Tony Gregory

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tony Gregory
Tony Gregory.jpg

Teachta Dála (Baile Átha Cliath Láir)
In oifig
Feabhra 1982Eanáir 2009
Réamhtheachtaí: Alice Glenn
Comharba: Maureen O'Sullivan

Dáta breithe 5 Nollaig, 1947
  Baile Átha Cliath
Dáta báis 2 Eanáir, 2009
  Baile Átha Cliath
Páirtí Neamhspleách
Gairm Múinteoir

Ba Theachta Dála neamhspleách de chuid dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir é Tony Gregory (5 Nollaig 1947 - 2 Eanáir 2009[1]). Toghadh é an chéad uair i bhFeabhra 1982 agus d'éirigh leis an suíochán sin a choinneáil go lá a bháis. Bhí sé ar dhuine de na Teachtaí Dála ba cháiliúla go náisiúnta, cé nár ghlac sé páirt in aon rialtas le linn dó a bheith ina pholaiteoir gairmiúil.

Óige agus saol réamhpholaitiúil[athraigh | edit source]

Rugadh é do Tony Gregory Snr., fánaí ar dhuganna Bhaile Átha Cliath agus d'Ellen Judge arbh as feirm bheag in Uíbh Fhailí í. Dúirt sé nuair a bhí sé ina Theachta Dála, gur spreag bochtaineacht a thuistí é le dul le polaitíocht agus ba í a mháthair an duine ba mhó tionchar air go dtí gur bhásaigh sí i 1969. Gnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé óg, rud a chiallaigh go raibh sé in ann freastal ar Mheánscoil Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh, nuair ba bheag duine den lucht oibre ón gceantar sin a bhí in ann oideachas dara leibhéal a fháil mar gheall ar an gcostas. Chaith sé tréimhsí ag obair i Sasana le híoc as a oideachas ollscoile, rud a fuair sé i UCD, agus mhaígh sé féin nár ghlac sé aon pháirt i saol sóisialta na hollscoile mar gheall ar an gcoimhthíos a mhothaigh sé i measc na meánaicme ansin.[2]

D'oibrigh sé mar mhúinteoir Fraincise agus staire i gColáiste Eoin i Stigh Lorgan i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin Oifigiúil agus de Pháirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann ar dtús, ach toghadh é mar ionadaí neamhspleách chun na Dála. Toghadh é mar chomhairleoir cathrach ar dtús i 1979, post a choinnigh sé go dtí 2004.

Margadh Gregory agus a shaol polaitiúil[athraigh | edit source]

Bhain sé cáil náisiúnta amach sa bhliain inar toghadh é chun na Dála an chéad uair, nuair a d'éirigh leis méid mór gealltanas agus airgid a fháil dá dháilcheantar féin ó rialtas Chathail Uí Eochaidh, ceantar a bhí thíos go mór le bochtaineacht agus faillí san am sin. Ba ghá dóibh brath ar a vóta sa Dáil chun móramh rialtais a chruthú, rud ar tugadh "Margadh Gregory" air go coitianta. Ach thit rialtas Uí Eochaidh as a chéile ag deireadh na bliana céanna agus níor cuireadh cuid mhaith den mhargadh i bhfeidhm dá bharr. D'fhan sé ina ghníomhaíoch pobail aitheanta ina dhiaidh sin, go háirithe i gcoinne fhadhb na ndrugaí agus i gcur chun cinn ceartais shóisialta ina dháilcheantar féin. D'íoc sé go daor as a sheasamh polaitiúil ar son na dtrádálaithe sráide i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh i bpríosún é ar feadh roinnt seachtainí tar éis dó a bheith páirteach in agóidí ar a son i 1986. Bhí sé go mór i gcoinne spórt fola chomh maith agus chuir sé bille chun cinn sa Dáil sna 1990idí chun cosc a chur air, ach níor éirigh leis an iarracht.

Saol pearsanta[athraigh | edit source]

Níor phós sé riamh cé go raibh páirtí aige darb ainm Annette agus chónaigh sé go lá a bháis lena aon deartháir, Noel, ag Gairdíní Sackville, sa Bhaile Bocht.

Bás[athraigh | edit source]

Fuair sé bás ó ailse bhoilg ar 2 Eanáir 2009 i ndiaidh dó a bheith go dona tinn le fada.[3]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]