Domhnach na Fola (1972)
Is éard a bhí i gceist le Domhnach na Fola (Bloody Sunday sa Bhéarla) ná eachtra a tharla i nDoire i dTuaisceart Éireann ar an 30 Eanáir, 1972. Lámhaigh saighdiúirí de chuid na Breataine 26 duine agus iad ag máirseáil i dTaobh an Phortaigh, ar son Chearta Sibhialta. Cailleadh 14 de na daoine seo.
Clár ábhair |
Eachtraí an lae [athraigh]
Cathlán den Parachute Regiment faoin Leifteanant-choirnéal Derek Wilford agus an Captaen Mike Jackson a bhí i mbun na hoibríochta seo. Fuair triúr déag bás (seisear dóibh faoi ocht mbliana déag d'aois), ar an bpointe, agus duine eile 4½ mí níos déanaí de bharr a bheith gortaithe ar an lá seo. Gortaíodh beirt agóidigh nuair a bhuail gluaisteáin de chuid an airm iad. Ní raibh airm ar bith ag éinne de na 26 duine nuair a scaoileadh leo. Piléir sa droim a ghortaigh cúigear díobh.
Fiosrúcháin [athraigh]
Tá dhá fhiosrúchán déanta ag rialtas na Breataine:
- Fiosrúchán Widgery, a rinneadh láithreach: dúirt sé go raibh na saighdiúirí neamhchiontach, níor thug mórán daoine aird nó meas air.
- Fiosrúchán Saville; 1998 - 2010: dúirt go raibh siad ciontach. Ghlac rialtas na Breataine leis an toradh seo.
Tábhacht [athraigh]
Dhá bhliain roimhe seo a thosaigh feachtas na Sealadach ach tháinig borradh agus fás air mar thoradh ar eachtrai an lae seo. Tá Domhnach na Fola ar ceann de na heachtraí is tábhachtaí i stair na dna Trioblóidí i dTuaisceart Éireann: anois bhí arm na Breataine páirteach sna heachtraí agus fuair muintir na tíre amach faoin eachtra go héasca tríd na meán chumarsáide.
Naisc [athraigh]