Brian Epstein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Epstein

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Meán Fómhair 1934
Learpholl, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Lúnasa 1967
32 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Ródháileog)
Áit adhlacthaLearpholl Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga na Drámaíochta - aisteoireacht (–1957)
Clayesmore School (en) Aistrigh
Coláiste Wrekin Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó, monaróir, fiontraí, bainisteoir, impreasóir, gníomhaire tallainne, léiritheoir ceirníní Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1961 –
SeánraPopcheol rac
TeangachaBéarla
Lipéad ceoilParlophone Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbrianepstein.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0258432 Rottentomatoes: celebrity/brian_epstein
Musicbrainz: 0ba4cc10-2563-446a-8fb7-9c9521f16ede Discogs: 298528 Allmusic: mn0000995527 Find a Grave: 2679 Cuir in eagar ar Wikidata
Gala du Disque 1965

Fear gnó Sasanach ab ea Brian Samuel Epstein (19 Meán Fómhair 193427 Lúnasa 1967). Bhí cáil air sna 1960idí mar bhainisteoir ar an mbanna rac-cheoil The Beatles, ón bhliain 1961 go dtí a bhás i 1967.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Epstein i Learpholl, Sasana sa bhliain 1934. Bhí siopa troscáin ag a thuismitheoirí Harry agus Malka, áit ina cheannaigh teaghlach Paul McCartney pianó lá amháin. Chuaigh Epstein isteach san airm i 1952, agus ansin rinne sé staidéar ag an Royal Academy of Dramatic Art (RADA), ag an am céanna leis na haisteoirí Peter O'Toole, Susannah Yorke agus daoine eile. Chaill sé a shuim san aisteoireacht, áfach, agus thug a athair post dó sa North East Music Stores (NEMS), ina bhainisteoir ar an roinn na gceirníní. Tar éis tamaill, d'oscail a athair siopa nua freisin agus bhí Epstein ina bhainisteoir ar an ngnó ar fad. Thosaigh a shuim sa cheol ag fás sa phost seo, agus ar an 3 Lúnasa 1961 thosaigh sé ag scríobh a cholún féin san iris Mersey Beat.

The Beatles[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Epstein ag obair i NEMS, tháinig cúpla duine sa siopa ag iarraidh an t-albam a rinne Tony Sheridan leis The Beatles sa Ghearmáin a cheannach. Ni raibh Epstein ábalta é a fháil, áfach. Mar thoradh, chuaigh sé go dtí an Cavern Club i Learpholl lá amháin chun iad a fheiceáil, agus eolas faoin cheirnín seo a fháil. Agus é ag féachaint orthu, bhain Epstein sult as an taispeántas, agus thaitin na Beatles go mór leis mar dhaoine freisin. Ag cruinniú ar an 10 Nollaig 1961, shocraigh an banna go mbeidh Epstein ina bhainisteoir nua orthu. Shínigh siad conradh i dteach drumadóir Pete Best ar an 24 Eanáir 1962.

NBC, 1965

Ní raibh aon taithí ag Epstein, ach ba bhainisteoir láidir é i gceann tamaill. Ar dtús, bhí sé an-deacair dóibh conradh ceoil a fháil i Sasana. Sa deireadh, chuaigh siad go dtí EMI Parlophone, agus bhuail siad leis an léiritheoir George Martin. D'éist Martin leis an banna, agus cheap sé go raibh siad go maith. Ní raibh Martin ró-tógtha le scileanna Pete Best mar dhrumadóir, ámh, agus cuireadh Ringo Starr isteach ina áit.

Chomh maith leis na Beatles, bhí Epstein ag obair le grúpaí agus amhránaithe eile freisin, mar shampla Gerry and the Pacemakers, Billy J. Kramer agus Cilla Black.

A bhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh a shaoil, bhí an-imní ar Epstein go raibh an banna déanta leis. Bhí sé socraithe acu nach mbeadh siad ag dul amach ar chamchuairt arís, agus de bharr sin bhí níos lú le déanamh ag Epstein. Bhí sé ag fulaingt le gruaim freisin. Fear homaighnéasach a bhí ann, rud a choimeád sé faoi rún. Deir daoine éagsúla go raibh caidreamh homaighnéasach idir eisean agus John Lennon, ach níl aon eolas cinnte ar fáil faoi seo.

Fuair Epstein bás ar an 27 Lúnasa 1967 nuair a bhí baill an bhanna sa Bhreatain Bheag leis an Maharishi Mahesh Yogi. Ródháileog ab ea é, ach níltear cinnte gurb é féinmharú a bhí i gceist.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]