Bob Dylan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dob Dylan
Joan Baez Bob Dylan crop.jpg
Dylan ar máirseáil faoi chearta sibhialta, Washington, D.C., 1963
Bunús Duluth, Minnesota
Tír Na Stáit Aontaithe
Gníomhach 1959 – anois
Seánra(í) ceoil Rac, tíre
Lipéad/lipéid Columbia, Asylum
Suíomh gréasáin BobDylan.com

Ceoltóir, amhránaí, cumadóir, scríbhneoir agus file Meiriceánach is ea Bob Dylan (ar tugadh an t-ainm Robert Allen Zimmerman air nuair a saolaíodh é ar 24 Bealtaine, 1941 in Duluth, Minnesota, S.A.M.).

Chaith Zimmerman mórán dá óige ag éisteacht leis an raidió – thosaigh sé ar dtús ag éisteacht leis na stáisiúin raidió a sheinn ceol tuaithe agus na gormacha agus níos déanaí d’éist sé le rac is roll. D'eisigh a albam is déanaí Together Through Life i 2009.

Na chéad ghrúpaí[athraigh | edit source]

Do bhunaigh sé roinnt bannaí agus é ar scoil. Níor mhair a chéad bhanna, The Shadow Blasters, rófhada ach bhí níos mó ratha air leis an dara banna, The Golden Chords. Sheinn siad a leaganacha féin d'amhráin mhór-ráchairte an ama sin.

Ina bhliainiris i 1959 dúirt Robert Zimmerman gurb é an uaillmhian a bhí aige ná “To join Little Richard”. Sa bhliain chéanna, ag úsáid an ainm Elston Gunn, sheinn sé an pianó do Bobby Vee.

San ollscoil[athraigh | edit source]

I Meán Fómhair 1959 thosaigh Zimmerman ag freastal ar Ollscoil Minnesota. Bhí air bogadh ó Minnesota go Minneapolis. Bhog sé freisin ón gceol rac is roll ina raibh suim aige, dhírigh sé isteach ar cheol tíre agus mhalartaigh sé a ghiotár leictreach do giotár fuaimiúil. Sna nótaí a scríobh Dylan dá albam “Biograph” deir sé go raibh sé níos tógtha leis an gceol tíre ná an rac is roll toisc go raibh ceol tíre níos dáiríre, níos readúla. Dar le Dylan, bhain ceol tíre le bráistintí i bhfad níos doimhne – bhí níos mó éadochais sna hamhráin, níos mó dobróin, agus níos mó caithréime.

Sar i bhfad thosaigh sé ag seinm i gcaife gar don Ollscoil darbh ainm “The 10 o’clock Scholar”. Thug sé sin deis do briseadh isteach i gciorcsal ceoil an cheantair.

Ag an tráth seo dá shaol a d’aistrigh Zimmerman a ainm go “Bob Dylan”. Dar le Dylan go raibh sé ar intinn aige “Robert Allen” a úsáid ach, agus é ag léamh na hirise Downbeat, fuair sé amach go raibh ceoltóir ann cheana darbh ainm Robert Allen. Shocraigh sé ar an t-ainm Dylan a úsáid toisc go raibh sé ag léamh fhilíocht Dylan Thomas ag an am sin.

Níor chríochnaigh Dylan a chúrsa san Ollscoil. Bhí sé ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar chumadóir amhrán.

I Nua-Eabhrac[athraigh | edit source]

Dylan ag seinm sa bhliain 1963

D’fhan sé in Minneapols ar feadh tamaill, áfach, ag cleachtadh an cheoil tíre agus ag seinm nuair a bhí an deis aige ach i mí Eanáir 1961 bhog sé arís – an t-am seo go Nua-Eabhrac. Theastaigh uaidh seinm ann ach bhí cúis eile leis an gcinneadh dul go Nua-Eabhrac – bhí a laoch mór, Woody Guthrie, i mbaol báis agus theastaigh ó Dylan cuairt a thabhairt air sula mbeadh sé ródhéanach.

