

Frithradadh agus conspóid[athraigh | edit source]

I mí Iúil 1966, agus iad ar chamchuairt sna Filipínigh, mhaslaigh na Beatles ceannaire na tíre Imelda Marcos, de thaisme mar a tharla. Thug an t-uachtarán cuireadh don bhanna teacht go dtí an bPálas Uachtaránacht, chun bricfeasta a fháil ag fáiltiú oifigiúil. Dhiúltaigh Brian Epstein é go béasach, mar bhí polasaí ag an mbanna aon cuirí chomh "h-oifigiúil" seo a dhiúltiú. Bhí sé ar intinn acu lá saoire a thógáil ar an lá céanna, rud a bhí an-luachmhar dóibh i rith na laethanta gnóthacha seo. Ní raibh Imelda Marcos den tuairim céanna ar chor ar bith, áfach, agus thóg sí é mar mhasla. Bhí iontas ar na Beatles nuair a chuala siad an ruaille buaille ar an nuacht, agus bhí gach stáisiún ag labhairt faoin eachtra. Thosaigh an suíomh ag eírí go dona go tapaidh. Chaill an banna an chosaint phóilíneachta a bhí acu, agus b'éigean dóibh taistil go dtí Aerfort Manila ina n-aonair. Shroich siad an t-aerfort slán sábháilte, ach nuair a bhí siad ann ciceadh agus buaileadh a bhainisteoir turais Mal Evans, agus fuair an banna féin an chóir chéanna. Nuair a bhí siad ar an eitleán agus ag fanacht ar an rúidbhealach, tógadh Epstein agus Evans amach as arís, chun labhairt leis na h-údaráis. I ndeireadh na dála, bhí ar Epstein an t-airgead ar fad a thuill an banna sa tír a thabhairt ar ais, sular ghéill siad dóibh dul ar ais ar an eitleán.

Tháinig siad go leor slán as an gcrá sna Filipínigh, ach bhí ceann eile ag fanacht leo. Chuir ráiteas a rinne Lennon i mí Márta na bliana céanna tús le frithradadh mór ó grúpaí coimadeácha agus soisialta i Stáit Aontaithe. Le linn preasagallamh leis an dtuairisceoir Briotanach Maureen Cleave, chuir Lennon i láthair a thuairim go raibh an Chríostaíocht ag fáil bás agus go raibh na Beatles "níos coitianta ná h-Íosa anois". Tar éis seo, craoladh an scéal ar an raidió i mBirmingham, Alabama faoi daoine ag dóigh ceirníní an bhanna. Ceaptar ar dtús gur magadh a bhí ann, ach thosaigh neart daoine a bhí ceangailte leis na h-eaglaisí tuathúila i ndeisceart na tíre ag déanamh an rud céanna. Gan mhoill, bhí daoine i mbailte ar fud na Stáit Aontaithe agus an Afraic Theas ag cur ceirníní an bhanna trí thine mar agóid. Agus é ag iarraidh beagán greann a thabhairt isteach sa dhíospóireacht, dúirt McCartney, "Bíonn orthu iad a cheannach sular fhéidir leo iad a dhóigh." Faoi fíor-bhrú ó na meáin i Meiriceá, ghabh Lennon a leithscéal ag preasagallamh i Chicago ar an 11 August 1966, an oíche roimh an céad taispeántas ar a gcamchuairt deireanach.

Ce go raibh na Beatles an-tógtha le h-Elvis Presley, níor aontaigh sé le gníomhaíochas frith-chogaíocht an bhanna, agus úsáid drugaí chomh maith. D'iarr Presley fiú ar uachtarán Richard Nixon cosc a chur ar an gceathrar teacht isteach sa tír. Ar an dtaobh eile, fuair siad tacaíocht ó Bob Dylan, a dhearbhaigh gur thug na Beatles beagán bród ar ais don tír.

Na blianta sa stiúideo[athraigh | edit source]

I mí Aibreán 1966, chuir na Beatles tús leis an obair ar an t-albam ba uaillmhianach a rinne siad go dtí seo, Revolver. I rith na seisiúin taifeadta, thosaigh siad ag baint triail a lán rudaí nua, mar shampla le lúbanna téip agus samplálacha. Thaitin leis an ngrúpa i gcónaí triail a bhaint as teicneolaíocht úr agus nua-aimseartha, cé go raibh na h-amhráin bunaithe fós ar na bhfréamhacha céanna - rac-cheol, bailéid, rithim is na gormacha, ceol soul, ceol domhanda agus seánraí eile.

