Dordghiotár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilDordghiotár
Cineáldord agus giotár
Aicmiú Hornbostel-Sachs513
Raon seinm
Nóta is ísleC♯ agus D
Gairm ealaíontadordghiotáraí

Is téaduirlis é an dordghiotár. Tá sé cosúil le giotár, ach tá an gléas agus a chuid téide níos mó, le fuaim níos ísle. Sa phopcheol agus rac-cheol ó na 1950idí ar aghaidh, is é an dord an leath eile den lucht rithime - ag obair go cóngarach leis na drumaí - a chuireann bunús amhrán le chéile do na ceoltóirí eile.

Is minic atá 4 shreang ar an dord, atá tiúnta i gceathrú cosúil leis na chéad cheithre shreang ar an ngnáth-ghiotár ach sa chéad ochtach níos ísle. Is iad ainmneacha na sreanga seo E A D agus G. Ach úsáidtear uimhreacha difriúla sreanga ag dordghiotáraí nuair a bhíonn réimse níos mó nó fuaim éagsúil ag teastáil.

Stair an Dordghiotáir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dordghiotár le cúig shreang

Sa 1950idí, d'úsáidtí an dord dúbailte chun droichead a dhéanamh ó na drumaí go dtí na huirlisí eile i mbanna ceoil. Ach bhí fadhbanna leis an uirlis seo. Ar dtús, bhí sé mór. Tá timpeall sé troigh ar an dord dúbailte. Rinne sé seo deacair é a bhogadh ó áit go háit. Freisin, bhí sé deacair a sheinm. Gan stiallóga cosúil le giotár, bhí ar an seinnteoir a lán cleachta a dhéanamh chun nótaí a sheinm i dtiúin. Freisin, chuir sé strus mór ar lámha lena sreanga tiubha i bhfad ón méarbhord.

Is é an dordghiotár leath den ghrúpa. Dordghiotáraí a tugtar ar dhuine a sheinneann an uirlis seo. I measc na ndordghiotáraithe cáiliúla, tá Paul McCartney ó The Beatles, Sting ó The Police, Phil Lynott ó Thin Lizzy, Adam Clayton ó U2, Flea ó Red Hot Chili Peppers, John Entwistle ó The Who, Lemmy Kilmister ó Motörhead, agus Dee Dee Ramone ó Ramones.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]