Polaimídí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Móilíní móra a chruthaítear trí pholaiméiriú comhdhlúthaithe dé-aimíní le haigéid dhécharbocsaileacha, cosúil le 1,6 dé-aimíniheacsán le 1,6 aigéad adaipeach chun níolón a dhéanamh. Tugann na móilíní comhlántacha seo an saghas céanna nasc aimíde a fhaightear i bpróitéiní, agus snáithíní nádúrtha cosúil le síoda is olann (mar is iad aimínaigéid na monaiméirí sa dá shnáithín seo).