Buddy Holly
| Buddy Holly | |
| Ainm breithe | Charles Hardin Holley |
| Rugadh | 7 Meán Fómhair, 1936 |
| Lubbock, Texas | |
| Bás | 3 Feabhra, 1959 |
| Contae Cerro Gordo, Iowa | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | Amhránaí is scríbhneoir, ceoltóir |
| Seánra(í) ceoil | Rac-cheol |
| Lipéad/lipéid | Decca, Brunswick, Coral |
Amhránaí agus ceoltóir Meiriceánach ab ea é Charles Hardin Holley (7 Meán Fómhair, 1936 – 3 Feabhra, 1959). Buddy a thugtaí mar leasainm air, agus d'athraigh sé litriú a shloinne go Holly nuair a rinneadh botún ina chonradh ceoil. Bhain Holly clú agus cáil amach sna 1950idí mar amhránaí, ceoltóir agus ceannródaí rac-cheoil.
Spreag ceolchoirm de chuid Elvis Presley Holly chun a bhanna féin The Crickets a chuir le chéile. Bhí Holly ag cumadh a amhrán féin, agus bhí sé ar duine de na céad ceoltóirí chun an giotár-leictreach a sheinm. Mar thoradh ar na hamhráin cháiliúla a bhí seolta aige - mar shampla That'll Be the Day, Everyday, Peggy Sue, Not Fade Away, It Doesn't Matter Anymore agus True Love Ways - bhí tionchar mór ag Holly ar domhan an rac-cheoil. Mar shampla, déarfadh daoine ar nós The Beatles agus Bob Dylan gur inspioráid díreach é Holly ar a gcuid ceoil (níl botún é an chosúlacht idir The Beatles agus The Crickets).
Cailleadh Holly ina fhear óg scór is dhá bhliain d'aois sa bhliain 1959, nuair a thuairteáil an t-eitleán ina raibh sé ag taisteal i ngort i gClear Lake, Iowa. Bhásaigh Richie Valens, J.P. Richardson ("The Big Bopper") agus an píolóta Roger Peterson sa tuairt chéanna.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |