Elvis Presley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaElvis Presley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Elvis Aaron Presley
8 Eanáir 1935
Tupelo, Mississippi Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 1977
42 bliana d'aois
Memphis, Tennessee, Tennessee Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaGraceland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síHumes Preparatory Academy Middle School (en) Aistrigh (–1953) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGraceland (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir scannáin, amhránaí, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1954 –  1977
SeánraRac-cheol, na gormacha, rockabilly, ceol gaspal, rac-tíre, ceol rithim agus gormacha, popcheol rac, popcheol, rac is roll agus ceol tuaithe
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
Céim mhíleatasáirsint Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaBaratón

UirlisGiotár, pianó, ceol gutha agus dordghiotár
Lipéad ceoilSun Records
RCA Victor Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtcearáité Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéilePriscilla Presley (1967–1973), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAnita Wood (1957–1962)
Ginger Alden (1976–1977) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLisa Marie Presley
 ( Priscilla Presley) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairVernon Elvis Presley  agus Gladys Presley
SiblínJessie Garon Presley
Duine muintearthaBrandon Presley (col seisir) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Lúnasa 1977death of Elvis Presley (en) Aistrigh
1958-1960conscription (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinelvis.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000062 Allocine: 14595 Rottentomatoes: celebrity/elvis_presley Allmovie: p107032 TCM: 155137 Metacritic: person/elvis-presley TV.com: people/elvis-presley IBDB: 84045 AFI: 47277
Facebook: elvis Twitter: elvispresley Instagram: elvis Youtube: UChgxarBUCnPJV871-46bJ2g Spotify: 43ZHCT0cAZBISjO8DG9PnE iTunes: 197443 Last fm: Elvis+Presley Musicbrainz: 01809552-4f87-45b0-afff-2c6f0730a3be Songkick: 561119 Discogs: 27518 Allmusic: mn0000180228 Find a Grave: 837 Deezer: 1125 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir agus aisteoir Meiriceánach ab ea Elvis Aaron Presley (8 Eanáir 193516 Lúnasa 1977). Íocón cultúrtha mór le rá a bhí ann, siamsóir ar ar tugtar an leasainm The King (an ), nó The King of Rock-n-Roll (Rí an Rac-Cheoil). Chuir sé an rac-cheol i láthair do lucht éisteachta idirnáisiúnta agus ag an am céanna, tharraing sé conspóid lena bheo agus lena mharbh.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Elvis Presley i dTupelo Thoir, Mississippi ar an 8 Eanáir, 1935. Bhí a thuismitheoirí Vernon Elvis Presley agus Gladys Love Smith ag súil le leathchúpla, ach bhí marbh-bheirthe ann (buachaill eile a bhí ann, ar ar thug siad Jesse). D´fhás Presley aníos i dTupelo Thoir ar dtús, agus ansin chuaigh an teaghlach go dtí Memphis, Tennessee sa bhliain 1948.

An bhliain ina dhiaidh sin, bhog siad isteach i Lauderdale Courts, eastát tithíochta a bhí suite gar do háiteanna ceoil ar nós Beale Street, Ellis Auditorium agus Sun Studios. Thosaigh Presley ag seinm an ghiotáir ag an am sin, ina aonar ar dtús agus ansin le daoine eile as a chomharsanacht.

Tar éis na scoile, d'oibrigh sé leis an Precision Tool Company, agus ansin thiomáin sé trucail don Crown Electric Company.

Sun Studios[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an tsamhraidh 1953, chuaigh Presley go dtí Sun Studios agus chaith sé ceithre dhollar chun dhá amhrán a thaifead - My Happiness agus That's When Your Heartaches Begin. Ba bhailéid coitianta ag an am sin iad, agus thug Presley an ceirnín dá mháthair mar bhronntanas lá breithe. D'éist bunaitheoir Sun Records Sam Phillips leis na rianta freisin, agus thug sé cuireadh do Phresley teacht isteach arís i mí Meitheamh 1954 chun cúpla amhrán a chanadh.

