Níolón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raon snáithíní saorga a rinne comhlacht DuPont don chéad uair i 1938. Polamíd atá éadrom leaisteach láidir buanfasach. Áisiúil i bhfoirm shnáithíneach is sholadach. An-chuid úsáidí éagsúla i rópaí, téada bonn, comhpháirteanna innealtóireachta, feistis tí agus éadaí.