Virginia Woolf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Virginia Woolf
Virginia Woolf by George Charles Beresford (1902).jpg
Portráid le George Charles Beresford
Dáta breithe 25 Eanáir, 1882
  Londain, Sasana
Dáta báis 28 Márta, 1941
  Lewes, East Sussex
Náisiúntacht Sasanach
Gairm Úrscéalaí, foilsitheoir, scríbhneoir

Scríbhneoir Sasanach a rugadh i Londain ab ea Adeline Virginia Woolf (25 Eanáir 188228 Márta 1941). Tá ardmheas ag lucht na critice liteartha uirthi mar dhuine de na scríbhneoirí is tabhachtaí de chuid ghluaiseacht na Nua-Aoisí.[1] Fuair sí bás ar an 28 Márta 1941 tar éis di pócaí a cótaí a líonadh le clocha agus siúil isteach san Ábhann Ouse, gar dá háit cónaithe.

Ba phearsa mhór í Virginia Woolf sa tréimhse idir an dá chogadh domhanda, go mórmhór i measc an aois liteartha i Londain Shasana, agus bhí sí ar dhuine de na baill ba cháiliúla de Chumann Bhloomsbury (grúpa liteartha ina raibh E.M. Forster agus John Maynard Keynes páirteach freisin). I measc na saothar is mó le rá aici, tá na húrscéalta Mrs Dalloway (1925), To the Lighthouse (1927) agus Orlando (1925), agus an t-alt A Room of One's Own (1929), inar scríobh sí: "Ní mór do bhean airgead agus seomra dá cuid féin a bheith aici má tá sí chun ficsean a scríobh".[2]

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

A Céad Óige[athraigh | edit source]

Virginia óg ar ghlúin a máthar, le Henry H. H. Cameron, 1884

Rugadh Virginia Adeline Woolf (née Stephen) i Londain Shasana sa bhliain 1882. Rugadh a máthair, spéirbhean chlúiteach a raibh Julia Prinsep Stephen (née Jackson) uirthi, san India sa bhliain 1846 agus b'iad an dochtúir John agus Maria Pattle Jackson a tuismitheoirí. D'aistrigh máthair Virginia Woolf anoir go Sasana sa bhliain 1848,[3] agus beadh ina cuspa d'ealaíontóirí réamh-Rafaeilíteacha le leithéid Edward Burne Jones.[3] Ba staraí aithnidiúil, údar, léirmheastóir agus sléibhteoir é athair Virginia Woolf, Sir Leslie Stephen.[4]

Fuair Virginia Woolf a cuid oideachais óna tuismitheorí sa teach acu, a bhí suite ag 22 Hyde Park Gate,[5] Kensington. Beadh an teach lán de leabhair i gcónaí agus ba chlann í clann Sir Leslie Stephen a raibh neart gaolta agus cairde móra-le-rá aici, go háirithe i measc an aois liteartha. Ba bhaintreach agus baintreach fir iad tuismitheoirí Virginia Woolf nuair a pósadh iad, agus mar thoradh air sin bhí leasleanaí ag an bheirt acu, mar atá, páistí Julia Stephen agus Herbert Duckworth: George Duckworth, Stella Duckworth agus Gerald Duckworth; agus ar an taobh eile bhí iníon Sir Leslie Stephen agus Harriet Marian (Minny) Thackeray (1840–1875): Laura Makepeace Stephen, a raibh éislinn mheabhrach uirthi agus a chónaigh sa teach go dtí gur cuireadh in áras meabhairghalair í sa bhliain 1891.[6] Rugadh ceathrar páiste do Julia agus Leslie Stephen: Vanessa Stephen (1879), Thoby Stephen (1880), Virginia Stephen (1882) agus Adrian Stephen (1883).

Ba thimpeallacht lán de thionchar an aois liteartha Victeoiriaigh é baile Virginia Woolf, as siocair Sir Leslie Stephen a bheith chomh tábhachtach sna hearnálacha léirmheastóireachta, beathaisnéisí agus eagarthóireachta, agus ar a bharr sin ar an nasc pearsanta a bhí aige leis an údar William Makepeace Thackeray (ba í bean Sir Leslie Stephen, Harriet Thackeray, an iníon b'óige de chuid Thackeray). I measc na gcuairteoirí rialta ar an teach, bhí Henry James, George Henry Lewes, Julia Margaret Cameron (aintín Julia Stephen), agus James Russell Lowell, a bhí mar chara Críost oinigh ag Virginia.

