Coláiste Eoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Eoin
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaFiat Justitia Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálGaelcholáiste Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1968
Gníomhaíocht
Líon scoláirí450 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe35 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón01 288 4002 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineoin.eoiniosagain.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Gaelcholáiste dheonach lán-Ghaeilge Chaitliceach faoi iontaobhacht na mBráithre Críostaí is ea Coláiste Eoin, atá suite i mBaile an Bhóthair, i gContae Átha Cliath.[1] Maíonn an scoil go mór as an gcultúr Gaelach.

Tá foirne iománaíochta agus peile fíor rathúla, foirne díospóireachta agus bannaí ceoil thraidisiúnta faoi bhláth sa scoil.

Cé go bhfuil an-bhéim ar na himeachtaí eis-churaclama seo, éiríonn thar barr leis na daltaí sna scrúduithe stáit, tá sé ar cheann de na scoileanna is fearr sa tír ó thaobh torthaí na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh.[2]

Is ón Roinn Oideachas agus Eolaíochta, ó dheontais agus ó bhailiúcháin thuismitheoirí na scoile a fhaigheann an scoil a cuid airgid.

Bhí thart fá 450 buachaill sa scoil sa bhliain 2017 agus foireann de 35 mhúinteoir, le Proinsias de Poire mar phríomhoide na scoile, a tháinig in áit Fhínín Máirtín.

Campas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scoil suite 6km ó lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá foirgnimh bhunaidh Choláistí Eoin agus Íosagáin a tógadh sna 1970aidí fós mar chuid de champas na scoile, eite eolaíochta, eite ealaíne, agus bloc nua thógtha ceithre stór de ranganna, an halla spóirt nua, piniúr liathróid láimhe agus páirc spóirt mhór le páirc pheile agus iománaíochta. Ar an gcéad lá riamh chlúdaigh talamh na scoile achar talún i bhfad níos mó ná an 10 heicteár a chlúdaíonn sé sa lá atá inniu ann, leath sé amach i bhfad tharais na teorainn atá mórthimpeall air anois. Dhíol na Bráithre Críostaí cuid mhaith den talamh seo, áfach, agus forbraíodh ó shin é ina heastáiteanna tithíochta, ina bhlocanna árasáin agus ina óstán.

Foirgnimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foirgnimh nua Choláiste Eoin: an bloc seomraí ranga (ós cionn) agus an halla spóirt.

Bhítí den tuairim go luath sna nóchaidí go raibh foirgneamh aon stór an choláiste a bhí ann ag an am agus a tógadh sna 1970dí, i bhfad róbheag le freastal ar bhorradh luafar agus leathadh na gcoláistí, Eoin agus Íosagáin. Beartaíodh go raibh bloc seomraí ranga nua de dhíth, chomh maith le halla spóirt/ceoláras. Chráigh deacrachtaí, áfach, an tionscadal ó thús de dheasca easpa maoinithe. Ghlac sé na blianta fada agus mórán bailiúcháin deonacha ó thuismitheoirí, iarscoláirí agus baill den phobal chun go sroichfí an staid pleanála fiú. Bhí bac eile ann sa slí is nach rabhthas in ann breis foirgnimh a thógáil ach i gceantar chúil caol den suíomh, toisc nach raibh duine ar bith toilteanach tógáil ar an bpáirc peile a cheadú. Ainneoin na ndeacrachtaí seo, tugadh faoin tógáil ar deireadh shíor i 2001. Dearadh de chuid Ailtirí Ghrafton a glacadh leis, a bhí ag luí go hiomlán le riachtanais na scoile. Cuireadh i gcrích an tionscadal i 2003 agus bronnadh duais mór le rá ar an bhfoirgneamh ag Bronnadh Fhorais Ríoga Ailtirí na hÉireann 2004.

