An Páirtí Daonlathach (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Páirtí Daonlathach
Pdlogo.png
Ceannasaíocht Ciarán Ó Canáin
Bunaithe 1985
Ceanncheathrú 25 Sráid Frederick Theas, BÁC 2
Idé-eolaíocht Liobrálachas
Cleamhnas ELDR
Dathanna Gorm, glas
Gréasáin progressivedemocrats.ie

Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann é An Páirtí Daonlathach (The Progressive Democrats i mBéarla). Glacadh le rún ag comhdháil speisialta ar 8 Samhain, 2008, chun an páirtí a scor, mar gheall ar thoradh uafásach an pháirtí in Olltoghchán 2007.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an páirtí ag Deasún Ó Máille agus Máire Ní Áirne ar 21 Nollaig 1985. Bhuaigh an páirtí ceithre shuíochán déag i nDáil Éireann i 1987. Bhuaigh siad sé shuíochán i 1989, agus toghadh Pádraig Mac an Choiligh ina Fheisire Eorpach an bhliain chéanna. Chuaigh an páirtí i gcomhrialtas le Fianna Fáil go dtí 1992, agus arís ó 1997 go dtí an lá atá inniu ann.

Bliain Dheireanach agus Scor an Pháirtí[athraigh | edit source]

Bualadh an Páirtí Daonlathach go tubaisteach in Olltoghchán 2007, nuair a laghdaíodh líon na dTeachtaí Dála acu ó 8 go 2. Ba é seo an laghdú ba shuntasaí ar líon na suíochán ó bunaíodh an pháirtí. Bhí a gceannaire, Mícheál Mac Dubhghaill, ina measc siúd a chaill a suíochán agus d'éirigh sé as ceannaireacht an pháirtí ar an bpointe boise, rud a chuir olc ar go leor de lucht an pháirtí ina dhiaidh sin. Ceapadh Máire Ní Áirne mar cheannaire sealadach ar an bpáirtí arís go dtí gur toghadh an Seanadóir Ciarán Ó Canáin mar cheannaire nua a mbeadh sé d'ualach air eagraíocht an pháirtí a thógáil arís ón mbun. Cé gur gheall an Canánach gníomhartha móra chun staid an pháirtí a fheabhsú, ba léir do na boic mhóra sa pháirtí, Máire Ní Áirne ina measc, go raibh raibh sé ar an dé deiridh agus tionóladh comhdháil speisialta sa Mhuileann gCearr ar 8 Samhain, 2008, chun vóta a chaitheamh ar scor an pháirtí. Cé go raibh go leor ball ann a bhí ag maíomh roimhe seo nach raibh siad sásta le caint ar bith faoi dheireadh an pháirtí, glacadh le rún chuige sin le 201 vóta ar a shon agus 160 vóta ina choinne.[1]

Ceannairí[athraigh | edit source]

Leas-Cheannaire[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]