Julia Prinsep Stephen le Edward Burne-Jones, 1866

Ní raibh máthair Virginia Woolf gan bhaint aici le pearsana mhóra an lae ach an oiread. Ba bhanghiolla de chuid Marie Antoinette na hOstaire í duine de shinsearaigh Julia Stephen, agus tá a lán banghaolta de chuid Julia (í féin san áireamh) le feiceáil sna phictiúir is ghrianghraif réamh-Rafaeilíteacha, inar oibrigh siad mar chuspaí.

Bhí leabharlann fhairsing chumsitheach sa teach acu, agus b'í seo an áis oideachais ba thábhachtaí a bhí ag Virginia agus ag a deirfiúr Vanessa, mar nach bhfuair siad an t-oideachas foirmiúil a cuireadh ar fáil dá deartháireacha. B'údar éada é seo do Virginia Woolf riamh, agus b'oth léi nár cuireadh í ar chomhchéim leofar, a seoladh chun na Droichid Caim, áit ina bhfuair siad oideachas den chéad scoth.[7]

Dar le cuimhní cinn Virginia Woolf, áfach, nárbh ea Londain, ach St. Ives i gCorn na Breataine an áit a raibh cumha aici dó. Is ann a chaith sí gach samhradh i dteanna a muintire go dtí an bhliain 1895. Tá teach saoire mhuintir Stephen, Talland House, fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann, gidh go bhfuil sé athchóirithe anois i gceithre shó-árasán ag an úinéir nua.[8] Tá tábhacht agus tionchar thírdhreach Chorn na Breataine le sonrú tríd síos shaothair Virginia Woolf, ach tagann an tagairt is starógaí dá bhfuil iontu chun cinn san úrscéal To the Lighthouse, scéal ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le teach solais atá suite cúpla míle amuigh ón chósta. Tá an teach solais féin bunaithe ar an teach solais ag Godrevy, in iarthar Chorn na Breataine.

D'fhulaing Virginia Woolf a céad chliseadh néarógach in aois trí bliana déag di, i ndiaidh bháis tobainn a máthar sa bhliain 1895. Níorbh fhada gur bhuail tubaiste eile muintir Stephen, is é sin, bás leathdheirfiúr Virginia Woolf, Stella Duckworth, dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níorbh iad tubaistí dosheachanta amháin a d'fhág a rian ar anam is ar aigne Virginia Woolf le linn a hóige, áfach. Nochtaigh sí san alt A Sketch of the Past (1939) go mbíodh a dá leathdheartháir, Gerald agus George Duckworth, ag tabhairt drochíde ghnéis uirthi féin agus ar a dheirfiúr Vanessa ar bhonn córasach.

Virginia Woolf i gcuideachta a hathar le George Charles Beresford, 1902

In ainneoin a hanró, áfach, d'éirigh le Virginia cúrsa staidéir a chur i gcrích in ionad na mban i gColáiste an Rí i Londain Shasana. Sna blianta idir 1897 is 1901, rinne Woolf staidéar ar an Ghearmáinis, ar an Laidin, ar an Ghréigis agus sa stair.[9]

Bhí grá agus ómós an domhain ag Virginia Woolf dá hathair Leslie Stephen riamh, agus is dá bharr sin go ndeachaigh a bhás chomh mór i bhfeidhm uirthi nuair a cailleadh é de bharr ailse sa bhliain 1904. D'fhulaing sí cliseadh néarach eile agus bhí an ceann sin chomh tromchúiseach is gur cuireadh í faoi ghlas agus faoi chúram síciatrach ar feadh tamaill.[10] Tar éis bháis Leslie Stephen, d'aistrigh Virginia, a deirfiúr is a beirt leathdheartháir ón seanteach ag Hyde Park Gate go teach eile ag 46 Gordon Square i mBloomsbury (ceantar atá suite i gcroílár Londan Shasana).