Gníomhaíochtaí Eis-churraclama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá traidisiún láidir Cumann Luthchleasa Gael i gColáiste Eoin. Tá stair rathúil ag an scoil i gcomórtais peile agus iomána le breis is tríocha bliain anuas. Spreagann an scoil scoláirí chun rannpháirtíochta sna cluichí, agus cuirtear ceithre fhoireann san iomaíocht in aghaidh na bliana, foireann céad bliana, faoi 14, faoi 16 agus faoi 18 sna comórtais sainiúla acu.

Thug Coláiste Eoin an lá leo nuair a bhuadar craobh peile Choláistí Bhaile Átha Cliath Sinsearach 'A' i 2006, bua mór le rá a bhí ann toisc an tréimhse fada mí-ádh a tháinig roimhe, nuair a fuarthas an ceann is fearr ar an scoil i sraith fada craobhanna. B'í an fhoireann is iomráití riamh de chuid na scoile, gan amhras, foireann peile shinsearach na bliana 1998 a bhain Craobh na hÉireann amach cé nár thugadar an corn abhaile ar an lá sin. Bhí cúis mórtais eile ag an scoil anuraidh nuair a d'éirigh le foireann faoi 14 na scoile craobh peile Átha Cliath a thabhairt leo don chéad uair riamh i stair an choláiste.

Lean rath na scoile ó thaobh na peile de sa bhliain 2007 nuair a bhuadar don dara huair as a chéile craobh peile Choláistí Bhaile Átha Cliath Sinsireach 'A'. D'éirigh leo an fód a sheasamh agus an teideal a chosaint i gcoinne iarracht fiachmar ó Choláiste Benildus.

Ainneoin seo, ní dírithe ar chluichí de chuid an Chumainn Lúthchleasa Gaeil amháin atá an scoil, ach iad rannpháirtíoch i réimse leathan cluichí: cispheil agus lúthchleasaíocht san áireamh. Aithníodh iarrachtaí an choláiste i 2002 nuair a bhuaigh Seosamh Mac Suibhne craobh na hÉireann sa lúthchleasaíocht trastíre shinsearach ar son na scoile.

Tá cúrsaí cispheile ag teacht chun cinn go mór sa scoil. Sa bhliain 2006 bhain an scoil, sa chéad iarracht acu ar an gcluiche, craobh na hÉireann 'B' sa chispheil san aois ghrúpa faoi 16. Bhí foireann shinsearach san iomaíocht ag an scoil don chéad uair sa bhliain 2007 agus bhaineadar leath chraobh a gcomórtais amach.

Tháinig fás arís ar réimse na gcluichí sa scoil i 2007 nuair a bunaíodh foireann Ultimate frisbee. Bhuaigh an fhoireann an chéad chomórtas riamh acu, comórtas idir-ollscoile i UCD. Tá an fhoireann go mór faoi chomaoin iarscoláire de chuid na scoile agus ball d'fhoireann Ultimate na hÉireann, Cian Ó Móráin, a tháinig i gcabhair ar an bhfoireann mar imreoir is mar thraenálaí.

Ceol agus Drámaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Póstaer don léiriúchan den Táin Bó Cuailgne de chuid Coláiste Eoin a cuireadh sa tsiúil i 2006.

Bhí béim mhór i gcónaí riamh sa scoil ar an gceol traidisiúnta mar ghné lárnach den chur chuige oideachais ilchultúrtha a dhéantar a chraobhscaoileadh sa scoil. Bhí an scoil i gcónaí ina foinse thorthúil ceoltóirí cumasacha, sa tslí is go bhfuil lear mór ceoltóirí móra le rá tar éis teacht ar an bhfód sa Ghaeltacht bheag i mBaile an Bhóthair, leithéidí Kíla agus Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin de chuid na Hothouse Flowers san áireamh.

