Ringo Starr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ringo Starr (2007)

Is ceoltóir cáiliúil é Richard Starkey MBE (rugadh é ar an 7 Iúil, 1940 i Learpholl, Sasana), nó Ringo Starr mar atá aithne níos fearr air. B'é é Starr an drumadóir leis an mbanna rac-cheoil The Beatles ó 1962 go dtí 1970. Tar éis The Beatles, bhí cúpla albam aige ina aonar. Chomh maith le sin, do dhein sé roinnt aisteoireacht leis. Sa bhliain 1984, chuir Starr i láthair an ghuth don clár teilifís Thomas the Tank Engine. Sa bhliain 1989, thosaigh sé Ringo Starr and His All-Starr Band, ag canadh amhráin Beatles agus ag seinm na drumaí.

Is drumadóir cáiliúil é a mhac Zak Starkey chomh maith, an chéad páiste a rugadh le Starr agus a iar-bhean Maureen Cox sa bhliain 1965.

Tagairtí[athraigh | edit source]