Nuair a bhí sé san ospidéal ag tabhairt cuairte ar Guthrie, bhuail Dylan le Jack Elliot – an ceoltóir a thaistil le Guthrie nuair a bhí sé ag seinm timpeall na tíre. D’éirigh Dylan agus Elliot cairdiúil agus luaigh Dylan é ina dhírbheathaisnéis “Chronicles”.

Ó Aibreán go Meán Fómhair 1961 sheinn Dylan i gclubanna éagsúla timpeall Greenwich Village. Tharla roinnt rudaí san am sin a thug níos mó aitheantais phoiblí dó. Ba le linn na tréimhse seo a thosaigh na stáisiúin raidió ag seinm a chuid ceoil. D’fhreastail an léirmheastóir Robert Shelton ó “The New York Times” ar a seó i “Gerde’s Folk City” agus scríobh sé léirmheas dearfach faoi. Chomh maith leis an dá rud sin, fuair Dylan cuireadh ón amhránaí tíre Carolyn Hester an armónach a sheinm ar a tríú halbam “Carolyn Hester”. Dhírigh sé seo aird John Hammond, a bhí ag léiriú albam Carolyn do Colombia Records, ar Dylan. Shínigh Dylan conradh le Colombia Records an Deireadh Fómhair sin.

Faraor, níor éirigh go rómhaith leis an gcéad albam a d’eisigh sé ar an lipéad sin. Níor dhíol sé ach 5,000 cóip sa chéad bhliain. Bhí roinnt daoine in Colombia Records den tuairim go raibh botún déanta ag John Hammond agus go mba cóir dó an conradh le Dylan a bhriseadh. Níor ghéill sé, áfach, agus chosain sé Dylan go láidir. Bhí comhghuaillí cumhachtach eile ag Bob Dylan in Colombia Records chomh maith – Johnny Cash.

Fad is a bhí Dylan ag obair do Colombia Records, thaifead sé amhráin faoin ainm cleite ‘Blind Boy Grunt’ do “Broadside Magazine” – iris ceoil tíre agus lipéad ceoil.

Diaidh ar ndiaidh d'fhás clú Dylan.

I 1965 d'fhill sé ar an gceol leictreach agus bhain úsáid as uirlisí ceoil leictreacha arís.

Ach fad is a bhí an clú is an cháil ag méadú, bhí an brú ag méadú freisin. I 1966 gortaíodh Dylan nuair a caitheadh é ó a ghluaisrothar i Nua-Eabhrac agus tar éis na timpiste thóg sé briseadh ón saol poiblí ar feadh bliain go leith.

Saol pearsanta[athraigh | edit source]

Phós Dylan Sara Lownds i mí na Samhna, 1965. Rugadh a gcéad pháiste, Jesse Byron Dylan, ag tús mhí Eanáir 1966. Bhí ceathrar páistí acu le chéile: Jesse Byron, Anna Lea, Samuel Issac Abraham, agus Jakob Luke. D’uchtaigh Dylan iníon Sara Lownds óna céad phósadh.

Sna nóchaidí bhain a pháiste is óige, Jakob Dylan, cáil amach mar phríomhamhránaí an bhanna The Wallflowers. Is stiúrthóir agus fear gnó rathúil é a mhac Jesse Dylan.

Scar Bob agus Sara Dylan óna chéile ar 29 Meitheamh 1977.

Phós Dylan arís i Meitheamh 1986. An t-am seo, phós sé a amhránaí taca Carolyn Dennis. Rugadh a bpáiste, Desiree Gabrielle Dennis-Dylan ar 31 Eanáir 1986. Scar an bheirt i 1992. Coimeádadh a bpósadh agus a bpáiste faoi rún roimh fhoilsiú na beathaisnéise a bhí scríofa ag Howard Sounes faoi Dylan, “Down the Highway: The Life of Bob Dylan”, i 2001.