Leantar leis an dtraidisiún seo fiú sa lá atá inniu ann, áit a chothaítear agus a spreagtar bannaí chun iomaíochta in iliomad comórtais ar nós Siansa (ar a ghlaoití Slógadh tráth), comórtas ceoil traidisiúnta d'óige na tíre. D'éirigh leis an scoil comórtas na bliana 2002 a bhuachan agus bhíodar go minic sa dara háit nó mar sin blianta eile. Bhí an bua arís ag an scoil i gcomórtas na bliana 2007.

B'é 2006 an bhliain gur léiríodh an chéad ceoldráma de chuid na scoile i gceoláras nua Choláiste Eoin, léiriú nua-aimseartha den eipic miotaseolaíochta Éireannach Táin Bó Cuailgne scríofa agus stiúrtha ag Colm Ó Foghlú a bhí ann. B'iad Idirbhliain na scoile i gcomhpháirt le Coláiste Íosagáin a chur an ceoldráma sa tsiúil. Bhí rath agus iomrá iontach ar an dráma, agus díoladh go hiomlán ticéid an cheithre léiriú. Mhúscail an ceoldráma mórán poiblíochta ar son na scoile nuair a cuireadh san áireamh mar ghnéchlár nuachta é ar bhealaí RTÉ, TG4 agus TV3.

Táthar ag súil go leanfar le nós na drámaíochta sa scoil as seo amach de dheasca rath léiriúcháin na bliana 2006 a tháinig ar an bhfód de bharr dhá phríomhchúinse, i dtosach báire go raibh ceoláras nua-thógtha na scoile anois ar fáil agus an dara chúinse go raibh córas idir bhliana sa tsiúil sa scoil ón mbliain 2004, rud a dhéanann freastal ar imeachtaí eis-churaclama.

Chuir Idirbhliain 2006-2007 an dara léiriú de chuid Choilm Uí Foghlú faoi bhráid na scoile sa bhliain 2007. Léiríodh sraith gearrdhrámaí faoin dteideal Opus IV. Ina measc sin bhí dhá dráma trí mheán na Béarla darbh ainm Chatroom agus Mugged agus ceoldráma trí mheán na Gaeilge darbh ainm Luas Carol. Phléigh na drámaí téamaí tromchúiseacha: féinmharú, maistíneacht, dúnmharú agus ísle brí san áireamh.

Díospóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá athéirí ó thaobh gníomhaíochtaí díospóireachta feicthe sa scoil le blianta beaga anuas, i meáin na Gaeilge, na Gearmáinise agus an Bhéarla. Chuir an scoil foireann Sóisearach agus foireann Sinsearach san iomaíocht i gcomórtais bliantúla díospóireachtaí Gaeilge de chuid Gael Linn don chéad uair i naoi mbliana i 2004, áit go raibh rath orthu láithreach, nuair a bhuadar comórtas na sinsear. Lean an fhoireann sóisear ina lorg sa bhliain 2005 nuair a bhuadar féin an comórtas sainiúil acusan. Buadh ar fhoireann na sinsear i gcraobh na bliana 2006. Bhain an fhoireann sóisear amach an chraobh arís sa bhliain 2007.

Tá díospóireachtaí Gearmáinise tar éis teacht ar an bhfód sa scoil chomh maith. Bhí foirne rathúla acu le dhá bhliain anuas, shroich foireann na bliana 2006 leathchraobh na hÉireann go fiú. Tá foireann na bliana seo le dul in adharca le hIarbhunscoil Thrá Lí ar 7 Bealtaine i gcraobh na hÉireann. Tá roinnt beag daltaí tar éis dul san iomaíocht i gcomórtais Béarla chomh maith, agus tá éirithe go maith leo.

Iriseoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le cúpla bliain anuas tá iarracht déanta ag daltaí Choláiste Eoin ar iris scoile a chur chun cinn. Tosaíodh ar iarrachtaí leithéid a chur i gcrích i rith scoilbhliain 2003-2004, nuair a chur dream daltaí nuachtlitir le chéile darbh ainm "Iris Eoin". Foilsíodh go rialta eagráin den nuachtlitir seo go deireadh na scoilbhliana sin.

