Brian Friel
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Brian Friel | |
| Dáta breithe | 9 Eanáir, 1929 |
| An Ómaigh, Tír Eoghain, Tuaisceart Éireann | |
| Gairm | Drámadóir |
| Duaiseanna | Saoi (Aosdána) |
Drámadóir clúiteach de chuid na hÉireann is ea Brian Friel (nó Brian Ó Froighil) (rugadh 9 Eanáir, 1929 ins an Ómaigh, Tír Eoghain, Tuaisceart na hÉireann).
Bhí cónaí air ar feadh i bhfad i nDoire sular bhog sé go Tír Chonaill sa bhliain 1967, áit a bhfuil sé ag cur faoi go fóill. Ag deireadh na gcaogaidí is ea a thosaigh an chéad chuid dá shaothar ag teacht ós comhair an phobail. Le léiriú a dhráma Philadelphia, Here I Come (Philadelphia, Táim ag Teacht) sa bhliain 1964, bhain sé amach cáil idirnáisiúnta. Tá iliomad drámaí scríofa aige agus cuid mhaith díobh aistrithe go teangacha iasachta. Rinneadh scannán mór le rá dá dhráma Dancing at Lughnasa (Ag Damhsa Lá Lúnasa).
Tá sé ag saothrú leis agus é ina Saoi de chuid Aosdána.
Saothar [athraigh]
- A Sort of Freedom (neamhfhoilsithe, 1958)
- To This Hard House (neamhfhoilsithe, 1958)
- A Doubtful Paradise (neamhfhoilsithe, 1960)
- The Enemy Within (1962)
- The Blind Mice (neamhfhoilsithe, 1963)
- Philadelphia Here I Come! (1964)
- The Founder Members (neamhfhoilsithe, 1964)
- Three Fathers, Three Sons (neamhfhoilsithe dráma don telifís, 1964)
- Lovers: Winners and Losers (1967)
- Crystal and Fox (1968)
- The Mundy Scheme (1969)
- The Gentle Island (1971)
- The Freedom of the City (1973)
- Volunteers (1975)
- Farewell to Ardstraw (neamhfhoilsithe dráma don BBC, 1976)
- The Next Parish (neamhfhoilsithe dráma don BBC, 1976)
- Living Quarters (1977)
- Aristocrats (1979)
- Faith Healer (1979)
- Translations (1980)
- Three Sisters (Chekhov athchóiriú, 1981)
- American Welcome (neamhfhoilsithe dráma gearr, 1981)
- The Communication Cord (1982)
- Making History (1988)
- Dancing at Lughnasa (1990)
- The London Vertigo (Charles Macklin athchóiriú, 1990)
- A Month in the Country (Turgenev athchóiriú, 1992)
- Wonderful Tennessee (1993)
- Molly Sweeney (1994)
- Give Me Your Answer, Do! (1997)
- Uncle Vanya (Chekhov athchóiriú, 1998)
- The Yalta Game (Chekhov athchóiriú, 2001)
- The Bear (Chekhov athchóiriú, 2002)
- Afterplay (2002)
- Performances (2003)
- The Home Place (2005)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.