Veidhlín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Veidhlín bunúsach

Is é téaduirlis an veidhlín, a bhfuil ceithre téad aige de ghnáth. Tarraingítear bogha thar na téada chun fuaim a ghiniúint. Is é an veidhlín an gléas is tábhachtaí i gceol an iarthair ón 17ú céad. Saothraíodh an veidhlín ceathairthéadach sa 16ú céad, ag sroicheadh a bhuaice i 1650-1730 i lámha Stradivari agus chlanna Nicolò Amati (1596-1684) is Giuseppe Guarneri (1698-1744). I measc na mionathruithe a rinneadh níos déanaí air, tá an méarchlár fadaithe, an taca smige, agus níolón is cruach in ionad snáithe caoláin mar ábhar sreang. Baill eile de chlann an veidhlín is ea an vióla, an dordveidhil is an t-olldord.