Ní go dtí scoilbhliain 2005-2006 gur músclaíodh spéis i measc daltaí tabhairt faoin iris scoile a athsheoladh. B'é toradh na hoibre seo ná leagan nua d'Iris Eoin a bhí i bhfad Éireann níos faide agus a phlé réimse leathan ábhair. Cuireadh eagrán na Nollag 2006 de "Iris Eoin" san iomaíocht i gcomórtas iris scoile an Irish Times, ach theip air an chraobh a bhaint amach.

Sa bhliain 2007 rinneadh eagrán de nuachtlitir scoile "An t-Iolar Dóite" a fhoilsiú. (Déanann an t-ainm tagairt don chlúdach a bhí ar eagrán Samhradh '06 d'IrisEoin, ar a raibh léiriú grafaice den suaitheantas scoile, ach go raibh an chuma air go raibh an t-iolar á dhó ag an gclaíomh). Rinneadh tuairisciú ann ar imeachtaí scoile, ach go háirithe craobh peile Átha Cliath faoi-18, a bhí buaite ag foireann na scoile cúpla lá roimh an foilsiú.

Foilsíodh eagrán eile d'Iris roimh Nollaig na bliana 2007, agus díoladh gach ceann de os cionn 350 cóip (bhí ar an scoil athchló a ordú i ndiaidh don chéad 150 cóip bheith imithe taobh istigh de thrí uair an chloig ag Aonach na Nollag). Foilsíodh eagrán eile den t-Iolar Dóite sa bhliain 2007 chomh maith.

I mí na Nollaig 2008, foilsíodh eagráin eile de Iris Eoin, é ag filleadh ar sean leagann an Iris fada, le ailt scríofa ag boill ó gach bliain. Bhí an iris go mór faoi stiúir an fhoireann eagarthóireacht sa chúigiú bliain, a bhí iad fhéin faoi stiúir an Máistir Mac Gabhann, múinteoir Gaeilge sa scoil.

Bannaí Ceoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreagadh i gcónaí an ceol i measc daltaí agus múinteoirí ar aon i gColáiste Eoin mar pháirt lárnach den oideachas oll-chultúrtha a dhéantar a chraobhscaoileadh ann. Is creidiúint don scoil é agus fianaise thorthúlacht na scoile é chomh maith an lear mór bannaí a thosaigh agus iad fós ina ndaltaí sa scoil.

Liam Ó Maonlaí, 1900

Hothouse Flowers[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin a saoil ceoil i gColáiste Eoin, áit ar bhuail siad beirt ar a chéile. Bhí an cáil amuigh orthu, i rith a gcuid ama sa scoil, go gcaithidís a gcuid deireadh seachtainí ag buscáil ar sráideanna chathair Bhaile Átha Cliath mar "The Incomparable Benzini Brothers". D'éirigh go sár-mhaith leo, agus bhuadar gradam do shiamsaíocht sráide laistigh de bhliain. Ní go dtí gur tháinig tríú ball, Peter O'Toole, i gcuideachta na beirte gur athainmníodh an bhanna mar "Hothouse Flowers". Is ag an tráth seo a bhláthaigh an banna ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus áirítear anois iad mar cheann de na grúpaí Éireannacha is rathúla.[3][4][5][6]