Sheinn na Beatles a seó deireanach i bPáirc Candlestick, i gcathair San Francisco ar an 29 Lúnasa 1966. D'iarr McCartney ar Tony Barrow an cheolchoirm a thaifead, ach bhí an téip a úsáid sé ró-ghearr agus stop sé i lár an amhrán deireanach. Níor mhair an seó ar fad ach timpeall tríocha cúig nóiméad.

As seo amach go dtí deireadh an bhanna, thiontaigh na Beatles a bhfuinneamh ar fad ar an stiúideo. Bhí siad ach seacht mí amuigh ón stiúideo tar éis Revolver, nuair a bhailigh siad ar ais i Stiúideonna Abbey Road ar an 24 Samhain 1966. Chuir siad tús leis na seisiúin a mhair ar feadh 129 lá. An toradh a chruthaigh siad ná an t-ochtú albam, Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band, a scaoileadh ar an 1 Meitheamh 1967.

Ar an 25 Meitheamh 1967, b'é na Beatles an céad banna a chraoladh ar fud an domhain, ós comhair lucht féachtanta 400 milliún duine ar an teilifís. Craoladh an taispeántas beo mar pháirt den chéad tarchur saitailíte, ar chlár leis an dteideal Our World. Sheinn siad an t-amhrán All You Need Is Love ag Abbey Road, agus seoladh é ar fud na cruinne.

Thosaigh an tóin ag titim amach as cúrsaí airgeadais an bhanna tar éis bás Brian Epstein, de bharr ródháileog dhrugaí thimpisteach ar an 27 Lúnasa 1967. Bhí dhá bhliain is tríocha bainte amach aige. Ag deireadh na bliana céanna, fuair siad a gcéad preas diúltach sa Bhreatain nuair a craoladh an scannán Magical Mystery Tour ar an teilifís. Ní raibh gach duine in ann é a thuiscint, agus bhí an scannán ag breathnú go mór ar dhathanna, cé nach raibh teilifíse dhaiteacha ag fórmhór na ndaoine. Scaoileadh fuaimrian den scannán sa Ríocht Aontaithe mar albam dúbáilte.

Chaith an grúpa seal ag tús na bliana 1968 i Rishikesh, Uttar Pradesh, san India ag déanamh staidéar ar machnamh tarchéimniúil faoi stiúir an Maharishi Mahesh Yoga. Ar ais ón India, thaistil Lennon agus McCartney go Nua Eabhrac chun bunú an Apple Corps., a gcomhlacht nua a fhógairt. I lár na bliana 1968, rinne siad obair ar an albam dúbáilte The Beatles, nó The White Album mar atá aithne air mar gheall ar an gclúdach lom bán. I rith na seisiúin don albam seo, bhí sé soléir go léir go raibh fadhbanna mhóra sa bhanna, agus shiúl Ringo Starr amach ar feadh tamaill. Lean an t-obair díreach ar aghaidh, áfach, le McCartney ag casadh na drumaí ar na h-amhráin Martha My Dear, Wild Honey Pie, Dear Prudence agus Back in the USSR. Cúis mí-shástacht a bhí sa bhanna ná go raibh bean nua Lennon Yoko Ono sa stiúideo leo an t-am ar fad. Ag an am céanna, ceapadh go raibh McCartney ag éirí beagán ró-thiarnúil, go h-áirithe tar éis bás Epstein. Bhí na scoilteanna bheaga seo ag fás ar feadh tamaill sa bhanna, rud a bhí sách soiléir nuair a bhí Harrison ag iarraidh a amhráin fhéin a chur ar na h-albaim.

Deacracht mór eile a bhí acu ná go raibh siad fós gan bhainisteoir, agus gan éinne a bhí in ann na cúrsaí gnó a stiúiradh. Bhí bhí McCartney i bhfabhar an jab a thabhairt do Lee Eastman, athair leis a bhean Linda Eastman. Ní raibh Lennon, Harrison agus Starr den tuairim céanna ar chor ar bith, ámh, b'fhearr leo Allen Klein. Roimhe seo, rinneadh gach cinneadh d'aon guth, ach leis an gceann seo ní raibh siad ábalta aontú a dhéanamh. Bhí Lennon, Harrison agus Starr amhrasach faoi Eastman, mar cheap siad go mbéadh Eastman claonta i leith McCartney i gcónaí. Roghnaigh an triúr Klein, ach sa bhliain 1971 nochtadh gur ghoid sé cúig milliún ón bhanna agus é ina bhainisteoir. In agallamh don Anthology sna nóchaidí, labhair McCartney faoin tréimhse seo, "Ag féachaint siar, is féidir a thuiscint conas a mhothaigh siad go mbeadh sé (Lee Eastman) claonta i mo leith."

Briseadh suas: Let It Be[athraigh | edit source]

Chas na Beatles don uair deireanach beo thuas ar dhíon an fhoirgnimh Apple ag Rae Savile, Londain, ar an 30 Eanáir 1969, dhá lá roimh deireadh na seisiúin deacracha don albam Let It Be. Scannánaíodh an chuid is mó den taispeántas, agus cuireadh san áireamh é sa scannán Let It Be. Nuair a bhí siad ag seinm, cuireadh scairt ar na bpóilíní áitiúila mar gheall ar ghearáin faoin challán. D'iarr na péas orthu stop a chur leis, agus dúirt na baill níos déanaí go raibh díomá orthu nar ghabhadh iad, mar bheadh deireadh níos tráthúil don scannán é.

Taifeadadh an t-albam deireanach, Abbey Road, i samhradh na bliana 1969. Nuair a shroich siad deireadh an amhráin I Want You (She's So Heavy) ar an 20 Lúnasa 1969, b'é sin an uair deireanach a bhí na ceathrar Beatles sa stiúideo céanna riamh. An t-amhrán deireanach a rinne siad ná I Me Mine, scríofa ag Harrison agus taifeadadh ar an 3 Eanáir 1970. Rinneadh é gan Lennon, é a bhí sa Dhanmhairg ag an am.

D'fhógair Lennon go raibh sé ag fágáil an bhanna ar an 20 Meán Fómhair 1969, ach d'aontaigh sé faic a rá go poiblí sular raibh na cúrsaí dleathacha go leor réitithe.

I mí Márta 1970, tugadh na dioscaí ón seisiún Get Back don léiritheoir Meiriceánach Phil Spector, a bhí ag obair le Lennon ar a shingil aonair Instant Karma!. Bhí sé ar intinn ag an mbanna, McCartney ach go h-áirithe, fuaim lom agus beo a choimeád ar an albam. Bhí a stíl aithnidiúil fhéin ag Spector, an "Wall of Sound" mar a dtugtar air, ach ní raibh sé oiriúnach don scéim seo. Bhí McCartney ar buile leis an obair a rinne Spector ar an amhrán The Long and Winding Road, agus rinne sé iarracht stop a chur le scaoileadh an singil. Theip ar an iarraidh seo, áfach. D'fhógair McCartney briseadh suas na Beatles go poiblí ar an 10 Aibreán 1970, seachtain amháin sular sheol sé a chéad albam aonair, McCartney. Ar an 8 Bealtaine 1970, scaoileadh na h-amhráin ón seisiúin Get Back mar an t-albam Let It Be, agus ina dhiaidh sin an scannan leis an ainm céanna. Díscaoileadh comhpháirtíocht The Beatles sa bhliain 1975.

Dioscliosta[athraigh | edit source]

Scannánlisota[athraigh | edit source]

Bliain Ainm Stiúrthóir
1964 The Beatles: The First U.S. Visit éagsúla
A Hard Day's Night Richard Lester
1965 Help!
1966 The Beatles at Shea Stadium éagsúla
1967 Magical Mystery Tour The Beatles, Bernard Knowles
1968 Yellow Submarine George Dunning
1970 Let It Be Michael Lindsay-Hogg
1984 The Compleat Beatles Patrick Montgomery
1996 The Beatles Anthology Geoff Wonfor, Bob Smeaton
2008 All Together Now Adrian Wills

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]