I mí Iúil, thosaigh siad ag obair sa stiúideo leis na ceoltóirí áitiúla Scotty Moore agus Bill Black. Ar an 5 Iúil 1954, thosaigh Presley ag canadh an amhráin That's All Right i rith sos sa stiúideo. Chan sé an rian ina stíl nua féin, agus cheap Phillips go raibh rud nua speisialta acu.

Sheol sé amach é mar shingil, le Blue Moon of Kentucky ar an taobh eile. Thosaigh an stáisiún raidió WHBQ ag casadh an singil, agus i gceann tamaill bhain siad rath amach leis. Thosaigh Presley ag seinm ar fud na háite, agus d'fhás a cháil ó Tennessee go dtí áiteanna eile freisin. Sheinn Presley ag an Grand Ole Opry i Nashville freisin, áit atá tábhachtach fós. Lean sé ar aghaidh ar thuras sa Deisceart Mheiriceá.

Ar an 16 Deireadh Fómhair 1954, agus 19 bliain in aois dó. sheinn Presley ag an Louisiana Hayride,[2] clár raidió ceol-tíre i Shreveport, Louisiana. Rath mór ab ea é, agus fuair sé conradh nua chun píosa a dhéanamh gach seachtain. Thug sé taispeántas ar an teilifís áitiúil de chuid Louisiana Hayride ar 3 Márta 1955.[3]

Elvis Presley, 1955, Jacksonville

Na meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Presley leis an mbainisteoir Colonel Tom Parker sa bhliain 1955.[4] Ar an 15 Lúnasa 1955, shínigh Presley conradh le Hank Snow Attractions, comhlacht a bhí ag an amhránaí Hank Snow agus Colonel Tom Parker. Fuair Parker margadh leis an gcomhlacht mór RCA Records ar an 21 Samhain 1955, agus d'oscail siad dhá chomhlacht i Nua-Eabhrac chun ceol Presley a fhoilsiú. Ba bhainisteoir cliste é Parker, agus d'úsáid sé ainm Presley chun a lán airgid a dhéanamh.

Elvis agus Liberace, Las Vegas, 1956

D'eisíodh "Heartbreak Hotel" ar 27 Eanáir 1956. An lá dár gcionn, an 28 Eanáir, thug Elvis Presley taispeántas fuinniúil uaidh ar an teilifís, a chéad uair ar chlár náisiúnta.[5] Tarraingíodh an bogadh meallacach raic ag an am!

Sa Ghearmáin, 1958-1960

Bhain Presley cáil níos fairsinge amach trína chuid ról scannánaíochta.[6] Ba ea Love me Tender[7] an chéad scannán a rinne sé, eisithe ar 15 Samhain 1956, agus in aois 21 bliain dó.

Níos déanaí, rinne Parker margadh le Hollywood Studios, agus rinne scannáin Presley a lán airgid do Parker freisin.

Seirbhís mhíleata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 20 Nollaig 1957, fuair Presley amach go raibh dhá bhliain le déanamh aige san airm, agus chuaigh sé isteach san airm an 24 Márta 1958. Spreag an scéal suim an phobail. Bhí an cuma ar Presley nár lorg sé cóireáil speisialta. Ní dhearna sé gearán ba chosúil agus fuair sé moladh dá bhrí sin.

Elvis Presley agus Priscilla le Lisa Marie, Feabhra 1968

Seoladh Presley go dtí na Gearmáine ar an USS General George M. Randall (AP-115), mar gnáth-shaighdiúir. Thosaigh sé ag caitheamh drugaí nuair a bhí sé ann. Agus bhuail sé le Priscilla Beaulieu, 14 bliain d'aois ag an am.[8]

D'fhill sé abhaile an 2 Márta, 1960. Nuair a bhí sé ar ais, cheap a lán daoine (mar shampla John Lennon) gur chaill Presley rud éigin san airm, agus bhí a shaothar nua níos measa. Bhí fearg ar Phresley féin leis a shlí bheatha, agus an obair deacair a bhí le déanamh aige sna scannáin. Ní raibh mórán ama aige chun ceol nua a chruthú.