Kíla
Moving Hearts
Na Fíréin

Kíla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Kíla i gColáiste Eoin i 1987. B'iad Eoin Dillon, Colm Mac Con Iomaire, Rossa Ó Snodaigh, Rónán Ó Snodaigh, Karl Odlum agus Dave Odlum a bhunaigh an grúpa, agus iad uilig 16 agus 17 mbliana d'aois ag an am. Thuilleadar a gcuid airgid ar dtús trí bhuscáil, toisc nár fhreastail ar a gcéad gigeanna ach líon fíor bheag, chomh híseal le triúr ar uairibh. Le caitheamh roinnt blianta thosaigh ag éirí níos fearr leis an mbanna a fhad is gur tháinig éabhlóid ar leagan amach an bhanna: tháinig Colm Ó Snodaigh, Dee Armstrong, Dave Reidy agus Eoin O’Brien chun seinm leis an mbanna and d'fhág Colm Mac Con Iomaire agus Dave Odlum le bheith ina mbaill dá gcomh bhanna Éireannach "The Frames". Tháinig an banna faoi bhláth sna nóchaidí le sraith ceirníní móra le rá agus gradaim agus tá ag éirí go geal leo go dtí an lá atá inniu ann.

Moving Hearts[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Davy Spillane, ball bunaidh "Moving Hearts", a ghairm píobaireacht uillinn ag aois 12 agus é i gColáiste Eoin. Sa trí bhliain dár lean sheinn sé ag seisiúin agus bhuail sé le mórán ceoltóirí Éireannacha móra le rá. Agus é 16 thosaigh sé ag seinm i gceolchoirmeacha in Éirinn, sa Bhreatain agus san Eoraip. I 1978 cuireadh san áireamh é ar albam píobairí uillinn óga ina raibh mianach iontu darbh ainm "The Piper's Rock". Thart ar 1980 bhunaigh sé "Moving Hearts", banna rac-tíre Éireannach, le cairde leis Christy Moore, Donal Lunny, Declan Sinnott, Keith Donald, Eoghan O'Neill agus Brian Calnan. Rinneadar aithris ar na Horslips sa tslí is gur nascadar ceol traidisiúnta Éireannach le "rock and roll", agus bhí gnéithe jazz le sonrú ina bhfuaim chomh maith.

Na Fíréin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Colm Mac Séalaigh, múinteoir i gColáiste Eoin ón am a bunaíodh é, "Na Fíréin" i Mí na Bealtaine 1984 le comhbhaill Eoin Smith, Gearóid Ó Murchú agus Franny McBride. B'iarracht é an chéad fhíor-racbhanna a chan trí mheán na Gaeilge a chur ar an bhfód. Scríobh Colm féin lear mór d'amhráin an bhanna, an t-amhrán is cáiliúla acu "Tír na nÓg" san áireamh. Is amhrán é atá anois ina chlasaic cultais agus atá ar eolas ag duine ar bith a chaith seal ar chúrsa Gaeltachta le fiche bliain anuas.

The Frames[cuir in eagar | athraigh foinse]

Colm Mac Con Iomaire agus Dave Odlum, beirt a thosaigh ar ghairm an cheoil agus iad i gColáiste Eoin, áit a rabhadar mar bhaill bunaidh de "Kíla", d'fhágadar an banna le dul chun seinnt i gcuideachta "The Frames" i 1990. Is sa bhliain chéanna a bunaíodh an banna, faoi scáth tréimhse torthúil "rock and roll" na luath-90dí i mBaile Átha Cliath. Bhain an banna clú amach ar eisiúint dóibh an dara halbam acu "Fitzcarraldo" agus ó shin tá siad tagtha chun cinn mar cheann de na rac bhannaí Éireannacha is mó le rá. D'fhág Dave Odlum "The Frames" i 2002 le tabhairt faoi léiritheoireacht ceoil, agus oibríonn sé anois go príomhúil ag Black Box Studios in aice Angers sa Fhrainc. D'oibrigh sé ar albam do "The Frames" iad féin mar aon le Gemma Hayes, Josh Ritter, Halite agus Mic Christopher.

