Foireann drumaí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cnaguirlis é foireann drumaí, atá comhdhéanta de dhrumaí, ciombail agus uaireanta cnaguirlisí eile (mar shampla clog bó, bloc adhmaid, clingíní, tambóirín, gangdhruma agus araile), atá eagraithe in aice le chéile do dhrumadóir amháin ina aonar. Buailtear iad le bata druma, nó scuaba agus mailléid chomh maith. I gcás an dord-druma agus an ard-hata, buailtear iad le troitheáin.
Is féidir na drumaí agus na ciombail éagsúla a chur le chéile in aon fhormáid, agus breathnaíonn sé ar an saghas ceoil atá i gceist. Mar shampla, i rac-cheol is iad an sreangdhruma agus an dord-druma a úsáidtear chun an buille a chruthú, ach i snagcheol cuirtear an béim ar an ard-hata agus an ciombal creatháin.
[athraigh] Comhbhaill coitianta
- ciombail: ciombal creatháin, ciombal plimpe, ciombal crochta, ciombal ard-hata (nó ciombal troitheáin)
- dord-druma (nó druma mór)
- tam urláir
- tam tam
- sreangdhruma
[athraigh] Trealamh eile
Gléas eile a úsáidtear uaireanta ná méadranóm, meaisín a chruthaíonn fuaim ar gach buille. Leis an méadranóm, bíonn an dhrumadóir in ann an buille a choimeád i gceart. Ceapann drumadóirí eile go bhfuil an méadranóm ró-chruinn, agus mar thoradh beagán mí-nádúrtha.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