Na 1960idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1960, sheol sé amach an t-albam Elvis is Back. Bhí roinnt rath ag an albam, ach i bhfad níos lú ná a cheirníní níos luaithe.

Ba thréimhse athraitheach iad na 1960idí, agus bhí sé deacair dó a áit a fháil amach arís. Bhí an tIonradh Briotanach faoi lán seoil, leis The Beatles agus na bannaí nua eile.

Ar 1 Bealtaine 1967, phós Elvis Presley Priscilla Beaulieu san óstán Aladdin i Las Vegas. Mhair searmanas an phósta 8 noimeád. Rinneadh dúmhál mothúchánach ar Elvis, a deirtear.[8] Rugadh Lisa Marie an bhliain dár gcionn.


Tháinig Presley ar ais go fírinneach leis an '68 Comeback Special. Craoladh an taispeántas ar NBC ar an 3 Nollaig 1968, agus bhí sé an-rathúil. Chuaigh Presley ar ais go dtí a fhréamhacha rac-cheoil; sheinn sé an ghiotár agus chan sé a amhráin chomh láidir is a rinne sé riamh. Fuair sé fuinneamh nua, agus chuaigh sé amach ar chamchuairt arís sa bhliain 1969.

Graceland

Deireadh a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

uaigh Elvis inniu i nGraceland

Tar éis seacht mbliana gan singil ag barr na gcairteacha, chuaigh a amhrán Suspicious Minds go dtí uimhir 1 ar an 1 Samhain, 1969, an t-amhrán deireanach uaidh a shroich an áit seo i rith a shaoil. Bhí rath mór aige fós i dtíortha eile, agus bhí na hamhráin Burning Love an-rathúil i Meán Fómhair 1972, agus The Wonder Of You sa bhliain 1970. B'ócáid mhór é an ceolchoirm Aloha from Hawaii, a craoladh i mí Eanáir 1973, an chéad chéad clár a chraoladh ar fud an domhain le satailít. Idir 1969 agus 1977, rinne Presley níos mó ná míle ceolchoirm, i Las Vegas agus ar thuras. B'é an chéad ceoltóir a bhí ábalta ceithre ceolchoirme i ndiaidh a chéile a dhíol amach i Madison Square Garden, Nua-Eabhrac.

I rith na 1970idí, thosaigh sláinte Presley ag éirí go dona. Bhí andúileach aige ar dhrugaí, agus bhí drochthionchar acu ar a chorp agus a intinn. Reáchtáladh an cheolchoirm dheireanach i Indianapolis, Indiana ar 26 Meitheamh, 1977.[9][10]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 16 Lúnasa 1977 ag 3:30 p.m, fuarthas Presley ina luí gan mhothú ina sheomra folctha i Graceland, agus in aois 41 dó.

Tógadh é go dtí an Baptist Memorial Hospital, agus fógraíodh a bháis ag 3.30pm. Dúirt an cróinéir ag an am gurb é taom croí a bhí i gceist. Ach tá a lán plé ann fós faoi chúis a bháis. Ní bheidh torthaí an scrúdaithe iarbháis ar fáil don phobal roimh ... 2027.[11]