Rattle and Hum[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur fearadh fáilte roimh a chomh ceoltóirí i gColáiste Eoin, níorbh amhlaidh d'Uisneaigh Ó Treasaigh. Sheinn sé dordghiotár agus dúil aige sa rac cheol seachas an ceol traidisiúnta a bhí go mór i mbéal pobal Choláiste Eoin, agus dá réir, ní go dtí blianta fada níos déanaí gur fíoradh an aisling aige banna a bhunú. Tháinig an deis ar deireadh nuair a d'fhill sé mar mhúinteoir ar Choláiste Eoin. Bhí suim ag ball eile den fhoireann teagaisc, Micheál Ó Maoileoin, banna ómóis do U2 a bhunú agus dá réir, le cabhair drumadóra agus seinmní giotáir tháinig "Rattle and Hum" ar an bhfód. Tá clú agus iomrá criticiúil iontach faighte ag an mbanna, dearbhaíonn Bono fhéin gurb iad an banna ómóis de chuid U2 is fearr leis iad.[7]

Iarscoláirí / múinteoirí cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dara Ó Briain - Fear grinn
  • Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin - Baill Hothouse Flowers
  • Colm Ó Maonlaí - Aisteoir san iliomad scannán agus cláracha teilifíse, an sobalchlár mór le rá Sasanach, Eastenders, san áireamh.
  • Colm Mac Con Iomaire - Ball The Frames
  • Davy Spillane - Píobaire uillinn agus ball bunaidh Moving Hearts
  • Coman Goggins - Peileadóir Sinsearach Bhaile Átha Cliath
  • Liam Óg Ó hÉineacháin - Peileadóir Sinsearach Bhaile Átha Cliath
  • Shane Ó Ruairc - Iománaí faoi 21 Bhaile Átha Cliath
  • Barry Ó Ruairc - Captaen Iomána Bhaile Átha Cliath, Mionúir 2007, bhuaigh sé Craobh Peile Faoi 21 Uile-Éireann le Baile Átha Cliath i 2010.
  • Aodán De Paor - Iománaí Sinsearach Bhaile Átha Cliath
  • Aengus Ó Snodaigh - Teachta Dála Shinn Féin
  • Tony Gregory (múinteoir) - Teachta Dála neamhspleách
  • Eoin Dillon, Dave Odlum, Karl Odlum, Rossa Ó Snodaigh, Rónán Ó Snodaigh, Colm Ó Snodaigh - Baill Kíla
  • Uisneagh Ó Treasaigh - Ball Rattle and Hum, banna ómóis U2
  • Tristan Rosenstock - Ball Téada
  • Fergal Ó Colmáin - Scórálaí is torthúla 1997/1998 do Ghaillimh Aontaithe
  • Seosamh Mac Suibhne - Reathaí trastíre le foireann DSD agus foireann na hÉireann
  • Conor Ó Rathalaigh - Leas-phríomhrúnaí ar Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUiginn

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Coláiste Eoin. "Coláiste Eoin" (Irish). Coláiste Eoin. Dáta rochtana: 2020-10-02.
  2. "Rangú scoileanna The Irish Times 2005 (síntiús de dhíth)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-10-26. Dáta rochtana: 2007-02-12.
  3. Breandán M Mac Gearailt (21 Márta 2024). "Clár álainn maoithneach faoi bhláthú na Flowers a d’fhás i ngaelcholáiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-21.
  4. RTÉ (2024-03-11). "Hothouse Flowers - scannán bríomhar fuinniúil" (as ga-IE). 
  5. Katie Whelan / RTÉ (2024-03-15). "Fréamhacha, fás agus flúirse: Forbairt na Hothouse Flowers" (as ga-IE). 
  6. Ní raibh an Ghaeilge cúláilte an uair sin agus b’éin chorra iad na daoine seo a bhí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Chuimhin le Fiachna “teannas” de shaghas a bheith ann; buachaillí na Carraige Duibhe ag gabháil thar bráid le freastal ar Choláiste na Carraige Duibhe, é féin ag taisteal chuig Stigh Lorgan. Lena chois sin bhítí ag magadh faoi dhaoine nuair a bhídís ag labhairt as Gaeilge. Tuairisc.ie
  7. "Léirmheasanna Rattle and Hum". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-12. Dáta rochtana: 2007-02-17.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]