Bloomsbury[athraigh | edit source]

Bob HMS Dreadnought. Is í Virginia Woolf an chéad duine ar chlé

Níorbh fhada an lá ó bhog Virginia Woolf agus a muintir chun na háite go raibh a dteach i mBloomsbury ag croílár ghrúpa úr liteartha is ealaíne, mar atá Cumann Bhloomsbury. Thug suíomh áisiúil an tí deis do Virginia óg aithne a chur ar leithidí Lytton Strachey, Clive Bell, Rupert Brooke, Saxon Sydney-Turner, Duncan Grant, Roger Fry agus Leonard Woolf, an fear a bheadh ina fear céile níos deireanaí.

Bhain baill an chumainn áit amach i mbéal an phobail den chéad uair sa bhliain 1910, i ndiaidh dóibh Bob HMS Dreadnought ("The Dreadnought Hoax") a bhualadh ar an Chabhlach Ríoga (cabhlach na Breataine). Is é a tharla ar an lá féin ná gur thug seisear ball den Chumann le tuiscint don Chabhlach Ríoga gur daoine de ríshliocht na hAibisíne a bhí iontu, agus go raibh siad ag iarraidh cigireacht a dhéanamh ar HMS Dreadnought, a bhí feistithe i bPortland, i nDorsetshire. Chuir na cleasaithe dath dorcha ar a gcraiceann agus feisteas "ríoga" orthu, maraon le folt agus féasóga bréagacha. Ba é Horace de Vere Cole, file agus cleasaí cáiliúil a rugadh i mBaile an Churraigh, Contae Chorcaí, ceann feadhna na gcleasaithe. Scríobh Virginia Woolf óráid faoin eachtra atá ar fáil in atheagrú an leabhair The Platform of Time, a foilsíodh sa bhliain 2008.

Traidhfil de bhlianta i ndiaidh dóibh bogadh isteach sa teach nua ag Gordon Square, phós deirfiúr Virginia Woolf, Vanessa, ar an léirmheastóir ealaíne Clive Bell agus b'éigean do Virginia is dá deartháir, Adrian, bogadh amach. Shocraigh siad síos i dteach eile sa cheantar céanna, i bhFitzroy Square, ach ní mó ná sásta a bhí siad faoin tsocrú sin agus ba thréimhse thar a bheith míshásta é do Virginia ach go háirithe.[11] Bhí Virginia go mór in éad lena deirfiúr as siocair í a bheith pósta agus Virginia féin a bheith fágtha ina haonar. Chuir Virginia céiliúr ar Chlive Bell agus chruthaigh sé sin go leor amhrais is drochfhola idir an dá deirfiúr.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin, áfach, sa bhliain 1912, phós Virginia féin ar Leonard Woolf, státseirbhíseach a bhí ar shos sabóideach óna chuid oibre i Srí Lanca, agus, go deimhin, ina bhall de Chumann Bloomsbury. Dúirt Virginia ag an am gur "iúdach gan pingin rua aige"[12] a bhí ann agus thug sí le tuiscint dá cuid cairde go raibh náire uirthi as a bheith pósta ar iúdach. Ina ainneoin sin, áfach, mhair an pósadh go lá a báis agus bhain Virginia idir shult agus shuaimhneas as a bheith in éineacht le Leonard Woolf ar bhonn pearsanta agus gairmiúil. Sa bhliain 1917, chuir an lanúin an Hogarth Press ar bun, foilsitheoir a chuirfeadh gach aon úrscéal de chuid Virginia Woolf i gcló, maraon le saothair ó phinn scríbhneoirí eile, leithéidí T.S. Eliot agus Laurens van der Post.[13]

A gairm bheatha[athraigh | edit source]

Cuireadh tús le gairm Virginia Woolf mar scríbhneoir gairmiúil le halt mar gheall ar Haworth, baile mhuintir Brontë, i san Times Literary Supplement sa bhliain 1900.[9]

Saothair[athraigh | edit source]

Úrscéalta[athraigh | edit source]

  • The Voyage Out (1915)
  • Night and Day (1919)
  • Jacob's Room (1922)
  • Mrs Dalloway (1925)
  • To the Lighthouse (1927)
  • Orlando (1928)
  • The Waves (1931)
  • The Years (1937)
  • Between the Acts (1941)

Cnuasaigh Gearrscéalta[athraigh | edit source]

  • Monday or Tuesday (1921)
  • A Haunted House and Other Short Stories (1944)
  • Mrs Dalloway's Party (1973)
  • The Complete Shorter Fiction (1985)

Beathaisnéisí[athraigh | edit source]

D'fhoilsigh Virginia Woolf trí leabhar ar chur sí "beathaisnéisí" orthu, ach tá easaontú faoin teideal sin a chur orthu, mar gheall ar stíl scríbhneoireachta Woolf, a raibh dlúthbhaint aige le ficsean.