Cuireadh Presley ar dtús i reilig Forest Hill i Memphis in aice leis a mháthair, ach ath-chuireadh an bheirt i Graceland agus áit ardslándála, tar éis iarracht gadaíochta, creid nó ná creid.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Elvis Presley (1956)
  • Elvis (1956)
  • Loving You (1957)
  • Elvis' Christmas Album (1957)
  • Elvis Is Back! (1960)
  • G.I. Blues (1960)
  • Something for Everybody (1961)
  • Blue Hawaii (1961)
  • Pot Luck (1962)
  • Roustabout (1964)
  • From Elvis in Memphis (1969)
  • Aloha from Hawaii Via Satellite (1973)
  • Elvis: A Legendary Performer Volume 1 (1974)
  • Promised Land (1975)
  • From Elvis Presley Boulevard, Memphis, Tennessee (1976)
  • Elvis' 40 Greatest (1977)
  • Moody Blue (1977)
  • Elvis in Concert (1977)
  • ELV1S: 30 No. 1 Hits (2002)
  • Elvis the King (2007)

Singlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta singlí
Bliain Amhrán Buacphointí ar an gCairt
SAM Albain
1956 "I Forgot to Remember to Forget"
"Heartbreak Hotel" 1 2
"I Want You, I Need You, I Love You" 1 14
"Don't Be Cruel" 1 2
"Hound Dog" 1 2
"Love Me Tender" 1 11
1957 "Too Much" 1 6
"All Shook Up" 1 1
"(Let Me Be Your) Teddy Bear" 1 3
"Jailhouse Rock" 1 1
1958 "Don't" 1 2
"Hard Headed Woman" 1 2
1959 "One Night"/"I Got Stung" 4/8 1
"A Fool Such as I"/"I Need Your Love Tonight" 2/4 1
"A Big Hunk o' Love" 1 4
1960 "Stuck on You" 1 3
"It's Now or Never" 1 1
"Are You Lonesome Tonight?" 1 1
1961 "Wooden Heart" 1
"Surrender" 1 1
"(Marie's the Name) His Latest Flame"/"Little Sister" 4/5 1
1962 "Can't Help Falling in Love"/"Rock-A-Hula Baby" 2/23 1
"Good Luck Charm" 1 1
"She's Not You" 5 1
"Return to Sender" 2 1
1963 "(You're The) Devil in Disguise" 3 1
1965 "Crying in the Chapel" 3 1
1969 "Suspicious Minds" 1 2
1970 "The Wonder of You" 9 1
1977 "Moody Blue" 31 6
"Way Down" 18 1
1981 "Guitar Man" 28 43
2002 "A Little Less Conversation" 50 1
2005 "Jailhouse Rock" 1
"One Night"/"I Got Stung" 1
"It's Now or Never" 1

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lisa Marie Presley

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Reaves, Jessica (15/8/2002). ""Person of the Week: Elvis Presley"". Time Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meán Fómhair 17, 2011. Dáta rochtana: Meán Fómhair 29, 2010.
  2. "Louisiana Hayride" (as en) (2021-12-01). Wikipedia. 
  3. Rocketman5000 (2012-03-03). "Inside the Rock Era: This Date in Rock Music History: March 3". Inside the Rock Era. Dáta rochtana: 2022-01-28.
  4. "Colonel Tom Parker" (as en) (2020-10-31). Wikipedia. 
  5. Féach ar Presley, agus cuma óigeanta air (21 bliain d’aois ag an am) (28 Eanáir 1956). "First national TV 'Stage Show" Appearance January 28, 1956 - Elvis Performing Shake Rattle & Roll" (as en). 
  6. Mícheál Ó hAodha. "Ar an mBóthar le Jack" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  7. "Love Me Tender (film)" (as en) (2020-10-31). Wikipedia. 
  8. 8.0 8.1 Suzanne Finstad (1997). "Child Bride". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-05-01.
  9. Joseph Serwach (2022-07-13). "The Last Time Elvis Sang for His Fans" (en). The Partnered Pen. Dáta rochtana: 2022-08-16.
  10. Youtube (1977). "Never Seen Before Footage Of Elvis Presley! (On his last days alive)" (as en). 
  11. Paula Mejia (2015-01-08). "On His 80th Birthday, Revisiting the Conspiracies That Have Kept Elvis Presley Alive" (en). Newsweek. Dáta rochtana: 2022-08-16.