Pádraig Mac an Choiligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pádraig Mac an Choiligh
Pat Cox (2009).jpg

25ú Uachtarán Chomhairle na hEorpa
In oifig
25 Eanáir 200220 Iúil 2004
Réamhtheachtaí: Nicole Fontaine
Comharba: Josep Borrell

Dáta breithe 28 Samhain 1952
  Baile Átha Cliath
Páirtí PD, ELDR

Polaiteoir Éireannach, Teachta Dála, craoltóir agus Iar-Uachtarán Parlaimint na hEorpa é Pádraig Mac an Choiligh (a rugadh ar 28 Samhain, 1952) (Pat Cox as Béarla). Ba bhall d’Fhianna Fáil, an Pháirtí Daonlathach agus an ELDR, grúpa na bhfeisirí Liobrálaigh i bParlaimint na hEorpa, é le linn a shaol pholaitiúil.

Óige[athraigh | edit source]

Rugadh i mBaile Átha Cliath é ar an 28ú Samhain 1952 ach d’fhás sé suas i gCathair Luimnigh, áit a raibh cónaí ar a mhuintir. Tar éis freastal ollscoile i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath dó, ceapadh mar léachtóir san eacnamaíocht agus sa pholataíocht san Fhoras Náisiúnta um Ardoideachais (anois Ollscoil Luimnigh) é sa bhliain 1979.

Thaining sé isteach i bhFianna Fáil chun tacaíoicht a thabhairt do Dheasún Ó Máille, Teachta Dála Luimneach Thoir agus Aire Tionscal agus Trácthála agus sheas sé mar iarrathóir i dtoghacháin áitiúil Chomhairle Cathrach Luimnigh i 1979. Níor éirigh leis suíochán a bhuachaint i Bhárd 1 ar bhruach thuaidh na cathrach.

Ba mar ainilísi polaitiúil ar an stáisiún raidió neamh-oifigiúil Big L i Luimneach a chéad job mar craoltóir agus ghnóthaigh sé ainm dó féin as a thuairiscí faoin dtrí Ollthoghachán i mblianta 1981 agus 1982. Dá bahrr sinn, ceapadh ina iriseoir ar dtús agus ina láiritheoir níos déanaí ar phríomh-chlár polaitiúil an chraoltóra náisiúnta RTÉ, Today Tonight.

Polaiteoir[athraigh | edit source]

Dáil Éireann[athraigh | edit source]

D’fhág Mac an Choiligh RTÉ nuair a bhunaigh Ó Máille le cabhair ó Riobárd Ó Maolluaidh agus Máire Ní Áirne An Páirtí Daonlathach i nidiaidh dá chaitheamh amach as Fianna Fáil ag Cathal Ó hEochaidh. Ba Chox chéad ard-stiúiritheoir an pháirtí nua. Toghadh mar Feisire Parlaimint na hEorpa do cheanntar Mumhan é sa bhlian 1989 agus bhuaigh sé suíocháin i nDáil Éireann i nDáilcheanntar Corcaigh Lár-Theas trí bhliain ina dhiaidh sin.

Nuair a d’éirigh Ó Máille as cinnireacht a pháirtí, sheas Cox i gcoinne Ní Áirne ach buadh air tar éis comhraic an-ghéar. Nuair a tháinig an chéad thoghachán Eorpach eile sa bhlian 1994, ba mhian le Ó Máille go n-éireodh Cox as agus é féin a ainmniú mar an t-aon iarrathóir PD i dtogh-cheanntar na Mumhan.

San Eoraip[athraigh | edit source]

Ós rud é go raibh clú éigin á bhaint amach aige cheana féin i measc an ghrúpa Liobrálach i Strasbourg, dhiúltaigh Mac an Choiligh éirí as a shuíochán. D’fhág se na Daonlathaigh, sheas sé mar iarrathóir neamhspleách agus bhuiagh sé ar a shean-chara Ó Máille. Díreach i ndiaidh a thoghacháin, déirigh sé as mar Theachta Dála Corcaigh Lár-Theas.

Ceapadh mar ceannaire na Liobrálach é sa bhlian 1998 agus nuair tháinig seans an Uachtarántacht na Parlaiminte chucu sa bhlian 2002, bronnadh an gradam ar Chox.

Bhí an-suim aige i leathnú an Aontais Eorpaigh tar éis titim an chumannachais in Oirthear na hEorpa. Chomh maith le sin, d’oibrigh sé go dian chun go bhfaigheadh an Parlaimint tuilleadh thionchar ar chinniúinti Comhairle na nAirí.

Ba le linn Uachtarántacht Mhic an Choiligh ar chaith an Parlaimint Coimisiún Jacques Santer as oifig ar an 15ú Márta 1999 nuair a dhiúltaigh duine den fhoireann, Édith Cresson na Fraince éirí as i ndiaidh coiste fiosrúcháin á cáineadh go géar.

Le leathnú an Aontais, chaill Éire dhá shuíochán sa thionól nua agus, ós rud é ná raibh ach trí chinn acu fágtha i dtogh-cheantar na Mhumhan in áit cúig chinn sa thoghachán roimhe sin, níor sheas sé arís sa bhliain 2004.

Is Uachtarán Gluaiseacht na hEorpa é i láthair na h-uaire.