  • Orlando: Beathasnéis (1928) [cuirtear ficsean nó mock biography air seo de ghnáth, ach ba é saol Vita Sackville-West, leannáin Virginia Woolf, a ba spreagadh leis].[14]
  • Flush: Beathaisnéis (1933) [tá sé seo idir dhá sheánra. Is ficsean é sa dóigh is gur scríobhadh é i sruth comhfheasa agus go mbaineann sé le dearcadh madraí, ach is beathaisnéis é sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar shaol a úinéara, mar atá Elizabeth Barrett Browning.]
  • Roger Fry: Beathaisnéis (1940)

Neamhfhicsean[athraigh | edit source]

  • Modern Fiction (1919)
  • The Common Reader (1925)
  • A Room of One's Own (1929)
  • On Being Ill (1930)
  • The London Scene (1931)
  • The Common Reader: Cuid a Dó (1932)
  • Three Guineas (1938)
  • The Death of the Moth and Other Essays (1942)
  • The Moment and Other Essays (1947)
  • The Captain's Death Bed And Other Essays (1950)
  • Granite and Rainbow (1958)
  • Books and Portraits (1978)
  • Women And Writing (1979)
  • Collected Essays (ceithre imleabhar)

Drámaí[athraigh | edit source]

  • Freshwater: Dráma Grinn (curtha ar ardán sa bhliain 1923, athcheartaithe sa bhliain 1935, foilsithe 1976)

Saothair Dírbheathaisnéiseacha[athraigh | edit source]

  • A Writer’s Diary (1953)
  • Moments of Being (1976)
  • A Moment's Liberty: dialann níos lú (1990)
  • The Diary of Virginia Woolf (cúig imleabhar) – Dialann Virginia Woolf ó 1915 go 1941
  • Passionate Apprentice: The Early Journals, 1897–1909 (1990)
  • Travels With Virginia Woolf (1993) – Dialann taistil Virginia Woolf, a scríobhadh faoin Ghréig, eag. Jan Morris
  • The Platform of Time: Memoirs of Family and Friends, eagrán nua, eag. S. P. Rosenbaum (Londain, Hesperus, 2008)

Litreacha[athraigh | edit source]

  • Congenial Spirits: Rogha Litreacha (1993)
  • The Letters of Virginia Woolf 1888–1941 (6 imleabhar, 1975–1980)
  • Paper Darts: The Illustrated Letters of Virginia Woolf (1991)

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Critical Essays on Virginia Woolf", Morris Beja, 1985, Introduction, p.1
  2. "A woman must have money and a room of her own if she is to write fiction." A Room of One's Own (1929) Virginia Woolf.
  3. 3.0 3.1 Julia Prinsep Jackson, c.1856 http://libproxy.smith.edu/libraries/libs/rarebook/exhibitions/stephen/31a.htm
  4. Alan Bell, ‘Stephen, Sir Leslie (1832–1904)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2006
  5. British History Online http://www.british-history.ac.uk/report.aspx?compid=47515
  6. Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon
  7. To the Lighthouse le Virginia Woolf, 1927
  8. Suíomh idirlíne Talland House
  9. 9.0 9.1 http://www.kirjasto.sci.fi/vwoolf.htm
  10. Robert Meyer, 1998, Case Studies in Abnormal Behaviour, Allyn and Bacon
  11. infobritain.co.uk
  12. "Penniless jew", Virginia Woolf, an Inner Life le Julia Briggs, 2005
  13. "The Husband" le Claire Messud, Na New York Times, 10. Mí na Nollag 2006
  14. Chuir mac Vita Sackville-West, Nigel Nicholson, "the longest and most charming love-letter in literature" air